English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Bailiúcháin

An Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 28 Meitheamh 2019
  • An t-eolas is déanaí: 9 Eanáir 2023


Cad is Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach ann

Is éard is cógais frithmhiocróbach ná cógais leighis a úsáidtear chun ionfhabhtuithe nó galair a chóireáil, agus tá siad ríthábhachtach do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe araon.

Tarlaíonn frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha nuair nach mbíonn cógais frithmhiocróbach a bhí éifeachtach roimhe seo éifeachtach chun ionfhabhtú nó galar a tharlaíonn mar gheall ar mhiocrorgánaigh a chóireáil a thuilleadh.

Is feiniméan nádúrtha é an fhrithsheasmhacht a fhorbairt agus tarlaíonn sé, cinnte, nuair a úsáidtear frithmhiocróbach chun galar a chóireáil. Is é an fhadhb atá ann faoi láthair ná go bhfuil méaduithe suntasacha ag teacht ar an ráta forbartha frithsheasmhachta mar thoradh ar an líon fónta frithmhiocróbach atá á n-úsáid ar fud an domhain ar dhaoine, ar ainmhithe agus i gcásanna eile, agus mar thoradh air sin tá sé níos deacra ionfhabhtuithe coitianta a chóireáil agus miocrorgánaigh atá frithsheasmhach in aghaidh go leor frithmhiocróbach, nó ‘tarbhfhrideanna’ mar a thugtar orthu.

Cé go n-úsáidtear an téarma frithsheasmhacht in aghaidh ábhar fhrithmhiocróbach sa cháipéis seo, tá cuid mhaith de na sonraí agus de na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an bplean seo, an chéad phlean gníomhaíochta náisiúnta Éireannach maidir leis AMR, dírithe go sonrach ar an fhrithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach. Foilsíodh an Plean i gcomhpháirt leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus is féidir é a fheiceáil ar leathanach gréasáin an AMR anseo.

Téigh go dtí an leathanach faoin Ionfhabhtú & Frithsheasmhacht In Aghaidh Ábhar Fhrithmhiocróbach a Bhaineann leis an gCúram Sláinte atá ullmhaithe ag an FSS.

Suirbhé Éire Shláintiúil 2017 - Faisnéis Físghrafach maidir le hAntaibheathaigh


Imeacht One Health 2018 - Cur Chuige Comhpháirteach do Ghairmithe Cúraim Sláinte & Tréidliachta - Antaibheathagurutreigh a Chosaint do na Glúnta atá Le Teacht

Chun Lá Feasachta Antaibheathach na hEorpa 2018 a cheiliúradh, reáchtáil an Roinn Sláinte, in gcomhpháirtíocht leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), agus le tacaíocht ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, imeacht lae dar teideal One Health 2018: Cur Chuige Comhpháirteach do Ghairmithe Cúraim Sláinte agus Tréidliachta, Dé Máirt 20 Samhain 2018 san Ionad Comhdhála, Baile Átha Cliath.

Is í an aidhm a bhí leis ná an fheasacht a mhúscailt ar an frithsheasmhacht in aghaidh ábhar fhrithmhiocróbach agus go n-éascófar roinnt an méid atá foghlamtha agus an dea-chleachtais i measc an lucht ghairmigh cúraim sláinte agus tréidliachta maidir le húsáid, forordú agus bainistíocht antaibheathach le haghaidh sláinte an duine agus sláinte ainmhithe araon. Leis an gcur chuige seo atá ag One Health, déantar spriocanna Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann Maidir Leis an Frithsheasmhacht In Aghaidh Ábhar Fhrithmhiocróbach 2017 - 2020 a ailíniú agus a thacú.

Clár Imeachta One Health 2018

Forlíonadh Cláir Imeacht One Health 2018: Beathaisnéisí Roghnaithe

Faisnéis Ghrafacach maidir leis an Imeacht One Health 2018


Plean Éigeandála um an tSláinte Poiblí chun dul i ngleic leis an Enterobacteriaceae a tháirgeann Carbapenemase (CPE)

Is éard is Enterobacteriaceae a tháirgeann carbapenemase (CPE), ar a dtugtar CRE freisin, ná baictéir atá frithsheasmhach in aghaidh gach frithmhiocróbach a úsáidtear de ghnáth.

