Comhairliúchán poiblí ar Sheirbhísí Cúraim Shóisialaigh Mhíchumais chun plean a threorú do na 4 bliana amach romhainn (2022-2025)
- Foilsithe: 7 Meán Fómhair 2021
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 7 Meán Fómhair 2021
- Dúnadh na haighneachtaí: 12 Deireadh Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 13 Deireadh Fómhair 2021
Consultation is closed
Cúlra
Eagraíonn Seirbhísí Míchumais FSS sainseirbhísí tacaíochta míchumais. Is iad eagraíochtaí deonacha míchumais a sholáthraíonn iad seo den chuid is mó, ach eagraíonn FSS féin iad freisin, agus líon beag comhlachtaí príobháideacha. Faigheann daoine áirithe a mbuiséad féin ó FSS chun a bhfoireann tacaíochta féin a fhostú.
I measc na seirbhísí tá:
- luath-idirghabháil
- foirne teiripe speisialaithe do dhaoine le riachtanais chasta
- seirbhísí lae agus tacaíocht chun páirt a ghlacadh sa phobal
- cúnamh pearsanta
- tacaíocht bhaile
- faoisimh agus sosanna gearra
- tithíocht tacaithe agus cúram cónaithe
- seirbhísí agus tacaíochtaí pobail eile - áirítear leis seo an chomhairle agus an tacaíocht ó eagraíochtaí a chuidíonn le daoine a chónaíonn le riocht áirithe cosúil le cailliúint radharc na súl nó cailliúint éisteachta
Meastar i dtuarascáil le déanaí ón Roinn Sláinte, Athbhreithniú ar Inniúlacht Mhíchumais go 2032 - Athbhreithniú ar Éilimh ar Chúram Sóisialta agus Ceanglais Inniúlachta go 2032, cé mhéad duine a mbeidh na seirbhísí éagsúla seo de dhíth orthu idir seo agus 2032.
Clúdóidh an chéad Phlean Gníomhaíochta do Sheirbhísí Míchumais na ceithre bliana amach romhainn, 2022-2025. Tá breac-chuntas ar a bhfuil á mheas ar fáil go hiomlán agus go hachomair.
Chun cabhrú leis an bplean sin a ullmhú, ba mhaith linn cloisteáil uait faoi na bearnaí is mó agus na bearta is tábhachtaí sna ceithre bliana amach romhainn, dar leat, chun na seirbhísí míchumais seo a fheabhsú.
Sonraí an chomhairliúcháin
Táimid ag úsáid ceithre bhealach chun tuairimí daoine a fháil:
- cruinniú comhairliúcháin ar líne an 16 Meán Fómhair 2021
- ceistneoir comhairliúcháin d’aon duine a bhfuil suim aige ann
- plé duine le duine le daoine a úsáideann nó a dteastaíonn na seirbhísí seo uathu
- baileoidh na príomh-scáthchomhlachtaí míchumais tuairimí a gcuid ball agus cuirfidh siad isteach aighneacht thar a gceann
Tá clárú don ócáid seo dúnta anois, toisc go bhfuil toilleadh bainte amach againn.
Beidh imeacht comhairliúcháin ar líne á reáchtáil ag an roinn an 16 Meán Fómhair ó 2.30-4.30pm.
Déanfaimid iarracht ligean don oiread daoine agus is féidir páirt a ghlacadh, ach tabhair ar aird go bhfuil áiteanna teoranta.
Tabharfar tosaíocht do:
- dhaoine atá ag maireachtáil faoi mhíchumas, agus a úsáideann nó a dteastaíonn sain-thacaíochtaí míchumais uathu trí chlár Sheirbhísí Míchumais FSS
- thuismitheoirí leanaí a úsáideann nó a dteastaíonn na tacaíochtaí seo uathu
Déanfaimid iarracht freisin cothromaíocht a fháil ar fud áiteanna éagsúla sa tír.
