English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Beathaisnéisí

Hilary McGouran

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 7 Márta 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá breis is 30 bliain caite ag Hilary McGouran ag obair san earnáil iriseoireachta agus sna meáin in Éirinn, agus tá formhór a cuid ama caite aici ag obair ag leibhéal sinsearach eagarthóireachta san eagraíocht náisiúnta seirbhísí poiblí ilmheáin, RTÉ.

Is Iar-Leas-Stiúrthóir Bainistíochta Nuachta agus Cúrsaí Reatha in RTÉ í, agus fad is a bhí dualgais an phoist sin á gcomhlíonadh aici bhí sí ag obair mar Eagarthóir Bainistíochta na Nuachta Teilifíse. Chiallaigh sé sin go raibh ról ceannaireachta aici in aschur nuacht teilifíse RTÉ, go raibh sí i gceannas ar fhoirne ildisciplíneacha a raibh baint acu le cláir éagsúla lena n-áirítear an príomhchlár nuachta “Six One”, mar aon le “Nationwide” agus “news2day” agus “The Week in Politics”. Bhí baint aici le haschur nuachta RTÉ a bhogadh chuig ardáin dhigiteacha, agus bhainistigh sí an t-aschur nuachta i rith toghchán, reifreann, Covid 19 agus ócáidí suntasacha eile cosúil le cuairt an Phápa. Bhí Hilary ina ball de Bhord Caighdeán Eagarthóireachta RTÉ agus chabhraigh sí le Straitéis um Ilchineálacht agus Cuimsiú RTÉ a fhorbairt.

Roimh 2013, ba í Hilary an chéad eagarthóir riamh a bhí i gceannas ar an gclár raidió a bhfuil an líon is mó éisteoirí aige in Éirinn, “Morning Ireland”, post a bhí aici le haghaidh 10 mbliana.

Sular thosaigh Hilary ag obair do RTÉ is ag obair don Evening Press a bhí sí, agus roimhe sin is ag obair mar shaoririseoir a bhí sí le Independent Newspapers. I rith a mblianta tosaigh in RTÉ, d'oibrigh sí mar thuairisceoir raidió agus chaith sí tamall ag obair ar an mbinse Íocaíochtaí le Polaiteoirí, na cainteanna a bhí mar bhonn le Comhaontú Aoine an Chéasta agus bás Bhanríon Diana.

Tá Hilary tiomanta don chumarsáid shoiléir agus éifeachtach agus don ghá atá le hearnáil iriseoireachta atá láidir agus éagsúil, mar chuid de dhaonlathas atá ag feidhmiú.