  • Chuir an tAire Sláinte an Plean Éigeandála um an tSláinte Poiblí i ngníomh chun aghaidh a thabhairt ar CPE inár gcóras sláinte.
  • Tarbhfhrid is é CPE, atá frithsheasamhach in aghaidh an chuid is mó d’antaibheathaigh, nó iad go léir, b’fhéidir. Déantar é a iompar sa bhroinn agus is féidir leis ionfhabhtú a leagan síos sa sruth fola i measc daoine leochaileacha, mar shampla daoine scothaosta agus iad siúd a bhfuil imdhíonacht íseal acu.
  • Tá an CPE feicthe ar fud an domhain le blianta beaga anuas. Tá méadú tagtha ar líon na gcásanna in Éirinn de réir a chéile, bliain i ndiaidh bliana.
  • Tháinig méadú beagnach faoi dhó ar líon na gcásanna in 2016 agus meastar go dtiocfaidh méadú faoi thrian eile air in 2017. Tá deis ann fós leathadh an tarbhfhrid seo a stopadh nó a aisiompú sa chóras ospidéil.
  • D’fhéadfadh sé tarlú go ndúnfaí leapacha, bardaí agus aonaid dá bharr, agus go gcuirfeadh sé sin isteach ar an acmhainn riachtanach chun seirbhísí a sholáthar, chun othair a ligean isteach ó Ranna Éigeandála agus chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na liostaí feithimh.
  • Déanfaidh an Fhoireann Náisiúnta um an Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí maoirseacht ar fhreagairt fheabhsaithe air seo ar bhonn seachtainiúil. Tá na socruithe seo ag teacht le pleananna éigeandála seasta a cuireadh i ngníomh roimhe seo mar fhreagairt ar fhliú paindéimeach agus ullmhacht ebola.
  • Tugann comhairle Sláinte Poiblí agus micribhitheolaíochta le fios go bhfuil an deis ann fós idirghabhálacha éifeachtacha a ghlacadh a fhéadfaidh ár n-othar a chosaint, ár gcumas ospidéil a chosaint ar dhúnadh neamhphleanáilte agus ar deireadh thiar stop a chur le leathadh an tarbhfhrid seo nó é a laghdú.
  • Ligeann gníomhachtú an Phlean Éigeandála um an tSláinte Phoiblí agus úsáid na Foirne Náisiúnta um an Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí don chóras bainistíocht a dhéanamh ar shrianadh CPE ar bhealach comhordaithe. Mar gheall air sin, déanfar cinnte den ailíniú agus den chothromaíocht chuí chun rochtain agus sábháilteacht othar a uasmhéadú ar fud an chórais. Tá deacrachtaí le sreabhadh othar i roinnt ospidéal mar thoradh ar dhúshláin chun ionfhabhtaithe a chosc agus a rialú.
  • Déanfaidh an Fhoireann Náisiúnta um an Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann maidir leis an Frithsheasmhacht In Aghaidh Ábhar Fhrithmhiocróbach a chur san áireamh fad is atá siad ag comhlíonadh a cuid dualgas. Rinne an tAire Sláinte agus an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara é a oscailt go hoifigiúil Dé Céadaoin, an 25 Deireadh Fómhair 2017.
  • Tionóladh an chéad chruinniú den Fhoireann Náisiúnta um an Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí an tseachtain dar tosach an 30 Deireadh Fómhair 2017.

An Fhoireann Náisiúnta um an Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí - An Enterobacterales a Thairgeann Carbapenemase (CPE)


Tuarascáil One Health ar Úsáid Frithmhiocróbach agus ar an Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach 2019

Sa chéad Tuarascáil One Health ar Úsáid Frithmhiocróbach agus an Frithsheasmhacht In Aghaidh Ábhar Fhrithmhiocróbach le bheith déanta in Éirinn, tá léargas le fáil ar an úsáid frithmhiocróbach (AMU) agus ar an frithsheasmhacht in aghaidh ábhar fhrithmhiocróbach (AMR) i ndaoine agus in ainmhithe a tháirgeann bia in Éirinn.

