English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Saoire Uchtaíoch do Bhaill Foirne Scoile

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 3 Nollaig 2019
  • An t-eolas is déanaí: 18 Meán Fómhair 2023


Saoire Uchtaíoch

Deonaítear Saoire Uchtaíoch do mhúinteoirí agus do chúntóirí riachtanas speisialta ar uchtaitheoirí cáilitheacha iad. Tosaíonn an tsaoire ar an dáta a shuitear an leanbh leis an múinteoir uchtála/leis an gcúntóir riachtanas speisialta uchtála.

Cuimsíonn sí tréimhse 24 seachtaine as a chéile de shaoire reachtúil íoctha agus suas go dtí 16 seachtaine as a chéile ar a mhéad de shaoire reachtúil neamhíoctha bhreise.

Múinteoirí

Féadfaidh múinteoir iarratas a dhéanamh freisin ar Shaoire Uchtaíoch neamhreachtúil neamhíoctha bhreise go dtí deireadh na scoilbhliana, is é sin an 31 Lúnasa.

Chun tuilleadh faisnéise do mhúinteoirí a fháil, féach Ciorclán 0047/2023 dar teideal “An Scéim Saoire Uchtaíche do Mhúinteoirí Cláraithe atá fostaithe i mBunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna Aitheanta”.

Cúntóirí Riachtanas Speisialta

Chun tuilleadh faisnéise do chúntóirí riachtanas speisialta a fháil, féach Ciorclán 0048/2023 dar teideal “An Scéim Saoire Uchtaíche do Chúntóirí Riachtanas Speisialta atá fostaithe i mBunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna Aitheanta”.


Conas iarratas a dhéanamh ar Shaoire Uchtaíoch

Múinteoirí

Ní mór do mhúinteoirí an Fhoirm Iarratais ar leathanach 17 de Chiorclán 0047/2023 a chomhlánú agus í a chur faoi bhráid a bhfostóra sé seachtaine ar a laghad roimh an dáta tosaithe beartaithe.

Cúntóirí riachtanas speisialta

Ní mór do chúntóirí riachtanas speisialta an fhoirm iarratais ar leathanach 16 de Chiorclán 0048/2023 a chomhlánú agus í a sheoladh chuig a bhfostóir sé seachtaine ar a laghad sula dtógfaidh siad an tsaoire.

Baill foirne seachas múinteoirí agus cúntóirí riachtanas speisialta i mBoird Oideachais agus Oiliúna

I gcás baill foirne seachas múinteoirí agus cúntóirí riachtanas speisialta i mBoird Oideachais agus Oiliúna, féach ciorclán [document 12819 ]


Mionsonraí Teagmhála

Teacher and SNAs: Teacher/SNA Terms and Conditions Section

Seoladh:
Teacher/SNA Terms & Conditions, Department of Education, Cornamaddy, Athlone, Co. Westmeath N37 X659
Ríomhphost:

teachersna@education.gov.ie

Teileafón:
(090) 648 3734
Achoimre:
Special Needs Assistants (SNAs) are encouraged to submit queries regarding SNA Leave Schemes to their employers in the first instance. All employers have access to applicable Circulars relating to SNA Leave Schemes. Queries relating to statutory and non-statutory SNAs Leave Schemes can be submitted to Leave Admin Section, Teacher/SNA Terms and Conditions Section at the email address above. Recruitment and Appointment Unit in Teacher/SNA Terms and Conditions Section sets out the recruitment and appointment procedures for SNAs for the primary and post primary sector. Queries should be submitted to PORqueries@education.gov.ie