Seirbhísí Párolla do bhaill fhoirne teagaisc, neamhtheagaisc agus pearsanra scortha
- Foilsithe: 2 Iúil 2021
- An t-eolas is déanaí: 17 Feabhra 2025
- Foirm Nua do Cheisteanna ó Chustaiméirí Párolla
- Seirbhísí Párolla
- Coróinvíreass (COVID19) Socruithe Teagmhasacha Gnó na Rannóige Párolla
Cuireann an Roinn seirbhís phárolla ar fáil do bhaill foirne teagaisc agus neamhtheagaisc i mbunscoileanna, i meánscoileanna deonacha agus i scoileanna pobail agus cuimsitheacha. Íoctar le pearsanra scortha tríd an tseirbhís seo freisin.
Más mian leat teagmháil a dhéanamh leis an Rannóg Párolla, cliceáil ar an nasc seo a leanas: Foirm do Cheisteanna ó Chustaiméirí
Foirm Nua do Cheisteanna ó Chustaiméirí Párolla
Tá an Foirm do Cheisteanna ó Chustaiméirí nua ar fáil dóibh siúd ar mian leo dul i dteagmháil leis an aonad párolla maidir le ceisteanna a bhaineann le párolla.
Is foirm ar líne í a bhfuil sé éasca teacht uirthi agus í a chomhlánú. Tabharfar leid duit an t-eolas ar fad a theastaíonn a chur isteach ionas gur féidir leis an Roinn Oideachais a chinntiú go ndéantar gach teagmháil le custaiméir a phróiseáil ar bhealach tráthúil agus gairmiúil.
Seirbhísí Párolla
Roghnaigh ón liosta seirbhísí agus ábhar faisnéise ag an nasc thíos:
Seirbhísí Párolla d’fhoirne teagaisc, d’fhoirne neamhtheagaisc agus pearsanra scortha
Coróinvíreass (COVID19) Socruithe Teagmhasacha Gnó na Rannóige Párolla
De bharr Chinneadh an Rialtais ar bhainistíocht na héigeandála sláinte sna suíomhanna oideachais, tá cianobair ón mbaile curtha i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais d’fhoireann na Roinne. Clúdaíonn sé seo feidhmiú phárollaí foirne na scoileanna ar bhonn cianda.
Leanfaidh an Roinn ag íoc tuarastal agus pinsean le foireann na scoileanna mar is gnách gach coicís.