Scor Drochshláinte - Múinteoirí agus foireann neamhtheagaisc
- Foilsithe: 5 Samhain 2020
- An t-eolas is déanaí: 4 Samhain 2024
Féadann múinteoir, agus é/í ar sheirbhís inphinsin, iarratas a chur isteach ar shochar pinsin do dhuine scortha ar fhorais mhíochaine. Cuimsíonn an próiseas iarratais measúnú míochaine ag an tSeirbhís Sláinte Ceirde chun a fháil amach an bhfuil an múinteoir ar éagumas ó thaobh sláinte de agus, má tá, an dealraitheach gur éagumas buan atá ann.
Féadfaidh cúntóir riachtanas speisialta, airígh áirithe agus oifigigh chléireachais áirithe a n-íoctar a thuarastal/a tuarastal trí phárolla na Roinne Oideachais roghnú iarratas a dhéanamh ar Scor Drochshláinte tar éis riocht míochaine teacht air/uirthi agus tar éis dó/di teacht den tuairim go bhfuil sé/sí éagumasach go buan agus gur dóigh don éiglíocht míochaine a bheith buan.
Eolas
An bhfuil mé incháilithe
Ní mór do mhúinteoir a bheith i seirbhís inphinsin, 5 bliana de sheirbhís inphinsin iarbhír chomhlánaithe a bheith aige/aici agus ní mór an tinneas teacht air/uirthi le linn dó/di bheith i seirbhís.
Cé a chomhlánaíonn Foirm TMED1
Comhlánaíonn an lia cóireála foirm TMED1 agus soláthraíonn sé/sí tuairisc Dochtúra go Dochtúir. Cuirtear an dá cheann ar ais chuig an Roinn Oideachais. Féadfar Tuairisc Dochtúra Speisialta a chur san áireamh leis an tuairisc Dochtúra go Dochtúir má tá an ball foirne ag freastal ar Dhochtúir Speisialta.
Cuireann an Roinn gach doiciméadúchán ar aghaidh chuig soláthraí Sheirbhís Sláinte Ceirde
An féidir liom tuairiscí liachta a thabhairt liom chuig mo choinne sa tSeirbhís Sláinte Ceirde?
Ní féidir. Ní mór gach tuairisc liachta a sholáthar le foirm TMED1
Fráma ama d’iarratas a chur isteach ar scor ar Fhorais Mhíochaine
Féadann múinteoir iarratas a chur isteach ar shochar pinsin do dhuine scortha ar fhorais mhíochaine más rud é go bhfuil sé/í:
- ag fónamh i bpost inphinsin nó amuigh ar chead faofa neamhláithreachta ó phost dá leithéid, ar a n-áirítear saoire fhaofa gan phá nó neamhláithreacht le Luach Saothair Sealadach Athshlánúcháin, agus
- go bhfuil 5 bliana seirbhíse inphinsin iarbhír tugtha aige/aici.
Ní mhachnófar iarratas ar scor ar fhorais mhíochaine a fhaighfear ó mhúinteoir nach bhfuil i seirbhís inphinsin a thuilleadh agus/nó a bhfuil a c(h)ead neamhláithreachta, ar a n-áirítear neamhláithreacht a bhaineann le breoiteacht, gan a bheith faofa.
Ní mór d’iarratasóirí ar shochar pinsin do dhuine scortha ar fhorais mhíochaine na critéir seo a shásamh agus teacht i láthair chun dul faoi mheasúnú míochaine ag an tSeirbhís Sláinte Ceirde. Braitheann an cinneadh iarratas a cheadú nó a dhiúltú ar mholadh na Seirbhíse Sláinte Ceirde
Múinteoirí
Conas iarratas a dhéanamh
Cuir ar ais iad, le do thoil, chuig:
Rannóg Pinsean
Seoladh: An Roinn Oideachais, Rannóg Pinsean, Corr na Madadh, Baile Átha Luain, Contae na hIarmhí, N37 X659
Ríomhphost: pensions@education.gov.ie
10.30am - 12.30pm go laethúil: (090) 648 4082 or (090) 648 4167
2pm – 4pm go laethúil: (090) 648 4165 or (090) 648 4189
Foireann neamh-mhúinteoireachta
Conas iarratas a dhéanamh
Cuir ar ais iad, le do thoil, chuig:
Rannóg Pinsean
Seoladh: An Roinn Oideachais, Rannóg Pinsean, Corr na Madadh, Baile Átha Luain, Contae na hIarmhí, N37 X659
Ríomhphost: pensions@education.gov.ie
10.30am - 12.30pm go laethúil: (090) 648 4082 or (090) 648 4167
2pm – 4pm go laethúil: (090) 648 4165 or (090) 648 4189