English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Oibreacha Samhraidh



Cur Síos

Is é cuspóir Scéim na nOibreacha Samhraidh cistiú a dhéabhlóidiú ar údaráis aonair scoile chun gur féidir leo oibreacha tógála ar scála beag a dhéanamh, a d’fhéadfaí a chur i gcrích le linn mhíonna an tsamhraidh nó ag amanna eile nuair nach gcuirfidís isteach ar oibriú na scoile. Faoi théarmaí na scéime, tá an chumhacht ag údaráis scoile na hoibreacha seo a bhainistiú le treoir ón Roinn agus a laghad teagmhála is féidir léi.

Cuirfear cistiú ar fáil do thionscadail ar scála beag de réir na gcritéar tús áite a ghabhann leis an scéim, agus de ghnáth critéar amháin is ea a bheith in ann na hoibreacha a chur i gcrích i gcaitheamh an tsamhraidh.

D'fhógair an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee TD, maidir le Scéim nua Oibreacha Samhraidh ilbhliantúla um Ghníomhú ar son na hAeráide do scoileanna, a osclófar d'iarratais go luath i mí na Bealtaine.

Item was unpublished or removed

Soláthróidh na doiciméid tacaíochta thíos tuilleadh eolais do scoileanna le breithniú agus iarratas á dhéanamh acu ar Oibreacha Samhraidh um Ghníomhú ar son na hAeráide 2026 ar aghaidh.

TUARASCÁIL AN CHOMHAIRLEORA
Download link for Íoslódáil
0029/2025
Is é is cuspóir don CASWS maoiniú a thabhairt d’údaráis aitheanta bunscoile, scoileanna speisialta agus iar-bhunscoile aonair, chun tabhairt faoi oibreacha tógála ar scála beag ar féidir iad a dhéanamh le linn mhíonna an tsamhraidh nó ag amanna eile nuair nach gcuirfear isteach ar oibriú na scoile.
Amharc amharc
10 bPríomhphointe le sonrú agus iarratas á dhéanamh ar Scéim Oibreacha Samhraidh um Ghníomhú ar son na hAeráide 2026 ar aghaidh
Amharc amharc
2026 FAQ'S
Amharc amharc
Nós imeachta agus iarratas á dhéanamh ar Thionscadail Scéim Oibre Samhraidh um Ghníomhú ar son na hAeráide
Amharc amharc
Treoir maidir le Comhairleach a Fháil ag an gCéad Iarratas ar Thionscadal Oibreacha Samhraidh um Ghníomhú ar son na hAeráide
Amharc amharc

Scéim Ilbhliantúil Oibreacha Samhraidh um Ghníomhú ar son na hAeráide (CASWS) 2026 ar aghaidh

Beartaítear go mbeidh sé i gceist le ceaduithe in aon bhliain ar leith raon catagóirí seachas an cur chuige traidisiúnta d’aon chatagóir amháin ag an am. Dírítear é sin ar acmhainn an mhargaidh a bhainistiú agus deiseanna luach ar airgead a uasmhéadú d’údaráis scoile.

Feidhmeoidh an CASWS ar bhonn ilbhliantúil agus fógrófar an chéad tráinse tionscadal in R4 2025 a thosófar i samhradh 2026. Faoin scéim sin, beidh iarratais cheadaithe ó scoileanna nach sroichfear ar chúiseanna maoinithe nó tosaíochta margaidh (mar atá thuas) in 2026 incháilithe lena measúnú chun críocha an mhaoinithe atá ar fáil i gcomhair oibreacha samhraidh um ghníomhú ar son na haeráide sna blianta ina dhiaidh sin.

Faoi SWSanna roimhe seo, glacadh le hiarratais ar thionscadail chun cuimsiú agus rochtain a éascú do dhaltaí nó do bhaill foirne agus tionscadail riachtanas speisialta le haghaidh córais sábháilteachta beatha. Toisc go ndéileáiltear le hiarratais faoin dá cheannteideal sin ar bhonn leanúnach anois faoi Scéim Oibreacha Éigeandála (EWS) na Roinne, níor cheart iarratais ar na hoibreacha sin a dhéanamh faoin CASWS seo.

NB: Ní féidir le scoileanna iarratas a dhéanamh ach ar thionscadal amháin. Déanfar iarratais ar thionscadail iomadúla a neamhbhailíochtú go huathoibríoch agus ní bhreithneofar iad


Scéim na nOibreacha Samhraidh Ilbhliantúla as 2020 amach

Cuirfear tús i samhradh 2020 le scéim nua oibreacha samhraidh ar bhonn ilbhliantúil.

Féach Liosta Scoileanna Faofa 2020

Gheofar tuilleadh faisnéise ar an scéim nua seo i gCiorclán 0027/2019,

0027/2019
Scéim Ilbhliantúil na nOibreacha Samhraidh (SOS) 2020 ar aghaidh
Amharc amharc

Teagmháil

School Remediation Section

Seoladh:
School Remediation Section, Department of Education, Portlaoise Road, Tullamore, R35 Y2NS
Teileafón:
(057) 9324300