English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán poiblí ón Roinn Sláinte maidir leis an rochtain ar an fhrithghiniúint - deis do thuairimí féin a chur leis!

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 22 Lúnasa 2019
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 9 Iúil 2019
  • Dúnadh na haighneachtaí: 5 Lúnasa 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Consultation is closed

Mhol an Comhchoiste um an Ochtú Leasú ar an mBunreacht:

“Scéim a thabhairt isteach chun an modh frithghiniúna is éifeachtaí a sholáthar, saor in aisce agus aird a tugtha ann ar chúinsí pearsanta, do gach duine ar mian leo leas a bhaint astu sa Stát."

Cuireadh an Grúpa Oibre um an Rochtain ar Frithghiniúint i mbun in 2019 chun cinneadh a dhéanamh faoin mbealach is fearr chun an moladh seo a chur i bhfeidhm. Oifigigh ón Roinn Sláinte is é atá ar an nGrúpa Oibre sin. Is éard atá i gceist leis an obair a dhéantar ann ná:

  • taighde a dhéanamh agus fianaise a bhailiú
  • saincheisteanna dlí agus saincheisteanna rialála a bhreithniú
  • dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara cosúil leatsa

Tá an Grúpa Oibre ag iarraidh ar páirtithe leasmhara agus ar daoine ón bpobal a dtuairimí ar an gceist seo a roinnt, ach an ceistneoir comhairliúcháin a líonadh. Tá fáilte roimh chách páirt a ghlacadh ann.


Conas is féidir leat páirt a ghlacadh

Is féidir nóta cúlra faoin gcomhairliúchán poiblí seo a íoslódáil.

Is féidir páirt a ghlacadh ann ach an ceistneoir comhairliúcháin a líonadh isteach.

Más mian leat leagan i gcóip crua a chomhlíonadh, is féidir leat an ceistneoir comhairliúcháin a íoslódáil.

Cuir d’aighneacht i gcóip chrua isteach chuig:


Dáta deiridh

Tá an comhairliúchán poiblí oscailte suas go dtí meán oíche, Dé Luain, an 5 Lúnasa 2019.

Ní bheifear in ann rochtain a fháil ar an gceistneoir ar líne ina dhiaidh sin. Ní cheadaítear d’aighneachtaí a fhaightear i ndiaidh an dáta sin a bheith curtha san áireamh sa tuarascáil deiridh.


Tuarascáil ar an gComhairliúcháin

Foilseoidh an Grúpa Oibre tuarascáil ina mbeidh anailís ar na haighneachtaí a bheidh faighte sa chomhairliúchán poiblí seo.


Conas a úsáidfimid an fhaisnéis a roinneann tú linn

Beidh an fhaisnéis agus na tuairimí a roinneann tú linn mar bhonn eolais ar an gcaoi a gcuirfear an moladh maidir leis an rochtain ar fhrithghiniúint i bhfeidhm. Caithfimid le do chuid faisnéise de réir na dlíthe agus na polasaithe um an gcosanta sonraí nuair a bhímid ag déanamh anailíse ar thorthaí an chomhairliúcháin seo, agus nuair a dhéanaimid an anailís agus na torthaí sin a fhoilsiú. Beidh na torthaí foriomlána a fhaightear ó dhaoine aonair foilsithe gan ainm, is é sin le rá nach mbeifear in ann tú a aithint sa tuarascáil deiridh. Déanfar na sonraí pearsanta go léir go a stóráil go daingean sábháilte. Más mian leat tuilleadh a fháil amach faoin gcaoi a n-úsáidtear do chuid sonraí, féach an tAcht um Chosaint Sonraí 2018.

Tabhair faoi deara gur féidir le daoine iarratas a dhéanamh rochtain a fháil ar na haighneachtaí a fhaighimid, faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, agus go bhféadfar, dá bharr, go mbeidh orainn aighneachtaí a scaoileadh d’fhonn freastal ar iarratas um Shaoráil Faisnéise. Tá sé níos dóchúla go dtarlóidh sé seo d’aighneachtaí a bhfaightear ó eagraíochtaí. Fágann sé sin go bhféadfaidís rochtain a fháil ar na freagraí a chuireann tú ar an gceistneoir, ach ní gá duit d’ainm a scríobh ar an gceistneoir más rud é nach bhfuil tú ag iarraidh é sin a dhéanamh.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Sláinte má tá aon cheist agat faoin gcomhairliúchán poiblí seo: r-phost: researchserviceunit@health.gov.ie nó glaoigh ar (01) 635 4000 agus iarr ar Aonad na Seirbhísí Taighde agus Beartais.