English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Bailiúcháin

Tuarascáil ar an gcomhairliúchán poiblí ar Sheirbhísí Cúraim Shóisialaigh Míchumais chun an Plean Gníomhaíochta um Míchumas (2022-2025) a threorú

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 30 Márta 2022
  • An t-eolas is déanaí: 30 Márta 2022

Measadh i dtuarascáil le déanaí ón Roinn Sláinte,Athbhreithniú ar Chumas Míchumais go 2032 – Athbhreithniú ar Éilimh ar Chúram Sóisialta agus Ceanglais Acmhainne go 2032, cé mhéad duine a mbeidh na seirbhísí éagsúla seo de dhíth orthu idir seo agus 2032.

Clúdóidh an chéad Plean Gníomhaíochta do Sheirbhísí Míchumais na ceithre bliana amach romhainn, 2022-2025. Chun tacú le cruthú an phlean, reáchtáladh comhairliúchán poiblí in 2021. Tá tuarascáil ar an gcomhairliúchán ullmhaithe anois.

San iomlán, ghlac beagnach 800 duine páirt sa chomhairliúchán thar na 4 shnáithe rannpháirtíochta. Ag léiriú éagsúlachta na rannpháirtithe, nochtadh raon leathan deacrachtaí agus cuireadh tosaíochtaí in iúl. Ullmhaíodh tuarascáil ar na príomhphointí agus na príomhthorthaí ón bpróiseas comhairliúcháin. Tá an Tuarascáil ar an bpróiseas comhairliúcháin ar fáil thíos i roinnt formáidí, lena n-áirítear leagan Éasca le Léamh agus leagan soléite ar scáileán.