English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Trialacha Caighdeánaithe i mBunscoileanna



Measúnú Tacaíochta

Sna hImlitreacha 0056/2011, 0018/2012agus 0025/2025 iarradh ar scoileanna réimse beart a chur i bhfeidhm maidir leis an Straitéis Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta.

San áireamh sna bearta seo bhí cur i bhfeidhm na trialach caighdeánaithe i rang 2, rang 4 agus rang 6 sa bhunscoil agus an t-eolas ó na trialacha seo a thuairisciú do thuismitheoirí, boird bhainistíochta agus don Roinn Oideachais.


Fógra do Bhunscoileanna maidir le Tástáil Chaighdeánaithe

Ní mór torthaí a uaslódáil ar Thairseach Esinet ar Dé Céadaoin, 18 Meitheamh 2025 nó roimhe sin.

Information Note Regarding Exemption / Inclusion Criteria with regard to Standardised Testing in Primary Schools
Amharc amharc

Conas tuairisceáin a dhéanamh

Le linn mí Bealtaine/an Mheithimh, ba chóir duit na trialacha a dhéanamh de réir imlitreacha 0056/2011, 0018/2012 agus 0025/2025

Ba chóir go n-uaslódálfaí torthaí na dtástálacha sin ar an tairseach Esinet faoi nó roimh Dé Céadaoin, 18 Meitheamh 2025.


Treoir Céim ar Céim Maidir le Tuairisceáin a Uaslódáil

Iontráil Sonraí

  • Ba cheart don duine iontrála sonraí ainmnithe i do scoil logáil isteach ar Thairseach Esinet
  • Cliceáil ar ‘Bailiú Sonraí Scoileanna’
  • Roghnaigh ‘Litearthacht agus Uimhearthacht’ ón roghchlár ar thaobh na láimhe clé
  • Léigh na treoracha agus cliceáil ar ‘lean ar aghaidh’ le dul chuig foirm na dtorthaí
  • Iontráil torthaí na dtástálacha ar an bhfoirm ar an scáileán. Caithfear tástáil a roghnú sa réimse ‘An Tástáil a Riar’ le dul ar aghaidh.
  • Cliceáil Sábháil. Nuair a chliceálann tú Sábháil beidh rogha agat iarratas a chur isteach chuig an bpríomhoide/an ceadaitheoir nó má shíleann tú go mbeidh ort athruithe a dhéanamh ar an bhfoirm níos déanaí is féidir leat í a fhágáil mar ‘Sábháilte’. Beidh tú in ann na sonraí a chur in eagar an chéad uair eile a logálfaidh tú isteach ar Esinet.
  • Nuair atá tú sásta go bhfuil an fhaisnéis ar an bhfoirm ceart, cliceáil ‘Cuir isteach’ chun na torthaí a chur faoi bhráid an phríomhoide/an cheadaitheora. Tar éis cliceáil ar cuir isteach ní bheidh tú in ann dul ar ais chuig na torthaí agus iad a leasú.
  • A luaithe agus a chuirtear an fhoirm isteach, ba cheart don duine a chuir isteach na sonraí logáil amach.

An Ceadaitheoir

  • Ba cheart don cheadaitheoir ainmnithe i do scoil logáil isteach ansin ar Thairseach Esinet
  • Cliceáil ar ‘Bailiú Sonraí Scoileanna’
  • Roghnaigh ‘Litearthacht agus Uimhearthacht’; ón roghchlár ar thaobh na láimhe clé
  • Léigh na treoracha agus cliceáil lean ar aghaidh le dul chuig foirm na dtorthaí
  • Seiceáil go bhfuil na figiúirí a iontráladh agus na tástálacha a roghnaíodh ceart
  • Má rinneadh earráid is féidir leat cliceáil ar Cur in Eagar chun na sonraí a leasú, cliceáil Sábháil
  • Nuair atá tú sásta go bhfuil an fhaisnéis ar an bhfoirm ceart, cliceáil ar Ceadaithe chun na torthaí a chur faoi bhráid na Roinne. Tar éis cliceáil ar Ceadaitheníbheidh tú in ann dul ar ais chuig na torthaí agus iad a chur in eagar.
  • A luaithe agus a bhíonn na torthaí ceadaithe, is féidir leis an gceadaitheoir logáil amach.

Tabhair faoi deara na pointí seo a leanas maidir le huaslódáil tuairisceán ar Thairseach Esinet

  • Caithfear gach tuairisceán a chur isteach ar líne. Ní dhéanfar tuairisceáin phoist a phróiseáil.
  • Ba cheart don duine atá ainmnithe mar iontrálaí sonraí i do scoil tuairisceáin a chur isteach agus ansin ba cheart iad a bheith formheasta ag an gceadaitheoir ainmnithe
  • Ní léireofar tuairisceáin a cuireadh isteach ar liosta formheasta OLCS. Caithfidh an ceadaitheoir logáil isteach san fheidhmchlár agus na sonraí a fhormheas.

Nóta Tábhachtach do Scoileanna Speisialta: Rogha Tuairceáin Nialasach

I gcás scoileanna speisialta más rud é, i dtuairim phríomhoide na scoile, go bhfuil míchumas foghlama nó fisiciúil ag gach dalta ábhartha a chuirfeadh cosc orthu triail a bhaint as na tástálacha, ní theastaíonn aon ghníomh. Má tá daltaí ar scoil speisialta atá incháilithe le tástáil a dhéanamh i rang 2, 4 nó 6, iarrtar ort tuairisceán a chur isteach ar Esinet .

Nóta Tábhachtach do Naíscoileanna

Toisc nach bhfuil aon dalta ag naíscoileanna i rang a dó, a ceathair nó a sé, ní gá aon tuairisceán a chur isteach. Má logálann naíscoil ar an gcóras, ní aithneoidh an córas an scoil.


Sonraí Teagmhála