English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Scéim Seirbhíse Nóiseanúla


Tá Seirbhís Nóiseanúil ina scéim a éascaíonn cúntóirí riachtanas speisialta, airígh áirithe agus oifigigh chléireachais áirithe agus múinteoirí atá ar seirbhís ag a mbeidh níos lú ná 40 bliain de sheirbhís inphinsin ar aois scoir 60 bliain nó ar aois scoir 65 bliain (65 bliain d’aois i gcás iontrálaí nua amháin) seirbhís bhreise phinsin a cheannach.

Déileáiltear leis an tseirbhís bhreise arna ceannach mar sheirbhís iarbhír le linn teidlíochtaí pinsin agus cnapshuime a ríomh agus féadfaidh sí sochair chéilí agus leanaí a chuimsiú.

0129/2006
Purchase of notional service for superannuation purposes
Amharc amharc
Notional Service Purchase Scheme for Teachers – General Information
Guide to the provisions of the purchase of notional service scheme. Teachers must consult the relevant Circular 0129/2006 for the definitive rules.
Amharc amharc

Eolas

Múinteoirí

An bhfuil mé incháilithe

Cáilíonn múinteoirí bunscoile, meánscoile, pobalscoile nó scoil chuimsitheach ar baill iad de Scéim Aoisliúntais na Múinteoirí, agus ar múinteoirí iad atá ag freastal i bpost lánaimseartha nó i bpost de chonradh tréimhse éiginnte, agus a bhfuil sprioceasnamh de 40 bliain seirbhíse acu ag aois scoir 60 nó 65, don scéim seo.

Cad a tharlaíonn má dhéanaim postroinnt

Má thosaíonn tú ag postroinnt beidh tú curtha chun sochair le 182 lá seirbhíse sa bhliain. Féadfaidh tú úsáid a bhaint as an scéim um meas-seirbhíse chun aon sprioceasnamh a cheannach i do sheirbhís pinsin de bharr tú a bheith ag postroinnt tar éis duit dul ar ais chuig obair lánaimseartha nó tar éis 2 bhliain de bheith ag postroinnt má tá sé i gceist agat a bheith ag postroinnt ar bhonn fadtéarmach.

Ní mór an fhoirm NSQ1 a chomhlánú.

Má tá tú ag ceannach meas-seirbhíse cheana féin agus ansin téann tú ag postroinnt, ba cheart duit a chur in iúl do rannóg pinsean na Roinne ar r-phost, agus cinnfidh siadsan má tá do chuid rátaí asbhainte beacht.

Cad a tharlaíonn do mo chuid ranníocaíochtaí pinsin má théim ar shos gairme

Féadtar ranníocaíochtaí pinsin a íoc trí mheas-seirbhís a cheannach do thréimhse an tsosa ghairme, tar éis duit filleadh ar an múinteoireacht nó le linn sos gairme (trí shocruithe a dhéanamh roimh thús an tsosa ghairme le Rannóg Pinsean na Roinne).

Déan tagairt le do thoil don treoir ar an gcostas a bhaineann le meas-seirbhís a cheannach ar an leathanach seo.

Cá mhéad seirbhíse is féidir liom a cheannach

Is é an t-uasmhéid is féidir a cheannach ná an sprioceasnamh ag aois scoir, i.e. má bhíonn múinteoir ag dul ar scor ag aois 60 agus 35 bliain seirbhíse aige/aici, is é 5 bliana an t-uasmhéid is féidir a cheannach.

Cén chaoi a gceannaím meas-seirbhís?

Is féidir meas-seirbhís a cheannach ar dhá bhealach:

Le hasbhaintí tréimhsiúla ón tuarasatal suas go haois 60 nó 65,

Le híocaíocht cnapshuime – is féidir an rogha seo a dhéanamh uair amháin in aon bhliain féilire.

Cén costas a bhaineann le meas-seirbhís a cheannach

Baineann méid sainiúil ar leith le costas meas-seirbhíse de réir gach iarratais agus bíonn sé bunaithe ar na táblaí achtúireacha mar a imlínítear iad i gCiorcal na Roinne 0129/2006.

