Teagasc Baile
- Foilsithe: 30 Deireadh Fómhair 2019
- An t-eolas is déanaí: 31 Márta 2025
- Scéim Teagasc Baile
- Teagasc baile do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus ar fhorais leighis
- Teagasc baile do leanaí nach bhfuil áit scoile acu
- Teagasc baile do Leanaí faoi Chúram
- Teagasc baile do dhaltaí atá ar neamhláithreachtaí a bhaineann le máithreachas
- Íocaíochtaí Teagasc Baile
Scéim Teagasc Baile
Tá ceithre chatagóir teagasc baile i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais:
- riachtanais speisialta oideachais agus ar fhorais leighis
- leanaí nach bhfuil áit scoile acu
- leanaí faoi chúram
- neamhláithreachtaí a bhaineann le máithreachas
Teagasc baile do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus ar fhorais leighis
Tá an scéim seo ceaptha dóibh seo a leanas:
- leanaí nach bhfuil in ann freastal ar an scoil ar chúiseanna amhail tinneas ainsealach
- leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus atá ar lorg socrúchán oideachais
- luath-idirghabháil oideachais do leanaí a bhfuil uathachas orthu
Léigh Ciorclán 0050/2024 Scéim Deontais um Theagasc Baile 2024/2025 - Comhpháirt Oideachais Speisialta le haghaidh eolais i dtaca leis an scéim seo agus sonraí faoi chritéir incháilitheachta.
Déan iarratas
Comhlánaigh an fhoirm iomchuí thíos:
- Item was unpublished or removed
- Item was unpublished or removed
- Athrú Teagascóra nó Teagascóirí Breise (HT_TUTOR)
Teagmháil
Special Education Section
- Seoladh:
- Department of Education, Special Education Section, Cornamaddy, Athlone, N37 X659
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
(090) 648 4187
Teagasc baile do leanaí nach bhfuil áit scoile acu
Is beart oideachais sealadach é seo do leanbh:
• nach bhfuil áit scoile aige/aici go sealadach, nó
• nach bhfuil tairiscint áite scoile aige/aici, agus
• atá ag lorg áit go gníomhach i scoil atá aitheanta ag an Roinn
Léigh Ciorclán 60/2024 chun faisnéis a fháil faoin scéim seo agus chun mionsonraí a fháil faoi na critéir incháilitheachta.
Déan iarratas
Tá foirmeacha iarratais don Scéim Teagasc Baile do Leanaí nach bhfuil Áit Scoile acu ar fáil ón Oifigeach áitiúil Leasa Oideachais. Gheobhaidh tú mionsonraí teagmhála don Oifigeach Leasa Oideachais ar shuíomh Gréasáin TUSLA..
Teagasc baile do Leanaí faoi Chúram
- Tá an scéim seo ceaptha do leanaí faoi chúram nach bhfuil áit scoile acu de dheasca socrúchán éigeandála nó cur isteach ar shocrúchán.
Léigh Ciorclán 0062/2024 chun faisnéis a fháil faoin scéim seo agus chun mionsonraí a fháil faoi na critéir incháilitheachta.
Tá foirmeacha iarratais don Scéim Teagasc Baile do Leanaí faoi Chúram ar fáil ón oibrí sóisialta ceaptha.
Teagasc baile do dhaltaí atá ar neamhláithreachtaí a bhaineann le máithreachas
Tá an scéim seo ceaptha chun teagasc baile a sholáthar do dhaltaí i scoil aitheanta ar an leibhéal iar-bhunscoile, sa tsraith shóisearach nó sa tsraith shinsearach, agus a bhfuiltear ag cur isteach ar a hoideachas de bharr toirchis.
Léigh 0061/2024 chun faisnéis a fháil faoin scéim seo agus chun mionsonraí a fháil faoi na critéir incháilitheachta.
Conas iarratas a dhéanamh
Comhlánaigh an fhoirm thíos:
Agus í á cur isteach tríd an ríomhphost sa chás is fearr, seol an fhoirm iarratais chomhlánaithe chuig: hometuitionapprovals@education.gov.ie
Nó, mar mhalairt air sin, tríd an bpost chuig:
Parents and Learners Unit -Home Tuition Section
- Seoladh:
- Department of Education Cornamaddy, Athlone, Co. Westmeath, N37 X659
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
090 648 4108
Tabhair faoi deara: Níl an Rannóg um Dheontais Riachtanas Speisialta agus Deontais Teagaisc in ann ceisteanna a ghlacadh thar an teileafón faoi láthair. Ba cheart gach ceist a chur ar aghaidh chuig htpayments@education.gov.ie.
Íocaíochtaí Teagasc Baile
Rinneadh athbhreithniú ar rátaí na ndeontas teagaisc baile páirtaimseartha in aghaidh na huaire le héifeacht ón 01 Márta faoi na gComhaontú Seirbhísí Poiblí 2024-2026.
Sa chás seo, rinne an comhaontú foráil do na nithe seo a leanas:
• Méadú 2% ón 01 Márta 2025
Tá tuilleadh eolais maidir leis an méadú pá nua a deonaíodh in 2025 faoin gcomhaontú ar fáil i Item was unpublished or removed na Roinne Oideachais — Athbhreithniú ar Thuarastail Múinteoirí faoin gComhaontú Seirbhísí Poiblí 2024-2026; Cur i bhfeidhm na gcoigeartuithe pá atá dlite an 1 Márta 2025.
Rátaí Reatha
Is iad seo a leanas na rátaí d’íocaíochtaí teagaisc baile:
Rátaí | Deireadh Fómhair 2024 | Márta 2025 |
Bunráta Cáilithe | € 48..72 ráta in aghaidh na huaire | € 49.69 ráta in aghaidh na huaire |
Ráta Cáilithe Iar-bhunscoile | € 53.55 ráta in aghaidh na huaire | €54.62 ráta in aghaidh na huaire |
Ráta athraithe | €41.27 ráta in aghaidh na huaire | € 42.37 ráta in aghaidh na huaire |
Íocaíocht um Theagasc Baile
Déanann an Roinn seo íocaíochtaí um theagasc baile go díreach chuig an teagascóir ceadaithe ag feidhmiú thar ceann an tuismitheora/chaomhnóra dlíthiúla nuair a fhaightear foirm éilimh íocaíochta. Tá eolas mionsonraithe agus na foirmeacha éilimh ar fad atá de dhíth liostaithe thíos:
- Faisneís Íocaíochta don scéim deontas teagasc bhaile 2024/2025
- AF-SNTG08 Foirm Éilimh Íocíochta Na Scéime Deontas Teagasc Baile 2024/25
- AF-SNTG14 Home Tuition Tusla Payment Claim Form 2023/2024
- Dátaí Íocaíochta agus Dátaí Neamh-Iníoctha 2024/25
- AF-SNTG07 A Bhaineann le Máithreachas - Foirm Éilimh Íocíochta Na Scéime Deontas Teagasc Baile 2024/25
- AF-SNTG04 Foirm Sonraí Bainc
- Payment Periods Information for Group Providers 2023-24
- AF-SNTG09 Home Tuition Group Providers Payment Claim Form 2023-24
Nóta: Sa chás ina bhfostaíonn TUSLA teagascóir, déantar íocaíocht go díreach le TUSLA
Teagmháil
Fiosruithe i dtaca le híocaíocht do theagascóirí teagasc baile ceadaithe:
Special Needs and Tuition Grants Unit
- Seoladh:
- Special Needs and Tuition Grants (SNTG) Unit, Department of Education, Cornamaddy, Athlone, N37 X659
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
(090) 648 3996
Fiosruithe i dtaca le deimhniú creidmheasa cánach do theagascóirí baile a iarraidh/fheidhmiú:
Non-teaching staff payroll – Home Tutors
- Seoladh:
- Non-teaching staff payroll - Home Tutors, Department of Education, Cornamaddy, Athlone,, N37 X659
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
(090) 648 4147
- Achoimre:
- Queries relating to the application of a tax credit certificate for home tutors