Miontuairiscí agus cláir oibre chruinnithe na Foirne Náisiúnta um an Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí: COVID-19 (Coróinvíreas)
- Foilsithe: 17 Feabhra 2020
- An t-eolas is déanaí: 1 Deireadh Fómhair 2024
Bunaíodh Foireann Náisiúnta um an Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí le haghaidh COVID-19 an 27 Eanáir 2020 sa Roinn Sláinte, agus an Príomhoifigeach Leighis ceaptha ina chathaoirleach uirthi. Déanann NPHET maoirseacht agus treoir, tacaíocht agus sainchomhairle chun straitéis chun COVID-19 a shrianadh in Éirinn a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm ar an mbonn náisiúnta.
Is é NPHET an mheicníocht chun freagairt na hearnála sláinte ar éigeandálaí suntasacha sa tsláinte poiblí a chomhordú. Éascaíonn leis an chomhroinnt faisnéise idir an Roinn Sláinte agus na gníomhaireachtaí faoina coimirce. Soláthraítear fóram leis le haghaidh an comhaontaithe i ndáil le cur chuige straitéiseach i leith éigeandálaí sa tsláinte poiblí. Tá an cur chuige seo ag teacht le comhairle na hEagraíochta Domhanda Sláinte.
Déantar na cinntí a dhéanann an NPHET a fhógairt go phoiblí trí phreaseisiúintí. Foilsítear cláir oibre agus miontuairiscí cruinnithe de chruinnithe atá críochnaithe ar shuíomh gréasáin na Roinne Sláinte nuair atá siad formheasta ag an NPHET, agus is féidir iad a fháil thíos.
Díreach tar éis gach cruinnithe, cuirtear moltaí an NPHET in iúl don Aire Sláinte lena mbreithniú i scríbhinn, agus úsáidtear na moltaí seo chun cabhrú leis an Rialtas a chuid cinntí a threorú agus é ag tabhairt freagra don éigeandáil sa tsláinte phoiblí.
Tá tuilleadh faisnéise faoi COVID-19 ar fáil agus déantar é a nuashonrú go rialta ar an leathanach leis an eolas is déanaí de chuid na Roinne Sláinte faoi COVID-19.