Ghlac an Roinn Sláinte agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara araon leis an gcur chuige atá ag ‘One Health’ i leith AMR agus tacaíonn siad le hiarrachtaí comhoibrithe ildisciplíneacha thar earnálacha éagsúla dála earnáil na sláinte, na talmhaíochta agus an chomhshaoil chun na torthaí sláinte is fearr a bhaint amach, do dhaoine agus ainmhithe araon.

Céim chun tosaigh thábhachtach atá i gceist leis an Tuarascáil seo toisc go bhfuil tús curtha againn anois leis faireachas tras-earnála don AMR a bheidh de chuidiú chun réimsí imní atá ag teacht chun cinn a aithint agus réitigh chomhcheangailte leo a threorú chun antaibheathaigh a choinneáil ag obair amach anseo.

Léigh níos mó sa phreasráiteas.

Tá iarratais ar thairiscintí á lorg ag an Roinn Sláinte faoi láthair chun Tuarascáil an Aon Sláinte Amháin ar Úsáid Ábhar Frithmhiocróbach agus ar Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach 2021 a Chríochnú, a Fhíorú agus a Ullmhú, le béim ar leith ar ghnéithe Sláinte an Duine. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag iáithreán gréasáin eTenders

Tabhair le fios le do thoil gurb é an dáta deiridh le haghaidh iarratas ná 12in 7ú Márta 2022. Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha.


Coiste Comhairleach Náisiúnta Idir-Rannach an AMR

Is éard atá i gceist leis an fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhar fhrithmhiocróbach náan frithsheasmhacht atá ag miocrorgánach in aghaidh druga fhrithmhiocróbaigh a bhí éifeachtach roimhe sin chun cóireáil a dhéanamh ar ionfhabhtuithe a tharlaíonn de thoradh air. Tá miocrorgánaigh fhrithsheasmhacha (lena n-áirítear baictéir, fungais, víris agus paraisítí) in ann ionsaí ó dhrugaí frithmhiocróbach a sheasamh, mar shampla drugaí antaibhaictéir (m.sh. antaibheathaigh), frithdhúlagráin, frithvíreasacha, agus drugaí frithmhiocróbach, ionas go n-éíríonn an chóireáil chaighdeánach neamhéifeachtach agus gur féidir le hionfhabhtuithe leanúint leo, ag méadú an riosca go scaipfear é i measc daoine eile.

Tá an t-ardú atá tagtha ar an fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhar fhrithmhiocróbach (AMR) ar an mbonn domhanda, Eorpach agus náisiúnta, mar cheann de na bagairtí féideartha is mó ar shláinte an duine agus ar shláinte ainmhithe, agus tá iarmhairtí tromchúiseacha ann a bhaineann leis a d’fhéadfadh a bheith contúirteach do shláinte an phobail, don leas ainmhithe agus do na hearnálacha talmhaíochta agus bia.

Tá tuilleadh sonraí ar fáil ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) agus ón Longitude Prize.

Chun aitheantas a thabhairt ar an mbagairt thromchúiseach atá ag éirí níos measa de réir a chéile atá i gceist leis an fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhar fhrithmhiocróbach, agus an gá atá ann cur chuige uile-Rialtais a bheith glactha i leith saincheisteanna sláinte, tá Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte (CMO) agus Príomhoifigeach Tréidliachta na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara (CVO) tar éis Coiste Comhairleach AMR Idir-rannach Náisiúnta ardleibhéil a chur i mbun chun aghaidh a thabhairt ar an gceist seo. Comhlíonann an Coiste riachtanais na hÉireann meicníocht chomhordaithe Idir-earnála a bheith sa tí chun aghaidh a thabhairt ar AMR ar an leibhéal Eorpach.

Osclaíodh an Coiste go hoifigiúil, le cead ón Aire, ar Lá Feasachta na hEorpa ar an Antaibheathach i mí na Samhna 2014 agus tá ról agus sainordú soiléir aige sna hearnálacha sláinte, daonna agus ainmhithe araon. Ionadaithe ón dá roinn agus ó ghníomhaireachtaí speisialaithe de chuid an FSS, chomh maith le ionadaithe ó ghníomhaireachtaí speisialaithe tréidliachta, is iad na comhaltaí ar an gCoiste, chomh maith le comhlachtaí ábhartha eile a bhfuil sainchúram orthu ar fud an dá earnáil; tá na mórpháirtithe leasmhara le brath i gcomhdéanamh na gcomhaltaí. Tagann an Coiste le chéile uair gach dhá bhliain agus tionóladh an cruinniú is déanaí dá chuid díreach an tseachtain seo.

