English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Saoire Tuismitheora do Mhúinteoirí agus do Chúntóirí Riachtanas Speisialta



Saoire Tuismitheora

Is é is Saoire Tuismitheora ann tréimhse saoire reachtúla neamhíoctha atá ar fáil don tuismitheoir iomchuí chun é/í a chumasú cúram a thabhairt don leanbh nó cabhrú le cúram a thabhairt don leanbh. Ní mór Saoire Tuismitheora a thógáil laistigh de 24 mhí ó dháta breithe an linbh nó, i gcás uchtála, ó lá suímh an linbh.

Múinteoirí

Tá múinteoir, ar tuismitheoir iomchuí le leanbh a rugadh nó a uchtaíodh an 1 Samhain 2019 nó tar éis an dáta sin é/í, i dteideal Saoire Tuismitheora naoi seachtaine ar a mhéad le héifeacht ón 1 Lúnasa 2024, faoi réir critéir cháilitheacha.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Ciorclán 0058/2024 dar teideal ‘An Scéim Saoire Tuismitheora do Mhúinteoirí Cláraithe atá fostaithe i mBunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna Aitheanta’.

Cúntóirí Riachtanas Speisialta

Tá cúntóir riachtanas speisialta, ar tuismitheoir iomchuí le leanbh a rugadh nó a uchtaíodh an 1 Samhain 2019 nó tar éis an dáta sin é/í, i dteideal Saoire Tuismitheora naoi seachtaine ar a mhéad le héifeacht ón 1 Lúnasa 2024, faoi réir critéir cháilitheacha.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Ciorclán 0059/2024 dar teideal ‘An Scéim Saoire Tuismitheora do Chúntóirí Riachtanas Speisialta atá fostaithe i mBunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna Aitheanta’.


Conas iarratas a dhéanamh ar Shaoire Tuismitheora

Múinteoirí

Ní mór do mhúinteoir an Fhoirm Iarratais in Aguisín A den chiorclán iomchuí a chomhlánú agus í a chur chuig a f(h)ostóir (nó í a chur isteach trí chóras an Bhoird Oideachais agus Oiliúna lena mbaineann, nuair is infheidhme) sé seachtaine ar a laghad roimh an dáta tosaithe beartaithe.

Cúntóirí Riachtanas Speisialta

Ní mór do chúntóir riachtanas speisialta an Fhoirm Iarratais in Aguisín A den chiorclán iomchuí a chomhlánú agus í a chur chuig a f(h)ostóir (nó í a chur isteach trí chóras an Bhoird Oideachais agus Oiliúna lena mbaineann, nuair is infheidhme) sé seachtaine ar a laghad roimh an dáta tosaithe beartaithe.


Mionsonraí Teagmhála

Teacher and SNAs: Teacher/SNA Terms and Conditions Section

Seoladh:
Teacher/SNA Terms & Conditions, Department of Education, Cornamaddy, Athlone, Co. Westmeath N37 X659
Ríomhphost:

teachersna@education.gov.ie

Teileafón:
(090) 648 3734
Achoimre:
Special Needs Assistants (SNAs) are encouraged to submit queries regarding SNA Leave Schemes to their employers in the first instance. All employers have access to applicable Circulars relating to SNA Leave Schemes. Queries relating to statutory and non-statutory SNAs Leave Schemes can be submitted to Leave Admin Section, Teacher/SNA Terms and Conditions Section at the email address above. Recruitment and Appointment Unit in Teacher/SNA Terms and Conditions Section sets out the recruitment and appointment procedures for SNAs for the primary and post primary sector. Queries should be submitted to PORqueries@education.gov.ie