Táimid ag iarraidh ar eagraíochtaí iarratas a dhéanamh ar níos mó ná áit amháin chun ionadaíocht a dhéanamh ar a n-eagraíocht.
Is í an Roinn Sláinte an rialaitheoir sonraí don phróiseas clárúcháin. Ní úsáidfear aon sonraí a thugann tú ar an bhfoirm chlárúcháin ach chun críche an chomhairliúcháin a eagrú (lena n-áirítear ár gcomhpháirtí TF), agus chun tuairisciú gan ainm ar an meascán daoine a d’fhreastail. Scriosfar aon fhaisnéis aitheantais tar éis an chomhairliúcháin.
Suirbhé
Mura roghnaítear tú chun freastal ar an seisiún, is féidir leat do thuairimí a chur in iúl fós trí fhoirm cheistneora ar líne go dtí 12pm an 19 Deireadh Fómhair.
Aighneachtaí
Iarradh ar na príom-scáthghrúpaí míchumais aighneachtaí i scríbhinn a ullmhú tar éis dóibh dul i gcomhairle lena mballraíocht. Féadfaidh tú do thuairimí a chur in iúl trí eagraíocht a bhfuil nasc agat léi.
Tugtar cuireadh do scáth-chomhlachtaí míchumais aighneacht a dhéanamh faoi Dé hAoine an 1 Deireadh Fómhair thar ceann a gcuid ball ar na tosaíochtaí ar mhaith leo go dtabharfaí aghaidh orthu i gcúram sóisialta faoi mhíchumas thar thréimhse an chéad Phlean Gníomhaíochta seo, ó 2022 go 2025. Chun a chinntiú go gcuirfear na haighneachtaí in iúl do na daoine atá ag ullmhú an Phlean Gníomhaíochta, atá ag obair faoi spriocdháta daingean, táimid ag iarraidh go mbeidh aighneachtaí gonta, agus go bhfaighfear iad in am.
Tógfaidh sé níos mó ama roinnt gníomhartha a bhaint amach ná a chéile. I roinnt cásanna, beidh gá le hobair ullmhúcháin go luath sa tréimhse d’fhonn seachadadh níos déanaí. D’fhéadfadh sé go dtógfadh sé roinnt ama roinnt beart a dhéanamh, mar shampla má chaithfear baill foirne nua a earcú agus a oiliúint.
Chomh maith le leagan amach na dtosaíochtaí foriomlána thar an tréimhse 2022-25 dar leat, ba mhaith linn freisin aon tuairimí atá agat faoin gcaoi a bhféadfaí gníomhartha éagsúla a chur ar an amchlár thar na ceithre bliana, agus na rudaí ar cheart díriú orthu níos luaithe a chloisteáil.
Is iad na treoirlínte maidir leis na haighneachtaí:
- uasmhéid de 5,000 focal atá i ngach aighneacht
- tá achoimre ag gach aighneacht ag an tosach ina leagtar amach go soiléir na rudaí a fheiceann tú mar thosaíochtaí don tréimhse 2022-2025 (uasmhéid 800 focal)
- tabhair sonraí faoi cé air a dhéanann tú ionadaíocht agus faoi do bhallraíocht
- cuir isteach sonraí faoin gcaoi a ndeachaigh tú i gcomhairle le do bhaill chun d’aighneacht a ullmhú
- úsáid ceannteidil agus fo-cheannteidil
Tá faisnéis a fhaigheann an roinn faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014, agus dá bhrí sin féadfar faisnéis a chuirtear ar fáil in aighneachtaí a scaoileadh faoin Acht sin. Mar sin féin, dhéanfaí aon fhaisnéis a shainaithníonn duine go pearsanta a atheagrú sula scaoilfí í.
Seoladh le haghaidh aighneachtaí
Seol ríomhphost chuig disabilityactionplan@health.gov.ie
Má bhíonn aon cheist agat, déan teagmháil le Niamh Richardson ag an seoladh ríomhphoist thuas.