Scéim Sparánacht Oideachas Ceoil Neamh-Phríomhshrutha
- Foilsithe: 22 Eanáir 2020
- An t-eolas is déanaí: 20 Márta 2025
Critéir/Treoirlínte
Tá sé mar aidhm ag an scéim tacaíocht a sholáthar i bhfoirm deontas airgid, do thionscnaimh oideachas ceoil neamh-phríomhshrutha/tionscnaimh ceoil pobail atá bunaithe cheana, ar scála níos lú, a bhfuil rochtain theoranta nó gan aon rochtain acu ar mhaoiniú poiblí de chineálacha eile. Is féidir na deontais a úsáid chun uirlisí, trealamh eile agus teagasc a cheannach. Ní cóir go n-úsáidfí na deontais ar chaiteachas caipitil ar nós costais struchtúracha nó tógála. Is é an buiséad iomlán atá ar fáil i 2025 ná €100,000.
Déanfaidh an Coiste um Oideachas Ceoil Neamh-Phríomhshrutha arna mhaoiniú ag an Roinn Oideachais agus Scileanna na hiarratais a bhreithniú. Tabhair ar aird nach mbaineann bronnadh dheontas Sparánachta ach le 2025 amháin agus go bhfuil an scéim á reáchtáil ar bhonn bliantúil, faoi láthair.
Chun Iarratas a Chur Isteach
Íoslódáil an fhoirm iarratais, clóscríobh agus comhlánaigh gach rannán.
Ní mór iarratais a chur isteach mar cheangaltán ríomhphoist, agus MAR SIN AMHÁIN, chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas nmmebs@education.gov.ie
Dáta deiridh Iarratais 2025: 10 Aibreán 2025
Critéir Roghnúcháin Iarratas
Breithneofar iarratais ó eagraíochtaí/grúpaí a léiríonn na gnéithe seo a leanas:
- Dea-theist sheanbhunaithe maidir le soláthar oideachas ceoil
- Soláthar seirbhíse sa réimse oideachas ceoil/ceol pobail neamh-phríomhshrutha
- Soláthar oideachas ceoil neamh-phríomhshrutha do dhaoine óga 18 mbliana nó níos óige
- Torthaí láidre foghlama do rannpháirtithe
Tabharfar tús áite do na heagraíochtaí/grúpaí siúd ar féidir leo a léiriú go bhfreastalaíonn siad ar ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch.
Cuirfidh inmhianaitheacht na ngnéithe seo a leanas bonn eolais faoinár roghnú moltaí:
- Bheith scaipthe ar fud na tíre, nuair is féidir
- Réimse de sheánraí ceoil
- Cothromaíocht maidir le cuir chuige atá praiticiúil agus teoiriciúil
Grúpaí gan a oiread tosaíochta/grúpaí neamh-incháilithe:
- Ní bheidh scoileanna ná institiúidí eile incháilithe ar iarratas a chur isteach
- Ní chuirfear maoiniú ar fáil ach amháin do thionscnaimh oideachais a bhaineann le ceol neamh-phríomhshrutha lasmuigh den scoil agus curaclam na scoile
- Ní bheidh Comhpháirtíochtaí Oideachas Ceoil atá ag fáil maoiniú Music Generation tráth an iarratas a chur isteach incháilithe ar chur isteach
- Níl comhlachtaí brabúis incháilithe ar iarratas a chur isteach
- Níl daoine óga aonair faoi bhonn 18 mbliana incháilithe ar iarratas a chur isteach
- Níl grúpaí a bhíonn ag seinm ar bhonn gairmiúil incháilithe ar iarratas a chur isteach