English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Troscán & Trealamh Oideachais Speisialta



Tuairisc

Tá deontas ar fáil do Bhunscoileanna agus d’Iarbhunscoileanna chun maoiniú a dhéanamh ar threalamh a cheannach chun críocha oideachais amháin ar mhaithe le Daltaí Riachtanas Speisialta. Baineann an scéim le dalta faoi mhíchumas coirp nó meabhrach.

Rinneadh soláthar freisin do scéim deontas le haghaidh trealamh a cheannach chun críocha oideachais ar mhaithe le húsáid daltaí i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna a diagnóisíodh le bheith faoi mhíchumas tromchúiseach fisiciúil nó cumarsáideach.


Leibhéal an Deontais ar Fáil

  • €6,500 in aghaidh an Ranga Riachtanas Speisialta agus
  • €7,000 breise le haghaidh trealaimh do sheomraí ilchéadfacha atá ceadaithe ag an Roinn.

Cuirtear cúnamh deontais ar fáil freisin le haghaidh earraí ar leith cosúil le cathaoireacha, táblaí etc. Is é cuspóir an deontais troscán agus trealamh a chur do na daltaí atá i gceist, le go mbainfidh na daltaí seo tairbhe dhíreach oideachais astu.


Conas Iarratas a Dhéanamh

Ní mór do scoileanna iarratais ar throscán agus trealamh a chur isteach go díreach chuig an An Rannóg um Thionscadail Dhéabhlóidithe agus ní mór dá n-iarratais a bheith arna dtacú ag tuairisc ó ghairmí a rinne measúnú ar an dalta. Ar iarratas iomlán a bheith faighte aici (an tuairisc ón ngairmí céanna san áireamh ann), cuirfidh an Roinn Oideachais in iúl do scoileanna cén leibhéal deontais a ceadaíodh.

Ní mór do scoileanna fanacht ar chead ón Roinn sula gceannóidh siad trealamh. Ní mór do scoileanna, tar éis dóibh an ceannach a dhéanamh, gach eolas faoi sheachadadh, taifid sonraisc, airgead a caitheadh etc. a choimeád laistigh den scoil mar gur féidir go n-iarrfaí é seo tráth níos faide anonn.

Ciorclán 0010/2013 - Scéim deontas chun trealamh riachtanach teicneolaíochta cúnta a cheannach do dhaltaí atá faoi mhíchumas fisiceach nó cumarsáide