English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Beathaisnéisí

An tOllamh Maeve Eogan

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 15 Feabhra 2024
  • An t-eolas is déanaí: 13 Márta 2024

Is Obstatraí agus Gínéiceolaí Comhairleach in Ospidéal Rotunda í an tOllamh Eogan, an t-ospidéal máithreachais is seanbhunaithe agus is gnóthaí in Éirinn. Chomh maith leis sin, tá sí ina ceannaire cliniciúil náisiúnta ar sheirbhísí an Aonaid Cóireála d’Ionsaithe Gnéis (SATU) agus is Ollamh comhlach cliniciúil oinigh í i gColáiste Ríoga na Máinleá in Éirinn agus sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Is iad na sainábhair taighde atá ag an Ollamh Eogan cur chun cinn na sláinte le linn an toirchis, sláinte chuimsithe, rochtain ar chúram sláinte freagrúil a bharrfheabhsú, fadhbanna sláinte maidir le hurlár an pheilbhis tar éis do leanbh a thabhairt ar an saol a chosc agus a bhainistiú agus cúram a sholáthar do dhaoine a d’fhulaing foréigean gnéasach.

Mar thathantóir ar son na scagthástála sláinte atá cuí, sábháilte agus lena ngabhann lear acmhainní, lean sí obair an choiste náisiúnta seo ó bunaíodh é.

Tá blianta fada taithí ag an Ollamh Eogan ar mheasúnú criticiúil a dhéanamh ar shonraí chun eolas a chur ar fáil, ní hamháin ar threoirlíne agus ar fhorbairt seirbhísí, ach ar chúram sláinte an duine aonair & an daonra de réir mar is cuí. Tá sí rannpháirteach ar bhonn leanúnach san iniúchadh cliniciúil, i dtaighde agus in ullmhú tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíocht seirbhíse. Is comhúdar í ar roinnt treoirlínte cliniciúla lena n-áirítear an Treoirlíne Náisiúnta um Chleachtas Cliniciúil Náisiúnta (FSS/IOG) maidir le Galar Streipteacocúil a Chosc i Naíonáin Lánaibí agus treoirlínte náisiúnta ilghníomhaireachta maidir le Treoirlínte i dtaca le hAtreorúchán agus Scrúdúchán Cliniciúil Fóiréinseach a dhéanamh tar éis Éignithe agus Ionsaithe Gnéis.