English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Saoire Atharthachta



Saoire Atharachta

Is éard atá i saoire atharthachta ná tréimhse shingil 2 sheachtain íoctha as a chéile a cheadaítear don tuismitheoir ábhartha chun cúram an linbh a sholáthar, nó cabhrú le cúram an linbh nó chun tacaíocht a sholáthar don mháthair nó do thuismitheoir uchtála an linbh de réir mar is cuí, nó an dá rud. Is féidir tús a chur le Saoire Atharthachta ag am ar bith ó dháta breithe nó ó dháta socrúcháin an linbh go dtí 26 seachtaine ina dhiaidh sin, ach i gcás go gcuirtear an tsaoire siar má bhíonn an leanbh san ospidéal.

Múinteoirí

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach an Scéim Saoire Atharachta (PDF, from page 77) atá in Ciorclán 0054/2019 dar teideal 'Scéimeanna Saoire do Mhúinteoirí Cláraithe atá fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-Bhunscoileanna Aitheanta'.

De bharr athruithe reachtaíochta, tá leasú ar an Scéim Saoire Atharthachta. Féach Nóta Faisnéise TC/IN 0012/2024

Cúntóirí Riachtanais Speisialta

Beidh gach cúntóir riachtanas speisialta i dteideal saoire tréimhse 2 sheachtain as a chéile íoctha ar bhreith/uchtáil linbh, i gcás go mbíonn an dáta breithe/an dáta socrúcháin ar an 1 Meán Fómhair 2016 nó ina dhiaidh.

De bharr athruithe reachtaíochta, tá leasú ar an Scéim Saoire Atharthachta do CRSanna, atá in Ciorclán 0058/2016. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Nóta Faisnéise TC/IN 0013/2024.

Gach ball foirne eile seachas múinteoirí agus CRSanna i mBoird Oideachais agus Oiliúna

Chun tuilleadh eolais a fháil féach Ciorclán 0066/2016 dar teideal Item was unpublished or removed

Foireann in Institiúidí Teicneolaíochta

Chun tuilleadh eolais a fháil féach Ciorclán 0069/2016 dar teideal Item was unpublished or removed.


Conas Iarratas a dhéanamh ar Shaoire Atharachta

Múinteoirí

Ní mór do mhúinteoir ar mian leis/léi leas a bhaint as saoire Atharthachta a bhfostóir a chur ar an eolas i scríbhinn 4 seachtaine ar a laghad roimh an dáta tosaithe atá beartaithe. Ní mór an Fhoirm Iarratais ar leathanach 79 de Chiorclán 0054/2019 a chomhlánú chomh luath agus is féidir ach ar a dhéanaí 7 lá tar éis thús na saoire.

Cúntóirí Riachtanais Speisialta

Ní mór do gach cúntóir riachtanas speisialta ar mian leis/léi leas a bhaint as saoire Atharthachta a bhfostóir a chur ar an eolas i scríbhinn 4 seachtaine ar a laghad roimh an dáta tosaithe atá beartaithe. Ní mór an fhoirm iarratais in Aguisín A de Chiorclán 0058/2016 a chomhlánú chomh luath agus is féidir ach ar a dhéanaí 7 lá tar éis thús na saoire.


Teagmháil

Teacher and SNAs: Teacher/SNA Terms and Conditions Section

Seoladh:
Teacher/SNA Terms & Conditions, Department of Education, Cornamaddy, Athlone, Co. Westmeath N37 X659
Ríomhphost:

teachersna@education.gov.ie

Teileafón:
(090) 648 3734
Achoimre:
Special Needs Assistants (SNAs) are encouraged to submit queries regarding SNA Leave Schemes to their employers in the first instance. All employers have access to applicable Circulars relating to SNA Leave Schemes. Queries relating to statutory and non-statutory SNAs Leave Schemes can be submitted to Leave Admin Section, Teacher/SNA Terms and Conditions Section at the email address above. Recruitment and Appointment Unit in Teacher/SNA Terms and Conditions Section sets out the recruitment and appointment procedures for SNAs for the primary and post primary sector. Queries should be submitted to PORqueries@education.gov.ie