Sosanna/Saoire
- Foilsithe: 3 Nollaig 2019
- An t-eolas is déanaí: 16 Nollaig 2024
- Saoire Uchtála
- Saoire Bhliantúil agus Laethanta Saoire Phoiblí
- Saoire Mhéala
- Neamhláithreachtaí Gairide
- Sos Gairme
- Saoire Cúramóra
- Coróinvíreas (COVID19)
- Saoire Foréigin Baile
- Laethanta Saoire Pearsanta Breise
- An Scéim Post-Roinnte
- Scéim Neamhláithreachta i ndiaidh ionsaithe
- Saoire Mháithreachais
- Scéim saoire tuismitheora
- Saoire Tuismitheora
- Saoire Atharthachta
- Laethanta Pearsanta
- Saoire Bhreoiteachta
- Saoire Gan Phá
- Saoire Neamhíoctha chun Críocha Cúram Leighis
- Saoire le haghaidh Cuardaigh agus Tarrthála ar bhonn deonach
Saoire Uchtála
Is é is Saoire Uchtála ann, saoire neamhláithreachta reachtúil a bhronntar ar fhostaithe ar uchtaitheoirí cáilithe iad, ag tosú ar dháta socrúcháin an linbh leis an uchtaitheoir cáilithe. Léigh tuilleadh faoi Shaoire Uchtála
Saoire Bhliantúil agus Laethanta Saoire Phoiblí
Is faoin Acht um Eagrú Ama Oibre 1997 a dhéantar an teidlíocht chuig Saoire Bhliantúil Reachtúil agus chuig Laethanta Saoire Poiblí Reachtúla a rialáil. Léigh tuilleadh faoi theidlíochtaí chuig Saoire Bhliantúil agus Laethanta Saoire Poiblí
Saoire Mhéala
Is féidir le fostóir saoire mhéala a dheonú do mhúinteoir nó do CRS má tharlaíonn go bhfaigheann gaol leo bás.
Léigh tuilleadh faoi saoire mhéala.
Neamhláithreachtaí Gairide
Féadfaidh saoire ghairid nó ghearr neamhláithreachta ón scoil teacht chun cinn mar gheall ar imthosca nó cásanna éagsúla i rith na scoilbhliana, mar shampla, mar gheall ar mhéala, ar fhoiche Dé, ar a bheith mar fhinné i gcúirt srl. Féadfaidh neamhláithreachtaí den sórt sin a bheith íoctha nó neamhíoctha / inionadaithe nó neamhinionadaithe. Léigh tuilleadh faoi Neamhláithreachtaí Gairide
Sos Gairme
Tréimhse saoire speisialta gan phá is ea Sos Gairme. Tugtar é chun críche ar leith ar feadh tréimhse nach lú ná 1 scoilbhliain amháin. Léigh tuilleadh faoi Shos Gairme
Saoire Cúramóra
Is saoire neamhláithreachta reachtúil é Saoire Cúramóra chun tréimhse saoire gan phá a cheadú d’fhostaí ionas go bhféadfaidh sé/sí cúram agus aire lánaimseartha a thabhairt do dhuine ábhartha. Léigh tuilleadh faoi Shaoire Cúramóra
Coróinvíreas (COVID19)
COVID-19: Féadfar Saoire Speisialta le Pá a dheonú d’fhostaí a fuair toradh deimhneach ar thástáil COVID-19.
Saoire Foréigin Baile
Féadfaidh an fostóir Saoire Foréigin Baile a dheonú do mhúinteoir nó do chúntóir riachtanas speisialta ar íospartach foréigin baile é/í nó do mhúinteoir nó do chúntóir riachtanas speisialta atá ag tabhairt tacaíocht do dhuine iomchuí.