Bíonn an costas ag brath ar an rogha íocaíochta a dhéantar, ar aois an mhúinteora ag an am a gceannaítear é, ar thuarastal an mhúinteora, más ball é/í de Scéim na gCéilí agus na bPáistí agus a (h)aicme ÁSPC. Tá roinnt srianta ag baint leo seo i gcás nach féidir meas-seirbhís a cheannach le cnapshuim. Déan tagairt don fhaisnéis mhionsonraithe ar na rátaí éagsúla a luaitear i gciorclán 0129/2006 maidir le meas-seirbhís.

Sa chuid seo a leanas, i bhfoirm samplaí ginearálta, tá costálacha de réir cnapshuime agus asbhaintí tréimhsiúla chun bliain amháin (1) de mheas-seirbhís a cheannach do dhaoine ar baill iad den Scéim do Chéilí agus Leanaí, ag íoc ÁSPC aicme “D”.

Tá an luachan a liostaítear, mar threoir amháin, lena léiriú do mhúinteoirí an leibhéal costála a bhaineann le bliain amháin (1) a cheannach ach níl sé le meas mar luachan bheacht ó thaobh meas-seirbhíse a cheannach. San áit a bhfuiltear chun níos mó ná bliain amháin (1) de mheas-seirbhís a cheannach ba cheart na figiúirí treoracha a iolrú faoi líon na mblianta a theastaíonn.

Aois ar an gcéad Bhreithlá eile   Tuarastal PRSI Contribution Class Íocaíocht cnapshuime ag scor ag aois 60 Íocaíocht cnapshuime ag scor ag aois 65 Asbhaintí coicísiúla (costas) ag scor ag aois 60 Asbhaintí coicísiúla (costas) ag scor ag aois 65
50  €50,000  A  €12,650  €12,450 Subject to double the  current rate of the Contributory   old age pension which changes each year. Subject to double the  current rate of the Contributory   old age pension which changes each year.
55 €55,000 A €13,300 €12,210  As above  As above
60 €55,000 A €14,740 €12,815 As above As above
65 €60,000 A n/a €14,220 n/a As above
50 €50,000 D €18,250 €17,450 €55.00 €31.00
50 €55,000 D €20,075 €19,195 €59.00 €34.00
50 €60,000 D €21,900 €20,940 €65.00 €37.00
50 €70,000 D €25,550 €24,430 €75.00 €43.00
55 €50,000 D €16,300 €15,900 €110.00 €47.00
55 €55,000 D €17,930 €17,490 €120.00 €52.00
55 €60,000 D €19,560 €19,080 €132.00 €57.00
55 €70,000 D €22,820 €22,260 €155.00 €65.00
56 €50,000 D €15,950 €15,550 €138.00 €53.00
56 €55,000 D €17,545 €17,105 €152.00 €58.00
56 €60,000 D €19,140 €18,660 €165.00 €63.00
56 €70,000 D €22,330 €21,770 €193.00 €74.00

Cad é an costas atá ar sheirbhís nóiseanúil a cheannach

Tá an costas ag brath ar an rogha íocaíochta arna roghnú, ar aois an chúntóra riachtanas speisialta, an airígh, an oifigigh chléireachais tráth an cheannaigh, ar an tuarastal, ar cé acu an bhfuil sé/sí ina bhall/ball den Scéim Phinsin um Chéilí is Leanaí nó nach bhfuil agus ar a n-aicme ÁSPC. Le haghaidh tuilleadh faisnéise ar na rátaí éagsúla, féach, le do thoil, an imlitir um sheirbhís nóiseanúil 0129/2006.


Conas iarratas a dhéanamh

D’fhonn iarratas a dhéanamh ar luachan seirbhíse nóiseanúla, comhlánaigh Foirm NSO1:

Foirm iarratas NSQ1
iarratas a dhéanamh ar luachan seirbhíse nóiseanúla
Amharc amharc

Cuir ar ais í, le do thoil, chuig:

Rannóg Pinsean

Seoladh: An Roinn Oideachais, Rannóg Pinsean, Corr na Madadh, Baile Átha Luain, Contae na hIarmhí, N37 X659

Ríomhphost: pensions@education.gov.ie

10.30am - 12.30pm go laethúil: (090) 648 4082 or (090) 648 4167

2pm – 4pm go laethúil: (090) 648 4165 or (090) 648 4189


Féach Freisin

0129/2006
Purchase of notional service for superannuation purposes
Amharc amharc