English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Meastachán ar na sochair Phinsin

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 9 Samhain 2020
  • An t-eolas is déanaí: 18 Deireadh Fómhair 2021

Tá ráiteas ina mheastachán ar do shochair.


Eolas do mhúinteoirí agus d'fhoireann neamhtheagaiscdul

An bhfuilim i dteideal sochar pinsin faoi scéim na múinteoirí

Féadfaidh tú a bheith i dteideal sochar pinsin má tá tú fostaithe mar mhúinteoir faoi láthair agus ar phárolla na Roinne Oideachais agus Scileanna agus má tá an íosaois bainte amach agat.

An bhfuilim i dteideal sochar pinsin faoi an scéim

Féadfaidh tú a bheith i dteideal sochar pinsin má tá tú fostaith mar bhaill foirne áirithe neamh-mhúinteoireachta (airígh, cúntóirí riachtanas speisialta agus oifigigh chléireachais) faoi láthair agus ar phárolla na Roinne Oideachais agus má tá an íosaois bainte amach agat.

Conas is féidir liom dul isteach sa scéim pinsean

Go ginearálta, féadfaidh aon mhúinteoir ar phárolla na Roinne Oideachais agus Scileanna a bheith ina bhall de scéim pinsean na múinteoirí.

Conas a dhéantar mo shochair phinsin a ríomh

De ghnáth, déantar íocaíochtaí pinsin agus cnapshuime a chinneadh de réir na nithe seo a leanas:

  • seirbhís inphinsin iomlán (faoi réir uasmhéid de 40 bliain) agus
  • luach saothair inphinsin (tuarastal) ar an lá deireanach seirbhíse.

Cad iad na sochair a d’fhéadfadh a bheith i gceist

Pinsean scoir agus cnapshuim

Cén aois ag a bhfuil na sochair iníoctha

  • Má tá tú i "d’Iontrálaí Nua" - 65 bliain d’aois
  • Mura bhfuil tú i d’Iontrálaí Nua – 60 bliain d’aois nó
  • 55 bliain d’aois ar choinníoll go bhfuil 35 bliain de sheirbhís inphinsin iarbhír caite ag an múinteoir

Cé mhéad fógra nach mór dom a thabhairt

Tá feidhm ag íostréimhse fógra trí mhí i gcás an mhúinteora. Cé gurb ionann an íostréimhse fógra agus 3 mhí féilire, ba chóir don bhainistíocht scoile féachaint le comhoibriú na foirne maidir leis an bhfógra is luaithe agus is féidir a thabhairt go bhfuil sé ar intinn acu dul ar scor d’fhonn pleanáil acmhainní agus tráthchlárú a éascú. Mura gcloítear leis an íostréimhse fógra trí mhí, d’fhéadfadh go mbeadh moill ar íocaíocht na sochar pinsin.


Conas Iarratas a Dhéanamh

Chun iarratas a dhéanamh ar ráiteas sochar pinsin, comhlánaigh Foirm Cheiste 1

Foirm Cheiste 1
Chun iarratas a dhéanamh ar ráiteas sochar pinsin
Amharc amharc

agus fill í ar ais chuig:

Rannóg Pinsean

Seoladh: An Roinn Oideachais, Rannóg Pinsean, Corr na Madadh, Baile Átha Luain, Contae na hIarmhí, N37 X659

Ríomhphost: pensions@education.gov.ie

10.30am - 12.30pm go laethúil: (090) 648 4082 or (090) 648 4167

2pm – 4pm go laethúil: (090) 648 4165 or (090) 648 4189

Nóta

Nótáil le do thoil go bpróiseáltar iarratais ar ráitis in ord de réir an dáta ar a bhfuarthas iad agus go dtugtar tosaíocht do scoir atá beartaithe sa scoilbhliain reatha.

Is é an t-aga próiseála faoi láthair i gcomhair iarratas ar ráitis ná suas go 3 mhí nuair a bhíonn an t-eolas go léir faighte.

Tógfaidh iarratais ar ráitis i gcomhair dátaí beartaithe scoir sna scoilbhlianta amach anseo i bhfad níos mó ama. I rith buaicmhíonna an tsamhraidh tugtar tosaíocht níos luaithe do phróiseáil na n-iarratas ar scor atá faighte againn cheana féin ná mar a thugtar d'eisiúint ráiteas i leith sochar. Tá gá leis an gcur chuige seo mar gheall ar ghanntanas na hacmhainne foirne agus chun a chinntiú go bpróiseáltar go tráthúil na sochair dóibh siúd atá ag dul ar scor.


Féach Freisin

Iarratas ar íocaíocht phinsin tríd an bhanc
Foirm Bank 1
Amharc amharc
0045/2011
Minimum Notice Period for Retirement
Amharc amharc