Comhairliúchán le Gnóthais Bhia maidir le Fógraíocht Éigeantach de Chalraí ar Bhiachláir a bheith tugtha isteach
- Foilsithe: 3 Eanáir 2020
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 6 Eanáir 2020
- Dúnadh na haighneachtaí: 14 Feabhra 2020
- An t-eolas is déanaí: 26 Lúnasa 2020
Consultation is closed
Tá an tAire Sláinte, Simon Harris, TD, ag lorg tuairimí ó oibreoirí gnóthas bia ábhartha maidir leis an fhógraíocht éigeantach calraí a bheith tugtha isteach in áitribh a ndíoltar earraí bianna neamhphacáistithe.
Is maidir le moladh chun é a cheangal go dtaispeánfaí an méid calraí ar na biachláir i ngach uile ghnóthais bhia, lena n-áirítear bialanna, asraonta beir-leat, asraonta mearbhia, siopaí caife, caiféanna, cuideachtaí lónadóireachta, deilithe, agus tithe tábhairne ina mbíonn bia ar fáil.
Tá roinnt gnóthais bhia ag fógairt an méid calraí ar a gcuid biachláir ar bhonn deonach cheana féin. Sa chomhairliúchán seo, cuimsítear ceisteanna atá dírithe go sonrach ar na gnóthais sin ionas go mbeifear in ann foghlaim ón taithí atá acu ar an fhógraíocht maidir le calraí a chur ar a gcuid biachlár.
Beidh torthaí an chomhairliúcháin seo de chuidiú chun an dréachtreachtaíocht a fhorbairt.
An Comhthéacs Beartais
Sa Beartas agus Plean Gníomhaíochta um an Murtall 2016-2025, gheall an Rialtas go bhforbrófar an reachtaíocht maidir leis an méid calraí a fhógairt, agus go cuirfear i bhfeidhm í mar aon cheann amháin de shraith beart a bheidh dírithe ar aghaidh a thabhairt ar na rátaí daoine róthroma agus raimhre atá ann i ngach cearn den tír. Rinne an Rialtais i mí an Mhárta 2015 lena dtugadh cead don Aire Sláinte an Scéim Ghinearálta de Bhille a dhréachtú lena soláthrófar an creat le haghaidh na fógraíochta calraí éigeantaí.
Is éard is príomhchuspóir an togra, san am seo a bhfuil an líon daoine a bhíonn ag dul amach chun ithe agus ag ceannach bia beir-leat nuair atá siad amuigh, ná chun cinnte a dhéanamh de go mbeidh faisnéis faoi na calraí atá in earraí bia ar fáil don thomhaltóir nuair atá siad á roghnú aige. Is é an cuspóir atá aige ná cumhacht a thabhairt do chustaiméirí roghanna eolasacha a dhéanamh faoin mbia a itheann siad agus an fhaisnéis a theastaíonn uathu chun bainistíocht a dhéanamh ar an méid calraí a itheann siad a chur ar fáil dóibh.
Comhairliúcháin Roimhe Seo
Rinneadh comhairliúcháin roimhe seo maidir le gnéithe den togra seo in 2012 agus 2015. Fuarthas go raibh tacaíocht mhór ó thomhaltóirí do phrionsabal na faisnéis faoi calraí a fhógairt i gcomhairliúchán poiblí a bhí déanta in 2012 arna óstáil agus arna mheas ag Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (FSAI) agus bhí 95% de na tomhaltóirí i bhfabhar é a bheith tugtha isteach. Lorgaíodh tuairimí ón dtionscal ar na gnéithe teicniúla agus ar conas é a chur i bhfeidhm san fhírinne i gcomhairliúcháin a bhí ar siúl in 2012 agus 2015.
Eolas breise
Níl cinneadh déanta go fóill maidir le fráma ama don fhógairt calraí a bheith tugtha isteach ach táthar chun roinnt mhaith ama a chur ar leith tar éis don reachtaíocht a bheith achtaithe chun ligean do ghnólachtaí ullmhú leis. Ina theannta sin, cuirfear treoir ar fáil chun a chinntiú go bhfuil sé soiléir cad iad na dualgais a bheidh ag gnólachtaí seirbhíse bia.
Conas is Féidir Leat Páirt a Ghlacadh
Comhlánaigh an Ceistneoir um Fógairt na gCalraí
Íoslódáil leagan den Chomhairliúchán um Fhógra maidir le Calraí i gcóip chura agus cuir d’aighneacht, agus é líonta isteach agat, chuig:
Comhairliúchán um Fhógra maidir le Calraí
f/ch Aonad na Seirbhísí Taighde agus Beartais
6ú Urlár
Bloc 1
Miesian Plaza
50-58 Sráid Bhagóid
Baile Átha Cliath D02 XW14
Eolas faoin gCeistneoir Comhairliúcháin
Tá trí chuid ann:
- Cuid 1 Do chuid sonraí
- Cuid 2 Ceisteanna d’oibreoirí gnólachta bia atá ag taispeáint eolas faoi chalraí faoi láthair
- Cuid 3 Ceisteanna do gach oibreoir gnólachta bia
Dáta deiridh
Tá an comhairliúchán oscailte suas go dtí 17:00 Dé hAoine, an 14 Feabhra 2020.
Ní bheifear in ann rochtain a fháil ar an gceistneoir ar líne ina dhiaidh sin. Ní cheadaítear d’aighneachtaí a fhaightear i ndiaidh an dáta sin a bheith curtha san áireamh sa tuarascáil deiridh.
An Tuarascáil ar an gComhairliúchán
Foilseoidh an Roinn Sláinte tuarascáil ina mbeidh anailís ar na freagraí a bhfaightear sa chomhairliúchán seo.
Conas a Úsáidfimid an Fhaisnéis a Roinneann Tú Linn
Caithfimid le do chuid faisnéise de réir na dlíthe agus na polasaithe um an gcosanta sonraí nuair a bhímid ag déanamh anailíse ar thorthaí an chomhairliúcháin seo, agus nuair a dhéanaimid an anailís agus na torthaí sin a fhoilsiú. Beidh na torthaí foriomlána a fhaightear ó dhaoine aonair foilsithe gan ainm, is é sin le rá nach mbeifear in ann tú a aithint sa tuarascáil deiridh. Déanfar na sonraí pearsanta go léir go a stóráil go daingean sábháilte. Más mian leat tuilleadh a fháil amach faoin gcaoi a n-úsáidtear do chuid sonraí, féach an tAcht um Chosaint Sonraí 2018.
Tabhair faoi deara gur féidir le daoine iarratas a dhéanamh rochtain a fháil ar na haighneachtaí a fhaighimid, faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, agus go bhféadfar, dá bharr, go mbeidh orainn aighneachtaí a scaoileadh d’fhonn freastal ar iarratas um Shaoráil Faisnéise. Tá sé níos dóchúla go dtarlóidh sé seo d’aighneachtaí a bhfaightear ó eagraíochtaí. Fágann sé sin go bhféadfaidís rochtain a fháil ar na freagraí a chuireann tú ar an gceistneoir, ach ní gá duit d’ainm a scríobh ar an gceistneoir más rud é nach bhfuil tú ag iarraidh é sin a dhéanamh.