Comhairliúchán Poiblí ar Chostais Éilimh Sláinte
- Foilsithe: 6 Meitheamh 2023
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 6 Meitheamh 2023
- Dúnadh na haighneachtaí: 6 Iúil 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Consultation is closed
Iarratas ar Aighneachtaí chuig an nGrúpa Oibre Idir-Rannach chun an costas ardaithe ar éilimh sláinte-bhainteacha a scrúdú agus chun sásra chun costais a laghdú a bhreithniú.
I mí Eanáir 2023, cheadaigh an Rialtas bunú Grúpa Oibre Idir-Rannach chun an costas ardaithe ar éilimh sláinte-bhainteacha a scrúdú agus chun sásraí chun costais a laghdú a bhreithniú. Scrúdóidh an Grúpa an costas ardaithe ar éilimh faillí chliniciúil sa chóras sláinte, agus béim ar leith curtha aige ar éilimh ardluacha, mar iarracht chun bearta a shainaithint a bhféadfar iad a chur i bhfeidhm chun costais a laghdú amach anseo. Tá gairmí cúraim sláinte saineolach, an Dr Rhona Mahony, ag déanamh cathaoirleacht neamhspleách ar an nGrúpa, agus tá comhaltaí air ó na príomh-Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais.
Tá an Cathaoirleach ag lorg aighneachtaí a bhaineann le hobair an Ghrúpa ó dhaoine nó ó pháirtithe leasmhara a bhfuil suim acu ann.
Is éard is cuspóir leis na réimsí leathana a bheidh le tabhairt ag an nGrúpa ná:
1.Measúnú a dhéanamh ar na fáthanna a bhfuil costais éileamh ag ardú i gcónaí;
2.Scrúdú a dhéanamh ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta i réimse na n-éileamh sláinte-bhainteach;
3.Plean a fhorbairt chun bainistíocht riosca agus tionscnaimh eile a chur i bhfeidhm chun teagmhais dhíobhálacha a laghdú, go háirithe in earnáil na n-éileamh ardluacha (>€4m), a d’fhéadfadh torthaí a fheabhsú agus costais a laghdú sa todhchaí (rannpháirtíocht le, inter alia, an Grúpa Gníomhaíochta Náisiúnta um Einceifileapaite Leanaí Nuabhreithe a bhreithniú, ar grúpa chomhoibrithe é ar a bhfuil ionadaithe thar ceann an SCA, NPSO agus FSS agus atá ag scrúdú straitéisí chun an riosca a bhaineann le gortuithe breithe inchoiscthe a mhaolú);
4.Bearta a mholadh chun aghaidh a thabhairt ar údair imní a bhíonn ag othair iar-theagmhais, (m.sh. nósanna imeachta nochta, comhairleoireacht tráma, soláthar tacaíochtaí) a laghdóidh an gá atá le hothair imeachtaí dlí a thionscnamh. Agus é seo á bhreithniú, ba cheart don ghrúpa na bearta sin a bhreithniú is bearta a mhol an Dr. Scally ina thuarascáil deiridh athbhreithnithe ar chur chun feidhme a foilsíodh i mí na Samhna 2022.
5.Nuashonruithe a fháil maidir le cur i bhfeidhm na moltaí atá leagtha amach sa Tuarascáil ón “Sainghrúpa chun Athbhreithniú a dhéanamh ar Dhlí Torta agus ar Bhainistiú Éilimh um Fhaillí Cliniciúila” (‘Tuarascáil Meenan’), agus ar bhearta athchóirithe um Cheartas Sibhialta atá ar bun sa Roinn Dlí agus Cirt nuair is iomchuí i ndáil leis an tsaincheist maidir le costas éileamh a bhaineann le FSS a laghdú agus gníomhartha a shainaithint chun na hathchóirithe sin a luathú agus a dtionchar ar éilimh sláinte a uasmhéadú;
6.Scrúdú a dhéanamh ar rannpháirtíocht an chórais sláinte sa phróiseas éileamh, go háirithe a ról i soláthar fianaise/taifid leighis le linn fionnachtana d’fhonn próisis a shruthlíniú a d’fhéadfadh costas riaracháin éileamh a laghdú, lena n-áirítear costais dlí ach gan a bheith teoranta dóibh;
7Breithniú a dhéanamh ar an gcur chuige maidir le beartas agus córas sláinte i leith Olléilimh, lena n-áirítear scrúdú a dhéanamh an bhfuil raon feidhme ag an Roinn/FSS a chur chuige a fheabhsú nó a chaighdeánú agus iad ag déileáil le glaonna ar shásamh agus fiosrúcháin.
Ba cheart aighneachtaí a chur isteach i bhfoirm leictreonach amháin chuig HealthClaimsGroup@health.gov.ie faoin Déardaoin 6 Iúil 2023 ar a dhéanaí. Spriocdháta docht is é an dáta seo chun aighneachtaí a fháil.
Ní mór nach mó ná 5,000 líon focal na n-aighneachtaí. Ní mór go luafar sna haighneachtaí, i líne ábhair an ríomhphoist, an Téarma/na Téarmaí Tagartha atá á phlé nó a bplé iontu de réir an liosta (1) – (7) thuas. Féadfar aghaidh a thabhairt ar níos mó ná aon Téarma Tagartha amháin i ngach aighneacht. Tabhair faoi deara go bhféadfar aighneachtaí a fhoilsiú amach anseo.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin nGrúpa Oibre Idir-Rannach cliceáil anseo