Tá Éire lántiomanta don fhadhb atá i gceist leis an AMR a réiteach agus aghaidh a thabhairt uirthi, agus leanfar ar aghaidh ag comhoibriú ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar leibhéal an AE agus ar an leibhéal náisiúnta chun na críche sin. Cuireann Éire tuairisciú ar fáil don Chóras Eorpach um Fhaireachas maidir leis an Frithsheasmhacht In Aghaidh Ábhar Fhrithmhiocróbach.

Mar gheall ar Éire a bheith mar bhallstát de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte, is cuid í den iarracht idirnáisiúnta a bhfuil sé mar sprioc aige dul i ngleic leis an mbagairt don tsláinte poiblí domhanda atá i gceist le AMR, iarracht a éilíonn gníomhaíocht ar fud na earnálacha na sláinte daonna agus ainmhithe, na talmhaíochta agus an chomhshaoil níos leithne.

I mBealtaine 2015, ag 68ú Tionól Sláinte Domhanda an WHO rinneadh Plean Gníomhaíochta Domhanda an WHO deiridh a fhormheas; tá cúig chuspóir straitéiseacha leagtha amach ann:

  • feasacht agus tuiscint ar an fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhar fhrithmhiocróbach a fheabhsú
  • cur leis an eolas atá ann leis an fhaireachas agus an taighde
  • minicíocht an ionfhabhtaithe a laghdú
  • úsáid gníomhairí frithmhiocróbach a bharrfheabhsú
  • an argóint eacnamaíoch a fhorbairt don infheistíocht inbhuanaithe ina gcuirtear riachtanais na dtíortha uile san áireamh, chomh maith leis an infheistíocht a mhéadú sa chógas nua, in uirlisí diagnóiseacha nua, i vacsaíní nua agus in idirghabhálacha eile nua

Tríd an bPlean Gníomhaíochta Domhanda a bheith glactha, gheall rialtais éagsúla go mbeadh plean gníomhaíochta náisiúnta acu le haghaidh an frithsheasmhacht in aghaidh ábhar fhrithmhiocróbach a bheidh ailínithe leis an bplean gníomhaíochta domhanda, faoi mhí na Bealtaine 2017. Caithfidh an plean náisiúnta seo úsáid na gcógas frithmhiocróbach i sláinte agus talmhaíocht ainmhithe a chumhdach, chomh maith le sláinte an duine. Oibreoidh WHO le tíortha chun tacú le forbairt agus cur i bhfeidhm a gcuid pleananna náisiúnta, agus déanfaidh siad tuairisc maidir leis an dul chun cinn atá déanta don Tionól Sláinte in 2017.

Reáchtáil an Coiste Comhairleach Náisiúnta Idir-Rannach an AMR a thríú cruinniú an 13 Aibreán 2016 agus rinneadh comhaontas ann mar phríomhghníomh do 2016 go ndéanfar plean gníomhaíochta náisiúnta um AMR in Éirinn a fhorbairt.

Ina theannta sin, tá sé mar thosaíocht ag an Roinn Sláinte ó thaobh shábháilteacht othar agus na sláinte poiblí de, le fada an lá, ionfhabhtuithe a bhaineann le cúram sláinte (HCAIanna) agus AMR a chosc agus a rialú.

Tá raon leathan tionscnamh curtha i bhfeidhm i gcóras sláinte na hÉireann le roinnt blianta anuas chun freagra a thabhairt ar an minicíocht mhéadaithe a tharlaíonn AMRanna.

Ina measc siúd, áirítear:

  • faireachas feabhsiathe ar ionfhabhtuithe agus ar an oideas
  • próisis um an ionfhabhtaithe a chosc agus a rialú
  • tionscnaimh mhaoirseachta um an frithmhiocróbach
  • ardú feasachta poiblí agus gairmiúil, agus béim shuntasach ar oideachas agus oiliúint gairmithe cúram sláinte

Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi chruinnithe an choiste.