English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Saoire le haghaidh Cuardaigh agus Tarrthála ar bhonn deonach

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 4 Nollaig 2019
  • An t-eolas is déanaí: 3 Meán Fómhair 2024


Saoire Cuardaigh agus Tarrthála ar bhonn Deonach do Mhúinteoirí

Féadfar saoire speisialta le pá a dheonú do mhúinteoir is ball d’eagraíocht cuardaigh agus tarrthála ar bhonn deonach, má ghlaoitear amach é/í ar oibríocht cuardaigh agus tarrthála.

Chun go bhféadfaidh sé/sí an tsaoire a úsáid, ní mór don mhúinteoir a bheith ina b(h)all de cheann amháin de na heagraíochtaí cuardaigh agus tarrthála ar bhonn deonach seo a leanas:

  • Garda Cósta na hÉireann
  • Institiúid Náisiúnta Ríoga na mBád Tarrthála
  • Seirbhís Tarrthála Cladaigh Pobail
  • Sábháilteacht Uisce na hÉireann
  • Tarrtháil Sléibhe Éireann
  • Eagraíocht Tarrthála Pluaise na hÉireann
  • Cosaint Shibhialta na hÉireann

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Ciorclán 0067/2024 - Saoire Cuardaigh agus Tarrthála ar bhonn Deonach do Mhúinteoirí Cláraithe atá fostaithe i mBunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna Aitheanta


Conas is féidir iarratas a dhéanamh ar Shaoire Cuardaigh agus Tarrthála ar bhonn Deonach

Ní mór don Mhúinteoir an Fhoirm Iarratais in Aguisín A de Chiorclán 0067/2024 a chomhlánú agus í a chur isteach chuig a f(h)ostóir a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná seachtain amháin tar éis don mhúinteoir filleadh ar an obair.


Sonraí Teagmhála

Teacher and SNAs: Teacher/SNA Terms and Conditions Section

Seoladh:
Teacher/SNA Terms & Conditions, Department of Education, Cornamaddy, Athlone, Co. Westmeath N37 X659
Ríomhphost:

teachersna@education.gov.ie

Teileafón:
(090) 648 3734
Achoimre:
Special Needs Assistants (SNAs) are encouraged to submit queries regarding SNA Leave Schemes to their employers in the first instance. All employers have access to applicable Circulars relating to SNA Leave Schemes. Queries relating to statutory and non-statutory SNAs Leave Schemes can be submitted to Leave Admin Section, Teacher/SNA Terms and Conditions Section at the email address above. Recruitment and Appointment Unit in Teacher/SNA Terms and Conditions Section sets out the recruitment and appointment procedures for SNAs for the primary and post primary sector. Queries should be submitted to PORqueries@education.gov.ie