English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Oibreacha Éigeandála

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 28 Deireadh Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 27 Eanáir 2023


Cur Síos

Is é príomhchuspóir na Scéime Oibreacha Éigeandála an infhaighteacht maoinithe le haghaidh oibreacha práinneacha a áirithiú do na scoileanna sin a bhfuil acmhainní ag teastáil go géar uathu mar gheall ar chás éigeandála nó tar éis iarratas rollaithe ó dhalta riachtanas speisialta a fháil.

Is ionann éigeandáil agus cás a bhfuil ina riosca láithreach ar shláinte, shaol, shealúchas nó ar an gcomhshaol a thagann go tobann, gan choinne agus a éilíonn gníomh láithreach agus, i gcás scoile, a chuirfeadh cosc ar an scoil nó cuid di oscailt mura gceartófaí é.


Conas Iarratas a Dhéanamh

Ní mór do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna a dteastaíonn oibreacha éigeandála uathu iarratas a dhéanamh faoin scéim seo tríd an bhFoirm Iarratais ar líne ar Oibreacha Éigeandála a chomhlánú trí chóras Esinet. Is féidir an córas sin a fháil ag https://www.esinet.ie/portal/login.init.action agus is féidir iarratais ar an Scéim Oibreacha Éigeandála a fháil laistigh de chóras Esinet faoin táb dar teideal ‘Tionscadail Dhéabhlóidithe’.

Is ar mhaithe le héigeandálaí gan choinne agus maoiniú a sholáthar chun cuimsiú agus rochtain do dhaltaí riachtanas speisialta a éascú atá an scéim seo amháin. Níl sé beartaithe go n-úsáidfear an scéim seo chun cur le hiarratais roimhe sin faoi scéimeanna eile nár éirigh leo maoiniú a aimsiú. Ní mór an fhaisnéis ábhartha agus tacaíochta ar fad maidir le hiarratas ar Oibreacha Éigeandála a sholáthar chun tacú le d’éileamh ar dheontas éigeandála. Pléifear le gach iarratas ar bhonn aonair.

Sna cásanna go léir, léigh an Ciorclán 0068/2020 seo go cúramach sula gcomhlánaíonn tú foirm iarratais.

0068/2020
Scéim Deontais Oibreacha Éigeandála: Ascnamh chuig Iarratais Ar Líne agus Mionleasuithe ar an Scéim
Amharc amharc

Oibreacha Éigeandála 2022

Schools granted emergency works approvals 2022
01 January to 29 April
Amharc amharc

Teagmháil


Féach Freisin