Laethanta Saoire Pearsanta Breise
Faoi riail 58 de na Rialacha do Scoileanna Náisiúnta, tá múinteoirí bunscoile i dteideal Saoire Pearsanta Breise (EPV) mar thoradh ar fhreastal ar chúrsaí samhraidh ceadaithe. Léigh tuilleadh faoi Shaoire Phearsanta Breise (EPV)
An Scéim Post-Roinnte
Is é cuspóir na Scéime Postroinnte cuidiú le fostaithe gealltanais oibre agus freagrachtaí/roghanna pearsanta a chomhcheangal. Léigh tuilleadh faoin Scéim Poistroinnte
Scéim Neamhláithreachta i ndiaidh ionsaithe
Féadfar cead neamhláithreachta a dheonú d’fhostaí nach bhfuil in ann a c(h)uid dualgas a chomhlíonadh mar thoradh ar dhíobháil choirp tar éis ionsaí a tharla le linn dó/di a bheith ag gabháil dá c(h)uid dualgas agus le linn gníomhaíochtaí scoile ceadaithe. Léigh tuilleadh faoi Shaoire Neamhláithreachta tar éis Ionsaithe
Saoire Mháithreachais
Tá fostaí atá ag súil le leanbh agus a bheireann leanbh beo i dteideal Saoire Máithreachais reachtúla le pá ar feadh 26 seachtaine chomh maith le Saoire Máithreachais reachtúla breise gan phá ar feadh 16 seachtaine as a chéile ar a mhéid. Léigh tuilleadh faoi Shaoire Mháithreachais
Scéim saoire tuismitheora
Is éard atá i Saoire Tuismitheora ná tréimhse saoire reachtúil gan phá atá ar fáil do thuismitheoir ábhartha le cur ar a c(h)umas cúram a sholáthar do leanbh, nó cuidiú leis an gcúram Léigh tuilleadh faoi shaoire tuismitheora
Saoire Tuismitheora
Is é atá i gceist le Saoire Thuismitheoireachta ná tréimhse saoire reachtúla gan phá atá ar fáil d'fhostaí chun cúram a thabhairt dá leanbh. Léigh tuilleadh faoi Shaoire Thuismitheoireachta
Saoire Atharthachta
Tréimhse reachtúil 2 sheachtaine as a chéile is ea Saoire Atharthachta chun ligean don tuismitheoir lena mbaineann saoire le pá a ghlacadh d'fhonn cúram a thabhairt nó cabhrú chun cúram a thabhairt don leanbh, nó chun tacú leis an máthair nó leis an tuismitheoir atá ag uchtáil an linbh de réir mar a bheidh, nó an dá rud. Léigh tuilleadh faoi Shaoire Atharthachta
Laethanta Pearsanta
Féadfaidh bainistíocht meánscoile deonaí agus scoile pobail & scoile cuimsithí deonaí saoire speisialta a thabhairt do mhúinteoir ar feadh cúig lá scoile ar a mhéid i scoilbhliain ar chúis ar bith a mheasann siad a bheith leordhóthanach. Ní íocann an Roinn Oideachais as clúdach ionadaithe. Léigh tuilleadh faoi Laethanta Saoire Pearsanta
Saoire Bhreoiteachta
Féadfar Saoire Bhreoiteachta a dheonú d’fhostaí nach bhfuil in ann a c(h)uid dualgas a chomhlíonadh mar gheall ar bhreoiteacht nó ghortú. Léigh tuilleadh faoi Shaoire Bhreoiteachta
Saoire Gan Phá
Is féidir Saoire gan phá a thabhairt i gcásanna eisceachtúla más deimhin leis an bhfostóir go bhfuil ceanglas láidir ann a bheith as láthair. Léigh tuilleadh faoi Shaoire Gan Phá
Saoire Neamhíoctha chun Críocha Cúram Leighis
Féadfaidh an fostóir Saoire Neamhíoctha chun Críocha Cúram Leighis a dheonú do mhúinteoir nó do chúntóir riachtanas speisialta chun cúram pearsanta nó tacaíocht phearsanta a thabhairt do dhuine incháilithe ar chúis thromchúiseach leighis.
Léigh tuilleadh faoi Saoire Neamhíoctha chun Críocha Cúram Leighis
Saoire le haghaidh Cuardaigh agus Tarrthála ar bhonn deonach
Is féidir Saoire Speisialta le pá a thabhairt do mhúinteoir atá ina bhall d’eagraíocht dheonach cuardaigh agus tarrthála a ghlaoitear amach ar oibríocht chuardaigh agus tarrthála. Léigh tuilleadh faoi Shaoire le haghaidh Cuardaigh agus Tarrthála ar bhonn deonach
Féach Freisin
- Scéimeanna Saoire do Mhúinteoirí Cláraithe atá fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-Bhunscoileanna Aitheanta
- Leabhar Gréasáin Cartlainne
Teagmháil
Teacher and SNAs: Teacher/SNA Terms and Conditions Section
- Seoladh:
- Teacher/SNA Terms & Conditions, Department of Education, Cornamaddy, Athlone, Co. Westmeath N37 X659
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
(090) 648 3734
- Achoimre:
- Special Needs Assistants (SNAs) are encouraged to submit queries regarding SNA Leave Schemes to their employers in the first instance. All employers have access to applicable Circulars relating to SNA Leave Schemes. Queries relating to statutory and non-statutory SNAs Leave Schemes can be submitted to Leave Admin Section, Teacher/SNA Terms and Conditions Section at the email address above. Recruitment and Appointment Unit in Teacher/SNA Terms and Conditions Section sets out the recruitment and appointment procedures for SNAs for the primary and post primary sector. Queries should be submitted to PORqueries@education.gov.ie