Saoire Gan Phá
- Foilsithe: 4 Nollaig 2019
- An t-eolas is déanaí: 17 Deireadh Fómhair 2023
Múinteoirí
Is féidir saoire gan phá a cheadú i gcáscanna eisceachtúla sa chás ina mbíonn an fostóir sásta go bhfuil ceanglas láidir ann a bheith as láthair. 10 lá uasmhéid na laethanta saoire gan phá is féidir a ghlacadh i scoilbhliain amháin.
Le haghaidh tuilleadh eolais, féach an Scéim Saoire gan Phá (PDF, from page 135) atá i gCiorclán 0054/2019 dar teideal “Scéimeanna Saoire do Mhúinteoirí Cláraithe atá fostaithe i mBunscoileanna agus i mBunscoileanna Aitheanta”.
An dóigh le hIarratas a dhéanamh
Ní mór do mhúinteoir an Fhoirm Iarratais in Aguisín A (PDF, from page 137)a chomhlánú agus a sheoladh chuig a f(h)ostóir 6 seachtaine ar a laghad roimh an dáta tosaithe beartaithe.
CRS
Féadfar saoire gan phá le haghaidh neamhláithreachtaí gearrthéarmacha ón scoil a cheadú do chúntóir riachtanas speisialta sa chás, go bhfuil fostóir (i.e. Bord Bainistíochta/Bainisteoir/Bord Oideachais agus Oiliúna) sásta, i gcúinsí eisceachtúla, go bhfuil dea-chúis ann le cúntóir riachtanas speisialta a bheith as láthair ó dhualgas. Féadfar tréimhse saoire gan phá (faoi réir uasmhéid 10 lá in aon scoilbhliain amháin) a cheadú ansin.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi shaoire gan phá do Chúntóirí Riachtanas Speisialta, féach an ciorclán thíos:
Conas Iarratas a Dhéanamh
Ní mór do chúntóirí riachtanas speisialta iarratas i scríbhinn a dhéanamh go díreach chuig a bhfostóir reatha.
Teagmháil
Teacher and SNAs: Teacher/SNA Terms and Conditions Section
- Seoladh:
- Teacher/SNA Terms & Conditions, Department of Education, Cornamaddy, Athlone, Co. Westmeath N37 X659
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
(090) 648 3734
- Achoimre:
- Special Needs Assistants (SNAs) are encouraged to submit queries regarding SNA Leave Schemes to their employers in the first instance. All employers have access to applicable Circulars relating to SNA Leave Schemes. Queries relating to statutory and non-statutory SNAs Leave Schemes can be submitted to Leave Admin Section, Teacher/SNA Terms and Conditions Section at the email address above. Recruitment and Appointment Unit in Teacher/SNA Terms and Conditions Section sets out the recruitment and appointment procedures for SNAs for the primary and post primary sector. Queries should be submitted to PORqueries@education.gov.ie