Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Straitéis Sláinte Ceirdre


Tá Straitéis Sláinte Ceirde i bhfeidhm mar acmhainn thacúil do mhúinteoirí agus do chúntóirí riachtanas speisialta agus d’oifigigh chléireachais agus d’fheighlithe atá fostaithe i mBunscoileanna faoi Scéim 1978/79 agus d’oifigigh chléireachais atá fostaithe in Iar-bhunscoileanna faoi Scéim 1978.

Is é aidhm na straitéise seo sláinte fostaithe a chur chun cinn ina n-ionad oibre, ag díriú go príomha ar chosc seachas leigheas. Is é atá sa Straitéis Sláinte Ceirde ná an Clár Cúnaimh agus Folláine d’Fhostaithe (EAWP) agus an tSeirbhís Sláinte Ceirde (OHS).

Seirbhís Sláinte Ceirdre

Tá an tSeirbhís Sláinte Ceirde i bhfeidhm chun comhairle sláinte ceirde a thabhairt d’fhostóirí maidir le measúnuithe leighis réamhfhostaíochta agus maidir le feidhmiúlacht leighis fostaí chun oibre faoi théarmaí agus coinníollacha na Scéime Saoire Breoiteachta.

Tá an Fostóir, Medmark Limited, ar Soláthraí na Seirbhíse Sláinte Ceirde é, agus an Roinn Oideachais ina Rialaitheoirí Comhpháirteacha Sonraí a mhéid a bhaineann le próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta agus ar shonraí pearsanta catagóire speisialta i ndáil leis an tSeirbhís Sláinte Ceirde. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach an ciorclán thíos.

An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) – Freagrachtaí na Rialaitheoirí Sonraí i leith na Seirbhíse Sláinte Ceirde

Féach Nóta Faisnéise TC/IN 0006/2025, ina leagtar amach na nósanna imeachta athbhreithnithe is infheidhme faoi Rannán 2.3.2 den Lámhleabhar Nósanna Imeachta d’Fhostóirí – An tSeirbhís Sláinte Ceirde do Mhúinteoirí.

Féach Nóta Faisnéise TC/IN 0007/2025, ina leagtar amach na nósanna imeachta athbhreithnithe is infheidhme faoi Rannán 2.3.2 den Lámhleabhar Nósanna Imeachta d’Fhostóirí – An tSeirbhís Sláinte Ceirde do Chúntóirí Riachtanas Speisialta.

Conas a thagaim ar an tseirbhís

Is féidir leat:

Féach Freisin:

Teagmháil

Teacher and SNAs: Teacher/SNA Terms and Conditions Section

Seoladh:
Teacher/SNA Terms & Conditions, Department of Education and Youth, Cornamaddy, Athlone, Co. Westmeath N37 X659
Ríomhphost:

teachersna@education.gov.ie

Teileafón:
(090) 648 3734
Achoimre:
Special Needs Assistants (SNAs) are encouraged to submit queries regarding SNA Leave Schemes to their employers in the first instance. All employers have access to applicable Circulars relating to SNA Leave Schemes. Queries relating to statutory and non-statutory SNAs Leave Schemes can be submitted to Leave Admin Section, Teacher/SNA Terms and Conditions Section at the email address above. Recruitment and Appointment Unit in Teacher/SNA Terms and Conditions Section sets out the recruitment and appointment procedures for SNAs for the primary and post primary sector. Queries should be submitted to PORqueries@education.gov.ie

Gaolmhar

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat