Teidlíochtaí Saoire do Rúnaithe Scoile a chumhdaítear le téarmaí Chomhaontú an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre 2022 agus atá fostaithe i mBunscoileanna, Meánscoileanna Deonacha, Pobalscoileanna agus Scoileanna Cuimsitheacha Aitheanta
- Foilsithe: 16 Nollaig 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Saoire Uchtaíoch
- Saoire Bhliantúil/Laethanta Saoire Poiblí
- Saoire Cúramóra
- Saoire Foréigin Baile
- Saoire Force Majeure
- Saoire Mháithreachais
- Saoire Tuismitheora
- Saoire Atharthachta
- Saoire do Thuismitheoirí
- Saoire Bhreoiteachta
- Saoire Neamhíoctha
- Saoire Neamhíoctha chun Críocha Cúram Leighis
Féach thíos na teidlíochtaí saoire atá ag rúnaithe scoile atá fostaithe i bpoist cheadaithe a chistítear le hairgead ón Oireachtas agus a chumhdaítear le téarmaí chomhaontú an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre 2022 agus le téarmaí Chiorclán 36/2022.
Saoire Uchtaíoch
Rialáiltear an teidlíocht i leith Saoire Uchtaíoch leis an Acht um Shaoire Uchtaíoch, 1995, arna leasú.
Is é is Saoire Uchtaíoch ann ná cineál ceada neamhláithreachta reachtúil a dheonaítear d’fhostaithe ar uchtaitheoirí cáilitheacha iad. Tosaíonn sí ar an dáta a shuitear an leanbh leis an uchtaitheoir cáilitheach. Cuimsíonn sí tréimhse 24 seachtaine as a chéile de shaoire reachtúil íoctha agus suas go dtí 16 seachtaine as a chéile ar a mhéad de shaoire reachtúil neamhíoctha bhreise.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Shaoire Uchtaíoch do rúnaithe scoile, féach Caibidil a Trí de Item was unpublished or removed – Teidlíochtaí Saoire do Rúnaithe Scoile atá fostaithe i mBunscoileanna agus Iar-Bhunscoileanna Deonacha agus i bPobalscoileanna agus Scoileanna Cuimsitheacha Aitheanta
Saoire Bhliantúil/Laethanta Saoire Poiblí
Rialáiltear an teidlíocht i leith Saoire Bhliantúil Reachtúil agus Laethanta Saoire Poiblí Reachtúla leis an Acht um Eagrú Ama Oibre, 1997 (arna leasú).
Tríd is tríd, tá rúnaí lánaimseartha i dteideal Saoire Bhliantúil 22 lá a thógáil i ngach bliain saoire. Maidir le rúnaithe páirtaimseartha, ríomhtar saoire bhliantúil ar bhonn pro rata.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin teidlíocht i leith Saoire Bhliantúil/Laethanta Saoire Poiblí do rúnaithe scoile, féach Caibidil a Naoi de Item was unpublished or removed – Teidlíochtaí Saoire do Rúnaithe Scoile atá fostaithe i mBunscoileanna agus Iar-Bhunscoileanna Deonacha agus i bPobalscoileanna agus Scoileanna Cuimsitheacha Aitheanta
Saoire Cúramóra
Rialáiltear an teidlíocht i leith Saoire Cúramóra leis an Acht um Shaoire Cúramóra, 2001, arna leasú.
Is é is Saoire Cúramóra ann ná cineál ceada neamhláithreachta reachtúil chun tréimhse saoire neamhíoctha a thabhairt d’fhostaí chun go mbeidh sé/sí in ann cúram agus aire lánaimseartha a thabhairt do dhuine iomchuí.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Shaoire Cúramóra do rúnaithe scoile, féach Caibidil a Seacht de Item was unpublished or removed – Teidlíochtaí Saoire do Rúnaithe Scoile atá fostaithe i mBunscoileanna agus Iar-Bhunscoileanna Deonacha agus i bPobalscoileanna agus Scoileanna Cuimsitheacha Aitheanta
Saoire Foréigin Baile
Is leis an Acht um Chothromaíocht Oibre agus Saoil agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2023, a rialáiltear Saoire Foréigin Baile.
Féadfaidh an fostóir Saoire Foréigin Baile a dheonú do rúnaí scoile ar íospartach foréigin baile é/í nó do rúnaí scoile atá ag tabhairt tacaíocht do dhuine iomchuí.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Shaoire Foréigin Baile do rúnaithe scoile, féach Ciorclán 0015/2024 dar teideal Saoire Foréigin Baile do Rúnaithe Scoile a chumhdaítear le téarmaí Chomhaontú an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre 2022 agus atá fostaithe i mBunscoileanna, Scoileanna Deonacha, Pobalscoileanna agus Scoileanna Cuimsitheacha Aitheanta
Saoire Force Majeure
Faoin Acht um Shaoire do Thuismitheoirí, 1998, agus faoin Acht um Shaoire do Thuismitheoirí (Leasú), 2006, tá rúnaí scoile i dteideal iarratas a dhéanamh ar Shaoire Force Majeure, ar saoire speisialta reachtúil le pá í, ar chúiseanna práinneacha teaghlaigh. Féadfaidh rúnaí scoile cáilitheach a bheith i dteideal trí lá de Shaoire Force Majeure a thógáil i dtréimhse 12 mhí nó i dteideal cúig lá de Shaoire Force Majeure a thógáil i dtréimhse 36 mhí.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Shaoire Force Majeure do rúnaithe scoile, féach Caibidil a hOcht de Item was unpublished or removed – Teidlíochtaí Saoire do Rúnaithe Scoile atá fostaithe i mBunscoileanna agus Iar-Bhunscoileanna Deonacha agus i bPobalscoileanna agus Scoileanna Cuimsitheacha Aitheanta
Saoire Mháithreachais
Rialáiltear an teidlíocht i leith Saoire Mháithreachais leis an Acht um Chosaint Mháithreachais, 1994, arna leasú.
Aon fhostaí torrach a thabharfaidh leanbh beo ar an saol, beidh sí i dteideal 26 seachtaine de Shaoire Mháithreachais reachtúil íoctha agus suas go dtí 16 seachtaine as a chéile ar a mhéad de Shaoire Mháithreachais reachtúil neamhíoctha bhreise. I gcás breith réamhaibí, is féidir go mbeidh an fostaí i dteideal Saoire Mháithreachais Fhadaithe i gcás Breith Réamhaibí freisin.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Shaoire Mháithreachais do rúnaithe scoile, féach Caibidil a Dó de Item was unpublished or removed – Teidlíochtaí Saoire do Rúnaithe Scoile atá fostaithe i mBunscoileanna agus Iar-Bhunscoileanna Deonacha agus i bPobalscoileanna agus Scoileanna Cuimsitheacha Aitheanta
Féach freisin Nóta Faisnéise TC/IN 0014/2024ina mionsonraítear leasuithe ar an Scéim Saoire Mháithreachais do Rúnaithe Scoile
Féach Nóta Faisnéise TC/IN 0003/2025 i ndáil le Saoire Mháithreachais a Chur ar Atráth de dheasca Riocht Tromchúiseach Sláinte.
Saoire Tuismitheora
Rialáiltear an teidlíocht i leith Saoire Tuismitheora leis an Acht um Shaoire agus Sochar Tuismitheora, 2019, arna leasú.
Is é is Saoire Tuismitheora ann tréimhse saoire reachtúla neamhíoctha atá ar fáil don tuismitheoir iomchuí chun é/í a chumasú cúram a thabhairt don leanbh nó cabhrú le cúram a thabhairt don leanbh. Ní mór Saoire Tuismitheora a thógáil laistigh de 24 mhí ó dháta breithe an linbh nó, i gcás uchtála, ó lá suímh an linbh.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Shaoire Tuismitheora do rúnaithe scoile, féach Caibidil a Ceathair de Item was unpublished or removed– Teidlíochtaí Saoire do Rúnaithe Scoile atá fostaithe i mBunscoileanna agus Iar-Bhunscoileanna Deonacha agus i bPobalscoileanna agus Scoileanna Cuimsitheacha Aitheanta
Féach freisin Nóta Faisnéise TC/IN 0007/2024 ina mionsonraítear leasuithe ar an Scéim Saoire Tuismitheora do Rúnaithe Scoile
Saoire Atharthachta
Rialáiltear an teidlíocht i leith Saoire Atharthachta leis an Acht um Shaoire agus Sochar Atharthachta, 2016.
