Pinsin: d’fhoireann múinteoireachta agus neamh-mhúinteoireachta
- Foilsithe: 24 Meitheamh 2021
- An t-eolas is déanaí: 25 Feabhra 2025
- Foirm Nua do Cheisteanna ó Chustaiméirí Párolla
- Réamhrá
- Faigh meastachán ar do shochair
- Ag dul ar scor I mbliana
- Ag obair mar mhúinteoir tar éis scoir
- Eolas iar-scoir
- Scéimeanna pinsin
- Foirmeacha iarratais pinsin.
- Teagmháil
Foirm Nua do Cheisteanna ó Chustaiméirí Párolla
Tá an Foirm do Cheisteanna ó Chustaiméirí nua ar fáil dóibh siúd ar mian leo dul i dteagmháil leis an aonad pinsean.
Is foirm ar líne í a bhfuil sé éasca teacht uirthi agus í a chomhlánú. Tabharfar leid duit an t-eolas ar fad a theastaíonn a chur isteach ionas gur féidir leis an Roinn Oideachais a chinntiú go ndéantar gach teagmháil le custaiméir a phróiseáil ar bhealach tráthúil agus gairmiúil.
Is féidir leat freisin aon cheann de na foirmeacha iarratais pinsin ábhartha a chomhlánú agus a cheangal le d'fhoirm ar líne do cheisteanna chuig an aonad pinsean. Is féidir leat teacht ar na foirmeacha iarratais ar phinsean anseo: Item was unpublished or removed
Tabhair do d’aire, le do thoil, má bhaineann do cheist le párolla múinteoirí ar scor, ba chóir duit párolla seachas pinsin a roghnú agus do chuid eolais á chur isteach agat.
Réamhrá
Riarann an Roinn Oideachais scéimeanna pinsin le haghaidh:
- foireann teagaisc (bunscoileanna, meánscoileanna agus scoileanna pobail agus cuimsitheacha) agus
- baill foirne neamhtheagaisc (cúntóirí riachtanas speisialta, oifigigh chléireachais áirithe agus feighlithe áirithe i mbunscoileanna).
Tá ról comhairleach agus rialaitheach ag an Roinn freisin maidir le scéimeanna pinsin sna boird oideachais agus oiliúna (BOOanna), institiúidí teicneolaíochta, ollscoileanna, coláistí oideachais agus comhlachtaí oideachais áirithe.
Faigh meastachán ar do shochair
Úsáid an Samhaltóir Pinsean / Meastóir chun do shochair phinsin ionchasacha a mheas.
Ag dul ar scor I mbliana
Tá foirmeacha faisnéise agus iarratais do mhúinteoirí agus d’fhoireann neamhtheagaisc atá ag pleanáil le dul ar scor ar fáil anseo
Ag obair mar mhúinteoir tar éis scoir
Nuair a fhilleann múinteoir ar scor chun na hoibre san earnáil phoiblí, d'fhéadfadh a p(h)insean a bheith faoi réir laghdaithe.
Ciorclán 24 2022 an RCPA Treoir maidir le hiarratas ar Laghdú ar Phinsin Cheirde na Seirbhíse Poibl
Síneadh ar Laghdú ar Phinsin Seirbhíse Poiblí a Tharscaoilead
Tá síneadh ceadaithe ag an Aire Caiteachais Phoiblí, Seachadta agus Athchóirithe PFN ar an tarscaoileadh teoranta ar laghdú faoi Alt 52(4) den Acht um Pinsin na Seirbhíse Poiblí (Scéim Aonair agus Forálacha Eile) 2012, faoi réir coinníollacha teoranta áirithe.Deonaíodh an tarscaoileadh ar feadh tréimhse 2 bhliain le héifeacht ó Eanáir 2024
Féadfar an tarscaoileadh laghdaithe a chur i bhfeidhm don chéad 50 lá a oibríodh in aon bhliain féilire; chun críche an chiorcláin seo meastar gur oibríodh lá iomlán beag beann ar líon na n-uaireanta / nóiméad a oibríodh ar an lá ar leith sin.
Eolas iar-scoir
Faigh rochtain ar fhaisnéis thábhachtach tar éis scoir, lena n-áirítear:
Scéimeanna pinsin
Sa rannóg seo, cuirtear eolas ar fáil faoi raon cuimsitheach na scéimeanna pinsean atá ar fáil do mhúinteoirí agus don fhoireann neamhtheagaisc.
Tá eolas riachtanach ann maidir le Lámhleabhair Aoisliúntais, roghanna scoir lena n-áirítear Luathscor Neodrach ó thaobh Costais de, agus sochair ar nós Pinsin Bháis agus Fhorlíontacha. Chomh maith leis sin, tá uirlisí ar nós Meastóir Pinsean agus sonraí faoi Scéim Pinsean Aonair na Seirbhíse Poiblí chun cuidiú leat pleanáil le haghaidh do thodhchaí.
Le haghaidh tuilleadh sonraí maidir leis na topaicí seo, féach an nasc atá curtha ar fáil.
Rochtain ar fhaisnéis agus foirmeacha iarratais le haghaidh scéimeanna pinsin.
Foirmeacha iarratais pinsin.
Teagmháil
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Aonad Pinsean ag:
Tá an Foirm do Cheisteanna ó Chustaiméirí nua ar fáil dóibh siúd ar mian leo dul i dteagmháil leis an aonad pinsean.
Is foirm ar líne í a bhfuil sé éasca teacht uirthi agus í a chomhlánú. Tabharfar leid duit an t-eolas ar fad a theastaíonn a chur isteach ionas gur féidir leis an Roinn Oideachais a chinntiú go ndéantar gach teagmháil le custaiméir a phróiseáil ar bhealach tráthúil agus gairmiúil.
Is féidir leat freisin aon cheann de na foirmeacha iarratais pinsin ábhartha a chomhlánú agus a cheangal le d'fhoirm ar líne do cheisteanna chuig an aonad pinsean. Is féidir leat teacht ar na foirmeacha iarratais ar phinsean anseo: Item was unpublished or removed
Tabhair do d’aire, le do thoil, má bhaineann do cheist le párolla múinteoirí ar scor, ba chóir duit párolla seachas pinsin a roghnú agus do chuid eolais á chur isteach agat.
Tá Foirm do Cheisteanna ó Chustaiméirí nua ar fáil dóibh siúd ar mian leo dul i dteagmháil leis an Aonad Pinsean.
Seoladh Ríomhphost: pensions@education.gov.ie
Admhaítear gach ríomhphost nuair a fhaightear é agus déileálfar le do cheist chomh luath agus is féidir.
Uimhir líne theileafóin
0906484189
Luan go hAoine 2.30pm - 5.30pm
Tábhachtach – bíodh d’uimhir PSP in aice láimhe agat le do thoil, le cinntiú gur féidir déileáil le do cheist chomh tapa agus is féidir.
Seoladh: An Roinn Oideachais, Aonad na bPinsean, Cor na Madadh, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí. N37 X659
Ba cheart d’fhoireann na BOOanna, institiúidí tríú leibhéal agus comhlachtaí eile atá faoi choimirce na Roinne dul i dteagmháil leis na Riarthóirí Pinsean ina BOO/institiúid/comhlacht ar leith ar an gcéad dul síos.