English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Beathaisnéisí

An Dr Alissa Connors

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 29 Márta 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá 21 bliain caite ag an Dr Alissa Connors ag obair mar Raideolaí Comhairleach agus bronnadh CSST sa Raideolaíocht uirthi in 2002, i ndiaidh di a FFR, RCSI agus cúig bliana d'oiliúint a chur i gcrích. Rinne an Dr Connors a cuid oiliúna Raideolaíochta in Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh (CUH), agus rinne sí an bhliain deiridh dá cúrsa oiliúna in Ospidéil Hammersmith agus Charing Cross i Londain, áit ar dhírigh sí ar íomháú brollaigh agus oinceolaíoch.

In 2006, ceapadh an Dr Connors mar Stiúrthóir Cliniciúil agus Raideolaí ceannais in Aonad an Deiscirt de BreastCheck agus bhí baint aici le bunú an aonaid freisin.

Tá an Dr Connors ag feidhmiú mar Chathaoirleach ar choiste ildisciplíneach QA BreastCheck, coiste atá dírithe ar fheidhmíocht, PTFanna agus feabhsú cáilíochta. Chomh maith leis sin, bhí sí páirteach sa Sainghrúpa Tagartha maidir le hAilsí Brollaigh Eatraimh do BreastCheck, a foilsíodh in 2020, agus d'oibrigh sí i gcomhpháirt le baill eile a raibh na fadhbanna agus an fhianaise a bhí ar fáil ó litríocht agus ó dhlínsí eile á meas acu chun tuiscint a fháil ar thaithí daoine eile.

Chomh maith leis sin, tá tréimhsí caite ag an Dr Connors ag obair le comhghleacaithe cliniciúla agus neamhchliniciúla mar chuid de chláir scagthástála náisiúnta eile.