English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Bailiúcháin

Tuarascáil HIQA ar Phort Laoise - An Grúpa Maoirseachta

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 9 Iúil 2019
  • An t-eolas is déanaí: 1 Meán Fómhair 2020

Tar éis Tuarascáil HIQA ar Ospidéal Phort Laoise a bheith foilsithe i mBealtaine 2015, chuir an tAire Sláinte Grúpa Maoirseachta i mbun chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na moltaí chun a chinntiú go gcuirtear na moltaí i bhfeidhm go hiomlán agus go ndéileáiltear go cuí le gach saincheist eile a thagann chun cinn.

Tá an Grúpa Maoirseachta ag teacht le chéile uair sa mhí agus tá sé ag obair go dlúth i gcomhar leis an FSS chun monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bpríomhghníomhartha ardleibhéil a theastaíonn chun moltaí HIQA a chur i bhfeidhm.

Is é an measúnú atá déanta ag an nGrúpa Maoirseachta ar an gcur i bhfeidhm go dtí seo ná go bhfuil an FSS ag tabhairt faoin obair chun na moltaí sin a chur i bhfeidhm go huile is go hiomlán.

Oversight Group for the Implementation of Recommendations in the HIQA Investigation Report on Portlaoise Hospital: Terms of Reference
Amharc amharc
Oversight Group for the Implementation of Recommendations in the HIQA Investigation Report on Portlaoise Hospital: Membership of the Group
Amharc amharc
HIQA Report Portlaoise - Implementation Plan for Department of Health Oversight Group
Amharc amharc