Is é is Saoire Atharthachta ann ná tréimhse reachtúil dhá sheachtain i ndiaidh a chéile chun saoire íoctha a thabhairt don tuismitheoir iomchuí chun go mbeidh sé in ann cúram a thabhairt don leanbh, nó cabhrú le cúram a thabhairt don leanbh, nó tacaíocht a thabhairt do mháthair an linbh nó do thuismitheoir uchtála an linbh, nó don bheirt díobh, de réir mar a bheidh.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Shaoire Atharthachta do rúnaithe scoile, féach Caibidil a Cúig de Chiorclán 0007/2024 – Teidlíochtaí Saoire do Rúnaithe Scoile atá fostaithe i mBunscoileanna agus Iar-Bhunscoileanna Deonacha agus i bPobalscoileanna agus Scoileanna Cuimsitheacha Aitheanta
Féach freisin Nóta Faisnéise TC/IN 0015/2024 ina mionsonraítear leasuithe ar an Scéim Saoire Atharthachta do Rúnaithe Scoile
Saoire do Thuismitheoirí
Rialáiltear an teidlíocht i leith Saoire do Thuismitheoirí leis an Acht um Shaoire do Thuismitheoirí, 1998, arna leasú.
Is é is Saoire do Thuismitheoirí ann ná tréimhse saoire neamhíoctha reachtúla atá ar fáil d’fhostaí chun cúram a thabhairt dá leanbh. Tá rúnaí scoile i dteideal suas le 26 seachtaine de Shaoire do Thuismitheoirí a thógáil i leith gach linbh suas go dtí 16 bliana d’aois.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Shaoire do Thuismitheoirí do rúnaithe scoile, féach Caibidil a Sé de Item was unpublished or removed – Teidlíochtaí Saoire do Rúnaithe Scoile atá fostaithe i mBunscoileanna agus Iar-Bhunscoileanna Deonacha agus i bPobalscoileanna agus Scoileanna Cuimsitheacha Aitheanta
Saoire Bhreoiteachta
Ón 1 Eanáir 2023 i leith, tá fostaí i dteideal saoire bhreoiteachta íoctha faoin Acht um Shaoire Bhreoiteachta, 2022.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Shaoire Bhreoiteachta do rúnaithe scoile, féach Caibidil a hAon de Item was unpublished or removed – Teidlíochtaí Saoire do Rúnaithe Scoile atá fostaithe i mBunscoileanna agus Iar-Bhunscoileanna Deonacha agus i bPobalscoileanna agus Scoileanna Cuimsitheacha Aitheanta
Saoire Neamhíoctha
Féadfar Saoire Neamhíoctha a dheonú do rúnaí scoile faoi rogha a fhostóra/fostóra. Is é cúig lá scoile an líon uasta laethanta a fhéadfar a thógáil mar Shaoire Neamhíoctha in aon scoilbhliain amháin.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Shaoire Neamhíoctha do rúnaí scoile, féach Caibidil a Deich de Item was unpublished or removed – Teidlíochtaí Saoire do Rúnaithe Scoile atá fostaithe i mBunscoileanna agus Iar-Bhunscoileanna Deonacha agus i bPobalscoileanna agus Scoileanna Cuimsitheacha Aitheanta
Saoire Neamhíoctha chun Críocha Cúram Leighis
Is leis an Acht um Chothromaíocht Oibre agus Saoil agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2023, a rialáiltear Saoire Neamhíoctha chun Críocha Cúram Leighis.
Féadfaidh an fostóir Saoire Neamhíoctha chun Críocha Cúram Leighis a dheonú do rúnaí scoile chun cúram pearsanta nó tacaíocht phearsanta a thabhairt do dhuine incháilithe ar chúis thromchúiseach leighis.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Shaoire Neamhíoctha chun Críocha Cúram Leighis do rúnaí scoile, féach Ciorclán 0016/2024dar teideal Saoire Gan Phá chun críocha Cúraim Leighis do Rúnaithe Scoile atá clúdaithe ag téarmaí Chomhaontú 2022 an Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC), atá fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-Bhunscoileanna Deonacha agus i bPobalscoileanna agus Scoileanna Cuimsitheacha
School Secretaries Leave Administration
- Seoladh:
- School Secretaries Leave Administration, Department of Education, Cornamaddy, Athlone, Co. Westmeath N37 X659
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
(090) 648 3600
- Achoimre:
- Queries on Leave Terms and Conditions
Queries on recording leave on OLCS
- Ríomhphost:
Queries on Salary
- Suíomh Gréasáin:
- Achoimre:
- Payroll Query Form