Saoire Mháithreachais
- Foilsithe: 4 Nollaig 2019
- An t-eolas is déanaí: 3 Aibreán 2025
Saoire Mháithreachais
Is ionann saoire mháithreachais agus cineál reachtúil cead neamhláithreachta ón bhfostaíocht do mhúinteoirí agus do chúntóirí riachtanas speisialta.
Múinteoirí
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach an Scéim Saoire Máithreachais (PDF, from page 47)atá i Item was unpublished or removed dar teideal “Scéimeanna Saoire do Mhúinteoirí Cláraithe atá fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna Aitheanta”.
Mar thoradh ar athruithe reachtacha, cuirtear in iúl d’fhostóirí go ndearnadh leasú ar an Scéim Saoire Máithreachais. Féach Nóta Faisnéise TC/IN 0010/2024.
Maidir le sosanna beathú cíche do mhúinteoirí, féach Ciorclán 0052/2023 dar teideal “Sosanna Beathú Cíche do Mhúinteoirí Cláraithe atá fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna Aitheanta”.
Féach Nóta Faisnéise TC/IN 0001/2025 i ndáil le Saoire Mháithreachais a Chur ar Atráth de dheasca Riocht Tromchúiseach Sláinte.
Cúntóirí Riachtanas Speisialta
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Theidlíochtaí Cosanta Máithreachais do Chúntóirí Riachtanas Speisialta, féach Ciorclán 0017/2013 dar teideal ‘Teidlíochtaí Cosanta Máithreachais do Chúntóirí Riachtanas Speisialta’.
Mar thoradh ar athruithe reachtacha, cuirtear in iúl d’fhostóirí go ndearnadh leasú ar Chiorclán 0017/2013 dar teideal ‘Teidlíochtaí Cosanta Máithreachais do Chúntóirí Riachtanas Speisialta’. Féach Nóta Faisnéise TC/IN 0011/2024.
Maidir le sosanna beathú cíche do chúntóirí riachtanas speisialta, féach Ciorclán 0053/2023 dar teideal “Sosanna Beathú Cíche do Chúntóirí Riachtanas Speisialta atá fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna Aitheanta”.
Féach Nóta Faisnéise TC/IN 0002/2025 i ndáil le Saoire Mháithreachais a Chur ar Atráth de dheasca Riocht Tromchúiseach Sláinte.
Conas iarratas a dhéanamh ar Shaoire Mháithreachais
Múinteoirí
Ní mór do mhúinteoirí an Fhoirm Iarratais ar leathanach 57 de Chiorclán 0054/2019 a chomhlánú agus í a chur faoi bhráid a bhfostóra sé seachtaine ar a laghad roimh an dáta tosaithe beartaithe.
Cúntóirí Riachtanas Speisialta
Ní mór do chúntóirí riachtanas speisialta an fhoirm iarratais ar leathanach 11 de Chiorclán 0017/2013 a chomhlánú agus í a sheoladh ar ais chuig a bhfostóir sé seachtaine ar a laghad roimh thús na saoire.
Teagmháil
Teacher and SNAs: Teacher/SNA Terms and Conditions Section
- Seoladh:
- Teacher/SNA Terms & Conditions, Department of Education, Cornamaddy, Athlone, Co. Westmeath N37 X659
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
(090) 648 3734
- Achoimre:
- Special Needs Assistants (SNAs) are encouraged to submit queries regarding SNA Leave Schemes to their employers in the first instance. All employers have access to applicable Circulars relating to SNA Leave Schemes. Queries relating to statutory and non-statutory SNAs Leave Schemes can be submitted to Leave Admin Section, Teacher/SNA Terms and Conditions Section at the email address above. Recruitment and Appointment Unit in Teacher/SNA Terms and Conditions Section sets out the recruitment and appointment procedures for SNAs for the primary and post primary sector. Queries should be submitted to PORqueries@education.gov.ie