English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Beathaisnéisí

An Dr David Kelly

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 2 Aibreán 2025
  • An t-eolas is déanaí: 2 Aibreán 2025

Is dochtúir sláinte poiblí agus eipidéimeolaí leighis é an Dr David Kelly a bhfuil 12 bhliain de thaithí chliniciúil agus taighde aige.

Is céimí leighis é d’Ollscoil Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus tá máistreacht aige sa tsláinte phoiblí ó Ecole des Hautes Etudes en Santé Publique, an Fhrainc.

Rinne an Dr Kelly oiliúint chliniciúil in Éirinn agus sa Fhrainc agus chríochnaigh sé ardoiliúint speisialtóireachta i leigheas sláinte poiblí le Dámh an Leighis Sláinte Poiblí in Éirinn.

Ghnóthaigh an Dr Kelly comhaltacht iomráiteach ECDC (EPIET) san eipidéimeolaíocht allamuigh, le Gníomhaireacht Náisiúnta Sláinte Poiblí na Fraince.

Áirítear lena shaineolas sláinte poiblí agus eipidéimeolaíochta anailís sonraí, sintéis fianaise, faireachas, agus meastóireacht agus breithmheas ar rannpháirtíocht scagthástála ailse, eipidéimeolaíocht agus iarchur deontóirí fola, agus beartais vacsaínithe.

Mar anailísí beartais sláinte ag Rannán Sláinte an OECD, díríonn a chuid oibre ar staitisticí sláinte tíre maidir le heipidéimeolaíocht agus cosc ailse, feidhmíocht córais sláinte agus cáilíocht agus torthaí cúraim sláinte.