English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Poist Fhreagrachta i Scoileanna



COVID-19

Mar gheall ar ghéarchéim COVID-19, leasaíodh ciorclán 03/18 mar atá leagtha amach i Nóta Eolais TTC 0001/2020 maidir le hAgallaimh do Phoist Cheannaireachta agus Bhainistíochta in Iar-bhunscoileanna Aitheanta.

Féach: Ceannaireacht Agus Bainistíocht In Iar Bhunscoileanna

Leasaíodh ciorclán 0044/2019 mar atá leagtha amach i Nóta Eolais TTC 0002/2020.

Féach: Earcú/Ardú Céime agus Ceannaireacht do Mhúinteoirí i mBunscoileanna Aitheanta


Poist Fhreagrachta

Is cuid de struchtúr bainistíochta na scoile iad na poist freagrachta. Is poist iad ina mbíonn ardú céime i gceist agus baineann na teidil Príomhoide, Príomhoide Tánaisteach, Príomhoide Cúnta I agus Príomhoide Cúnta II leo.

Féach: Earcú/Ardú Céime agus Ceannaireacht do Mhúinteoirí i mBunscoileanna Aitheanta

Is cuid de struchtúr bainistíochta na scoile iad na poist freagrachta. Is poist iad ina mbíonn ardú céime i gceist agus baineann na teidil Príomhoide, Príomhoide Tánaisteach, Príomhoide Cúnta I agus Príomhoide Cúnta II leo.


Ceannaireacht agus Bainistíocht i Scoileanna

De ghnáth baineann ceannairí scoile le róil sa cheannaireacht fhoirmiúil ar a n-áirítear múinteoirí le poist freagrachta a mbíonn róil agus freagrachtaí acu a bhaineann go dlúth le riarachán, bainistíocht agus ceannaireacht na scoile. Glactar leis go mbaineann róil cheannaireachta agus bhainistíochta i gcónaí le freastal ar chroí-obair na scoile: foghlaim agus teagasc.


Eolas Tábhachtach

Cineálacha róil agus freagrachtaí atá i gceist

Maidir le poist na bPríomhoidí Cúnta, déantar na róil agus na freagrachtaí is gá do cheannaireacht agus do bhainistíocht éifeachtach na scoile a shocrú trí phróiseas comhairliúcháin idir an Príomhoide an/na Leas-Phríomhoide/í agus an fhoireann teagaisc. Bíonn riachtanais cheannaireachta agus bhainistíochta na scoile agus tosaíochtaí na scoile mar bhonn eolais don phróiseas comhairliúcháin seo.

Bíonn éagsúlachtaí ó scoil go scoil maidir leis na riachtanais cheannaireachta agus bhainistíochta ionscoile agus é seo ag braith ar mhéid na scoile, ar an áit ina bhfuil an scoil lonnaithe agus ar leibhéil ghnóthachtála oideachasúla na ndaltaí.

An moratóir ar phoist freagrachta

Ardaíonn Ciorclán 0044/2019 (Bunoideachas) agus Ciorclán 0003/2018 (Iar-Bhunoideachas) an doichte a bhaineann leis an moratóir fadsheasmhach ar na poist freagrachta.

Poist do Phríomhoidí Cúnta a dháileadh ar scoileanna

Is féidir le húdaráis scoileanna poist do Phríomhoidí Cúnta a líonadh de réir an leithdháileadh atá leagtha amach de Ciorclán 0025/2021(Bunoideachas) agus Ciorclán 0023/2021(Iar-Bhunoideachas).

Sinsearacht

Cuireadh deireadh de réir a chéile leis an tsinsearacht aonair don cheapachán ar Phríomhoidí Cúnta ag an mBunleibhéal.

Ag an Iar-Bhunleibhéal, tá deireadh ag teacht leis an tsinsearcht de réir a chéile, thar thréimhse dhá bhliana, do phoist na bPríomhoidí Cúnta. Le linn na tréimhse seo, is féidir an tseirbhís teagaisc maidir le sinsearacht mhúinteoirí a áireamh mar seo a leanas:

(a) Iar-Bhunscoileanna Deonacha – mar atá in alt D in Aguisín a Dó de Ciorclán PPT 29/02;

(b) Scoileanna BOO – mar atá ag Item was unpublished or removed;

(c) Scoileanna Pobail agus Cuimsitheacha – mar atá ag Item was unpublished or removed.

Na nósanna imeachta do cheapacháin chuig poist freagrachta

Do cheapacháin chuig poist freagrachta ba chóir tagairt dóibh seo a leanas:

Bunleibhéal

Iar-Bhunleibhéal

Íoctar do phost freagrachta

Nuair a bhíonn ceapacháin déanta, ba chóir don Bhord Bainistíochta é sin a chur in iúl don Rannán Párolla sa Roinn


Teagmháil

Teacher and SNAs: Teacher/SNA Terms and Conditions Section

Seoladh:
Teacher/SNA Terms & Conditions, Department of Education, Cornamaddy, Athlone, Co. Westmeath N37 X659
Ríomhphost:

teachersna@education.gov.ie

Teileafón:
(090) 648 3734
Achoimre:
Special Needs Assistants (SNAs) are encouraged to submit queries regarding SNA Leave Schemes to their employers in the first instance. All employers have access to applicable Circulars relating to SNA Leave Schemes. Queries relating to statutory and non-statutory SNAs Leave Schemes can be submitted to Leave Admin Section, Teacher/SNA Terms and Conditions Section at the email address above. Recruitment and Appointment Unit in Teacher/SNA Terms and Conditions Section sets out the recruitment and appointment procedures for SNAs for the primary and post primary sector. Queries should be submitted to PORqueries@education.gov.ie