English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Saoire Tuismitheora



Saoire do Thuismitheoirí

Is éard atá i saoire do thuismitheoirí ná tréimhse de shaoire reachtúil gan phá atá ar fáil do mhúinteoirí, do CRSanna agus d’fhostaithe eile ar mhaithe le cúram a thabhairt dá leanbh.

Múinteoirí

Déan tagairt don atá in Ciorclán 0054/2019 dar teideal 'Scéimeanna Saoire do Thuismitheoirí (PDF, from page 85)do Mhúinteoirí Cláraithe atá fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna Aitheanta'. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Nóta Faisnéise TC/IN 0010/2023, ina bhfuil na leasaithe ar an Scéim Saoire do Thuismitheoirí do mhúinteoirí.

CRSanna

Déan tagairt do Ciorclán 0027/2013 dar teideal 'Teidlíochtaí Saoire do Chúntoirí Riachtanais Speisialta atá fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna Aitheanta'. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Nóta Faisnéise TC/IN 0011/2023, ina bhfuil na leasaithe ar an Scéim Saoire do Thuismitheoirí do CRSanna.

Foireann Eile

Chun teacht ar eolas ar Theidlíochtaí Saoire do Thuismitheoirí d’fhoireann eile féach na ciorcláin thíos:

Oifigigh chléireachais agus feighlithe fostaithe i mBunscoileanna faoin Scéim 1978/79 agus oifigigh chléireachais fostaithe in Iar-Bhunscoileanna faoin Scéim 1978

Teidlíocht Saoire do Thuismitheoirí do gach ball foirne, seachas múinteoirí agus CRSanna, i mBoird Oideachais agus Oiliúna


Conas iarratas a dhéanamh ar Shaoire do Thuismitheoirí

Múinteoirí

Ní mór do mhúinteoirí an Fhoirm Iarratais ar leathanach 89 de Chiorclán 0054/2019 a chomhlánú agus a chur chuig a bhfostóir 6 seachtaine ar a laghad roimh an dáta tosaithe atá beartaithe.

CRSanna

Ní mór do CRSanna an Fhoirm Iarratais ar leathanach 11 de Chiorclán 0027/2013 a chomhlánú agus a chur chuig a bhfostóir 6 seachtaine ar a laghad roimh an dáta tosaithe atá beartaithe.

Foireann eile

Ní mór d’oifigigh chléireachais agus d’fhostóirí an fhoirm iarratais ar leathanach 10 de Chiorclán 0006/2015 a chomhlánú agus a chur chuig a bhfostóir 6 seachtaine ar a laghad roimh an dáta tosaithe atá beartaithe.

Foireann eile seachas múinteoirí agus CRSanna i mBOOanna

D’fhoireann eile seachas múinteoirí agus CRSanna i mBOOanna féach ciorclán 0030/2017.


Sonraí Teagmhála

Múinteoirí agus CRSanna

Teacher and SNAs: Teacher/SNA Terms and Conditions Section

Seoladh:
Teacher/SNA Terms & Conditions, Department of Education, Cornamaddy, Athlone, Co. Westmeath N37 X659
Ríomhphost:

teachersna@education.gov.ie

Teileafón:
(090) 648 3734
Achoimre:
Special Needs Assistants (SNAs) are encouraged to submit queries regarding SNA Leave Schemes to their employers in the first instance. All employers have access to applicable Circulars relating to SNA Leave Schemes. Queries relating to statutory and non-statutory SNAs Leave Schemes can be submitted to Leave Admin Section, Teacher/SNA Terms and Conditions Section at the email address above. Recruitment and Appointment Unit in Teacher/SNA Terms and Conditions Section sets out the recruitment and appointment procedures for SNAs for the primary and post primary sector. Queries should be submitted to PORqueries@education.gov.ie

Oifigigh chléireachais agus feighlithe

Non-teaching Staff Payroll

Seoladh:
Department of Education, Cornamaddy, Athlone, County Westmeath, N37 X659
Ríomhphost:

ntspayroll@education.gov.ie

Foireann eile seachas múinteoirí i mBOOanna

Ba cheart aon cheisteanna a chur ar dtús chuig hr@etbi.ie le comhthiomsú agus le cur ar aghaidh chuig an Roinn Oideachais nuair is cuí.

Ábhartha

Sosanna/saoire d’fhoireann scoile