English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Ráitis Tuarastail / Stair Sheirbhíse: párollaí a oibríonn an Roinn Oideachais

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 22 Deireadh Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025


Conas a iarraim Ráiteas Tuarastail

Ní bhfaighidh tú P60 a thuilleadh ón Roinn Oideachas le haghaidh 2019 nó blianta ina dhiaidh sin. Ina áit sin, ó 1 Eanáir 2020 beidh teacht agat ar Achoimre Sonraí Fostaíochta ar mo moChúrsaí Féadtar teacht air tríd an nasc ‘Déan athbhreithniú ar do cháin’ faoin gcluaisín ‘Seirbhísí ÍMAT’.

Beidh do shonraí pá agus asbhaintí reachtúla don bhliain seo mar a thuairiscigh d'fhostóir nó do sholáthraí pinsin iad, ar fáil san achoimre seo. Féadtar doiciméad a chruthú le féachaint air nó le priontáil más gá. Féadtar an doiciméad a úsáid mar chruthúnas ar ioncam do thríú páirtithe chomh maith.


Conas a iarraim P45, cóip de mo P60 nó Ráiteas Tuarastail

Ba cheart duit na hiarratais sin a chur chuig an réimse ábhartha Párolla. Áirithigh, le do thoil, d’uimhir phárolla / UPSP agus d’uimhir rolla scoile a lua i ngach comhfhreagras.

Ina mhalairt de chás, marcáil d’iarratas ar mhaithe le haird an réimse ábhartha párolla, agus postáil í chuig An Rannóg Párolla, An Roinn Oideachais, Corr na Madadh, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí, N37 X659.


Conas a fhéadaim ráiteas ar mo stair sheirbhíse mar mhúinteoir nó mar chúntóir riachtanas speisialta a fháil

Ba cheart duit aon cheisteanna / iarratais a d’fhéadfadh a bheith agat maidir le do stair sheirbhíse a chur trí r-phost chuig an réimse ábhartha Párolla. Áirithigh, le do thoil, d’uimhir PSP a lua i ngach comhfhreagras.

Ina mhalairt de chás, marcáil d’iarratas ar mhaithe le haird an réimse ábhartha párolla, agus postáil í chuig An Rannóg Párolla, An Roinn Oideachais, Corr na Madadh, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí, N37 X659.

Naisc Ghaolmhara

Seirbhísí párolla d’fhoirne scoileanna

Samhaltoir Pinsean Chomhaltaí Foirne na Scoile