English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí maidir le Nuashonrú ar an mBeartas um an gCúram Maolaitheach d’Aosaigh

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 13 Meán Fómhair 2021
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 13 Meán Fómhair 2021
  • Dúnadh na haighneachtaí: 25 Deireadh Fómhair 2021
  • An t-eolas is déanaí: 13 Meán Fómhair 2021

Consultation is closed

Tá Clár an Rialtais 2020 tiomanta do Bheartas Cúraim Mhaolaithigh nua d’Aosaigh lena dtabharfar an beartas atá ann cheana idTuarascáil 2001 an Choiste Chomhairligh Náisiúnta um an gCúram Maolaitheach cothrom le dáta. Is éard atá mar aidhm ag an nuashonrú beartais ná deimhin a dhéanamh de gur féidir le daoine agus a dteaghlaigh rochtain a fháil ar an leibhéal seirbhíse cúraim mhaolaithigh sin atá oiriúnach dá riachtanais, beag beann ar aois, ar an suíomh cúraim nó ar dhiagnóis.


Cad is Cúram Maolaitheach ann?

Cur chuige is é an cúram maolaitheach a chuireann le cáilíocht beatha an othair a bhfuil fadhbanna acu a bhaineann le breoiteacht atá baol báis leis, agus le cáilíocht beatha a dteaghlach freisin. Cosnaíonn sé an fhulaingt agus déanann sé í a mhaolú tríd an bpian agus fadhbanna eile a aithint go luath, a mheasúnú agus cóireáil a dhéanamh orthu i gceart, is cuma más pian nó fadhbanna coirp, síceasóisialta nó spioradálta atá i gceist (WHO, 2020). Is féidir teacht a fháil ar an gcúram maolaitheach i raon suíomh in Éirinn, sa bhaile, in ospísí, ospidéil agus áiseanna cúraim chónaithe, gan ach cúpla sampla a lua.


Comhairliúchán Poiblí

Tá an Roinn Sláinte ag lorg tuairimí ón bpobal faoi sheirbhísí cúraim mhaolaithigh in Éirinn agus faoi cad iad na tosaíochtaí atá ag an bpobal maidir le nuashonrú an bheartais cúraim mhaolaithigh. Mar gheall ar an gcomhairliúchán poiblí, ligfear don Roinn Sláinte na tuairimí ó raon leathan geallsealbhóirí a chloisteáil agus beidh torthaí an chomhairliúcháin mar bhonn eolais don nuashonrú beartais.

Déanfaidh Institiúid Sláinte agus Cúraim Mhaolaithigh Uile-Éireann (AIIHPC) anailís ar an bhfaisnéis a thagann ón gcomhairliúchán poiblí agus cuirfidh an institiúid sin tuarascáil faoi bhráid na Roinne Sláinte ina leith. Tá fáilte roimh chách freagra ar an gcomhairliúchán seo a chur isteach agus tá súil againn go nglacfaidh othair agus a dteaghlaigh páirt ann, chomh maith leis an bpobal i gcoitinne, cúramóirí, eagraíochtaí deonacha, soláthraithe sláinte agus cúraim shóisialta, gairmithe sláinte agus eagraíochtaí ionadaíocha. Tá dhá leagan den suirbhé ann, ceann amháin le haghaidh daoine aonair agus ceann eile le haghaidh eagraíochtaí.

Táimid ag iarraidh ar dhaoine aonair páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán poiblí ach an suirbhé ar líne a líonadh isteach anseo.

Táimid ag iarraidh ar eagraíochtaí / comhlachtaí ionadaíocha páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán poiblí ach an suirbhé ar líne a líonadh isteach anseo

Is é 5pm, Dé Luain 25 Deireadh Fómhair an dáta agus an uair dheiridh don chomhairliúchán poiblí. Ní bheifear in ann rochtain a fháil ar an gceistneoir ar líne ina dhiaidh sin.


Fógra maidir leis an bPríobháideachas

Is féidir Polasaí Príobháideachais na Roinne a fheiceáil anseo.

Déileálfar le haon fhaisnéis phearsanta a chuireann tú ar fáil don chomhairliúchán poiblí de do thoil féin leis na caighdeáin is airde slándála agus rúndachta, de réir an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí 2016/67 agus an Achta um Chosaint Sonraí 2018.


Conas a bheifear ag úsáid na sonraí:

Déanfaidh Institiúid Sláinte agus Cúraim Mhaolaithigh Uile-Éireann (AIIHPC) anailís ar na freagraí agus cuirfidh siad tuarascáil faoi bhráid na Roinne Sláinte, agus leagtha amach inti siúd príomhthéamaí agus príomhthorthaí an chomhairliúcháin phoiblí. Suirbhé don duine aonair, gan ainm, atá i gceist. Tá ainm agus ról an duine atá údaraithe chun suirbhé a dhéanamh thar ceann na heagraíochta ag teastáil chun críche shuirbhé na heagraíochta. Ní chuirfear an fhaisnéis seo ar aghaidh chuig an AIIHPC agus scriosfar í laistigh de 6 mhí i ndiaidh an chomhairliúcháin. D’fhéadfadh liosta iomlán de na heagraíochtaí / comhlachtaí ionadaíocha sin a rinne aighneachtaí ach nach raibh ainmneacha daoine aonair a bheith san áireamh sa tuarascáil deiridh. Ní luafar sa tuarascáil ach amháin sonraí comhiomlána.

Trí aighneacht a chur ar fáil don chomhairliúchán seo, tá tú ag toiliú leis go ndéanfaidh an Roinn Sláinte agus an AIIHPC do chuid sonraí a phróiseáil. Ní úsáidfear do chuid sonraí ach amháin i gcomhthéacs nuashonrú an bheartais um an gCúram Maolaitheach, agus ní chun aon chríche eile.

Tabhair faoi deara le do thoil gur féidir le daoine a iarraidh ar na haighneachtaí a fhaighimid faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (FOI) 2014 a fheiceáil agus mar sin d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh orainn aighneachtaí a scaoileadh mar fhreagairt ar iarratas um Shaoráil Faisnéise. Tá sé níos dóchúla go dtarlóidh sé seo d’aighneachtaí a bhfaightear ó eagraíochtaí. Fágann sé sin go bhféadfadh an t-iarratasóir sin rochtain a fháil ar do chuid freagraí leis an gceistneoir, ach mar sin féin bheadh gach aon fhaisnéis phearsanta a chuimsítear sna haighneachtaí folaithe sula scaoilfí saor í.