Scéim Foilsitheoireachta um an SF
- Foilsithe: 6 Meitheamh 2019
- An t-eolas is déanaí: 2 Meán Fómhair 2020
Le cuid 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 ceanglaítear ar chomhlachtaí Saorála Faisnéise an oiread faisnéise agus is féidir a ullmhú agus a fhoilsiú ar bhealach atá oscailte agus inrochtana ar bhonn rialta lasmuigh d’iartaí Saorála Faisnéise, ag féachaint do phrionsabail na hoscailteachta, na trédhearcachta agus na cuntasachta mar atá leagtha amach san acht.
Mar gheall air seo, ligfear do taifid a bheith fhoilsithe nó sóláthraithe taobh amach den tSaoráil Faisnéise ar choinníoll nach dtoirmisctear an dlí leis an ábhar a fhoilsiú nó an rochtain sin a thabhairt. Tá gealltanas tugtha sa scéim do chomhlachtaí Saorála Faisnéise faisnéis a chur ar fáil mar chuid dá ngnáthghníomhaíochtaí gnó de réir na scéime seo.
Faigh Scéim Foilsithe na Roinne Sláinte um Shaoráil Faisnéise ag seo thíos. Téann gach aon nasc chuig leathanach a bhfuil an t-eolas ar fad faoin gcatagóir ar leith le fáil chomh maith le naisc le faisnéis ábhartha ar shuíomh gréasáin na roinne.
Más rud é nach bhfuiltear in ann an fhaisnéis a theastaíonn uait a fháil anseo, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an roinn ag:
Aquaculture Licence Queries
- Seoladh:
- Aquaculture Licensing Section, Department of Agriculture, Food and the Marine, National Seafood Centre, Clonakilty, Co. Cork
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
+353 (0) 23 88 59500
Sa chás nach bhfuil an fhaisnéis curtha ar fáil go poiblí go dtí seo ag an roinn, is féidir smaoineamh ar iarraidh a dhéanamh faoin tSaoráil Faisnéise.