Pinsin Cheirde Fhorlíontacha - Múinteoirí agus baill foirne neamhtheagaisc
- Foilsithe: 9 Samhain 2020
- An t-eolas is déanaí: 17 Meán Fómhair 2024
- Cad is Pinsean Ceirde Forlíontach (PCF) ann
- Cathain a bhíonn Pinsean Ceirde Forlíontach le híoc
- Ráta íocaíochta
- Nóta Faisnéise agus foirm iarratais.
Cad is Pinsean Ceirde Forlíontach (PCF) ann
Is éard is Pinsean Ceirde Forlíontach ann an tsuim airgid atá le híoc de réir théarmaí scéimeanna pinsin na múinteoirí/na mball foirne neamhtheagaisc (BFNT) le daoine atá imithe ar scor. Íoctar é le cois an phinsin ceirde sa chás gur íoc múinteoir/BFNT ranníocaíochtaí pinsin comhordaithe ar na bealaí seo a leanas:
- má d’íoc duine ranníocaíochtaí ÁSPC (Aicme A) fad is a bhí sé nó sí ar sheirbhís inphinsin, agus/nó
- cheannaigh sé nó sí, cuir i gcás: seirbhís pháirtaimseartha, ionaid, neamhcháilithe nó lánaimseartha roimh éirí ina b(h)all de scéim pinsin ceirde
Cathain a bhíonn Pinsean Ceirde Forlíontach le híoc
Sula mbaineann duine aois an phinsin stáit amach, tá PCF le híoc sa chás go bhfuil an duine ar scor:
- imithe ar scor agus má tá aois íosta pinsin bainte amach aige nó aici, nó é nó í éirithe as ar bhonn easláinte,
- más ball de scéim pinsin seirbhíse poiblí atá ann cheana é nó í agus má tá na sochair phinsin atá le híoc i leith a leithéid de bhallraíocht comhtháthaithe leis an gcóras árachais shóisialta cheana féin,
- mura bhfuil sé nó sí ag gabháil d’fhostaíocht lánaimseartha ar íocaíocht,
- i mbun pacáiste pinsin foriomlán a fháil (pinsean ceirde agus sochair ábhartha, más cuí) atá níos lú ná an pinsean ceirde a bheadh le híoc, dá mba rud é nár comhtháthaíodh an pinsean ceirde,
Sa chás go bhfuil duine:
Faoi aois an Phinsin Stáit, is den riachtanas é
(i) nach ndearna sé nó sí éileamh ar aon shochar árachais shóisialta nó
(ii) sa chás go ndearna sé nó sí éileamh ar shochar árachais shóisialta, ní foláir nó go bhfuil sé nó sí cáilithe le haghaidh sochair atá níos lú ná an Pinsean Ranníocach Stáit.
Ar bhaint aois an Phinsin Stáit amach dó nó di nó ina dhiaidh sin, caithfidh nach bhfuil sé nó sí i dteideal na sochair ábhartha a fháil, nó más amhlaidh nár éirigh leo cáiliú le haghaidh aon shochar ábhartha ag uasráta an Phinsin Ranníocach Stáit.
- Caithfidh gur de bharr cúinsí nach raibh neart ag an duine orthu nár éirigh leis nó léi cáiliú.
Más pinsean luathscoir neodrach ó thaobh costais de atá i gceist, níl an Pinsean Forlíontach le híoc go dtí go bhfuil 60 nó 65 bliana d’aois bainte amach ag duine i gcás Iontrálaí Nua.
Ráta íocaíochta
Tá an Pinsean Ceirde Forlíontach cothrom leis an difear idir pinsean ceirde iomlán (is é sin, an pinsean a bheadh le híoc dá mba rud é nár cuireadh comhordú i bhfeidhm) agus an comhiomlán:
- den phinsean ceirde iarbhír atá le híoc agus
- den ráta pearsanta de na sochair Leasa Shóisialaigh atá le híoc
Teidlíochtaí páirtaimseartha
Níor cheart go gcuirfí stop le híoc PCF, nó go ndiúltófaí go hiomlán dó, sa chás go dtéann pinsinéir i mbun fostaíocht pháirtaimseartha. Is cuí an méid PCF atá le híoc a ríomh ar bhonn pro rata.
An chaoi ina n-íoctar PCF
Le héifeacht ón 1ú lá de mhí Lúnasa 2024, beidh ar phinsinéirí ar mian leo éileamh a dhéanamh ar PCF iarratas tosaigh a chur isteach chuig aonad na bpinsean agus, ina dhiaidh sin, beidh orthu dearbhú sínithe a chur isteach gach bliain go bhfuil sé ar intinn acu iarratas a chur isteach le go measfaí iad le haghaidh íocaíocht den Phinsean Forlíontach a fháil. Is gnách iarratas den chineál seo a chur isteach ar dhul ar scor do dhaoine nó nuair a bhaineann siad an staid amach ina bhfuil siad incháilithe le haghaidh Pinsean Forlíontach.
Coinníollacha
Nuair a bhronntar Pinsean Forlíontach ort, tá de dhualgas ort Aonad an Phinsin sa Roinn Oideachais a chur ar an eolas nuair a:
a) fhaigheann tú post
b) éiríonn tú i do dhuine féinfhostaithe agus tú faoi dhliteanas ranníocaíochtaí ÁSPC a íoc dá bharr
c) éiríonn tú incháilithe le haghaidh sochair Leasa Shóisialaigh nua/breise
Beidh ar phinsinéirí ar mian leo éileamh a dhéanamh ar PCF, ar bhaint aois an Phinsin Stáit amach dóibh nó ina dhiaidh sin, dearbhú a shíniú tráth chur isteach an iarratais nó ina dhiaidh sin, má iarrann Aonad na bPinsean sa Roinn Oideachais orthu déanamh amhlaidh.