Scéim iasachta do mhúinteoirí atá fostaithe i mbunscoileanna agus i scoileanna iarbhunoideachais aitheanta chuig eagraíochtaí seachtracha
- Foilsithe: 4 Nollaig 2019
- An t-eolas is déanaí: 17 Aibreán 2023
An Scéim Iasachta
Tá an Scéim Iasachta deartha chun ceapachán sealadach múinteora a éascú do phost in eagraíocht sheachtrach (an eagraíocht óstach), nuair is soiléir go bhfuil an obair atá le déanamh ag an múinteoir ar iasacht ar mhaithe leis an gcóras oideachais nó chun leasa an phobail.
Ní mór iasacht a bhunú ar chomhaontú idir an múinteoir, an fostóir agus an eagraíocht óstach ábhartha.
Tá socruithe iasachta faoi réir ag cead ón Roinn Oideachais nó ón mBord Oideachais agus Oiliúna (BOO) ábhartha.
Le haghaidh faisnéis bhreise a fháil féach ar Chiorclán 0029/2018 dar teideal ‘Scéim Iasachta do Mhúinteoirí Cláraithe i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna Aitheanta’.
Mar gheall ar athruithe reachtaíochta, cuirtear fostóirí ar an eolas faoi leasú ar Chiorclán 0029/2018 dar teideal ‘Scéim Iasachta do Mhúinteoirí Cláraithe i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna Aitheanta’. Féach ar Nóta Faisnéise TC/IN 0003/2023.
Conas cur isteach ar Iasacht
Ní mór do mhúinteoir Cuid 1 den Fhoirm Iarratais (PDF, from page 15) a chomhlánú atá le fáil igCiorclán 0029/2018. Ní mór don eagraíocht óstach Cuid 2 a chomhlánú agus ní mór don fhostóir Cuid 3 den Fhoirm Iarratais a chomhlánú. Ní mór an Fhoirm Iarratais (Codanna 1, 2 agus 3) a bheidh comhlánaithe ina hiomláine a chur isteach chuig an rannán ábhartha sa Roinn (PDF, from page 19)faoin 1ú Bealtaine.
Sonraí Teagmhála
Teacher and SNAs: Teacher/SNA Terms and Conditions Section
- Seoladh:
- Teacher/SNA Terms & Conditions, Department of Education, Cornamaddy, Athlone, Co. Westmeath N37 X659
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
(090) 648 3734
- Achoimre:
- Special Needs Assistants (SNAs) are encouraged to submit queries regarding SNA Leave Schemes to their employers in the first instance. All employers have access to applicable Circulars relating to SNA Leave Schemes. Queries relating to statutory and non-statutory SNAs Leave Schemes can be submitted to Leave Admin Section, Teacher/SNA Terms and Conditions Section at the email address above. Recruitment and Appointment Unit in Teacher/SNA Terms and Conditions Section sets out the recruitment and appointment procedures for SNAs for the primary and post primary sector. Queries should be submitted to PORqueries@education.gov.ie