Dolores Keane
- Foilsithe: 29 Márta 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Is abhcóide gníomhach í Dolores Keane a bhfuil breis is 20 bliain caite aici ag díriú ar an Dlí Míochaine.
Cuireann Dolores comhairle ar agus gníomhaíonn sí thar ceann raon leathan cliant agus bhí baint aici le cásanna míochaine casta a bhí bunaithe ar raon leathan speisialtachtaí, a dhírigh ar cheisteanna a bhain le dliteanas, cúisíocht agus damáistí. Bíonn sí os comhair na Cúirte Cuarda, na hArd-Chúirte agus na Cúirte Achomhairc, na Cúirte Cróinéara agus comhlachtaí rialála gairmiúla mar chuid d'éisteachtaí a bhaineann le hoiriúnacht chun cleachtais.
Tá Dolores i mbun cathaoirleachta ar Bhinsí Meabhairshláinte don Choimisiún Meabhair-Shláinte agus déileálann sí le hionchur ó ghairmithe síciatracha agus comhaltaí tuata, agus tá sí freagrach as cathaoirleacht a dhéanamh ar an bpróiseas agus cinntí a dhréachtú.
Roimhe seo ceapadh í mar Uachtarán, Cisteoir agus Rúnaí Chumann Dlí-Liachta na hÉireann, agus thug sí deis do shaineolaithe agus do chleachtóirí, as Éirinn agus as tíortha thar lear, scrúdú a dhéanamh ar cheisteanna dlí-liachta, breithniú a dhéanamh ar impleachtaí bunaithe ar dhearcthaí éagsúla agus é mar aidhm teacht ar thuiscint níos fearr ar phríomhcheisteanna a bhain lena gcomhthéacsanna míochaine agus dlí. I rith a tréimhse mar Uachtarán, rinne sí maoirseacht ar fhorbairt agus ar reáchtáil clár bliantúil léachtaí do bhaill agus dhá Lá Acadúla don phobal ginearálta dlí-liachta maidir le ceisteanna a bhain le haosaigh leochaileacha agus eacnamaíocht sláinte.
Chomh maith leis sin, tá a tuairimí roinnte ag Dolores maidir le hábhair dhlí-liachta éagsúla, le pobail mhíochaine agus dlí, lena n-áirítear cumainn barra, cuideachtaí feistí leighis, mic léinn iarchéime ollscoile agus ag seimineáir agus comhdhálacha éagsúla.