Comhairliúchán Poiblí maidir le Seirbhísí Sláinte agus Cúraim Shóisialta agus Tacaíochtaí do Dhaoine Scothaosta
- Foilsithe: 29 Lúnasa 2024
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 29 Lúnasa 2024
- Dúnadh na haighneachtaí: 8 Samhain 2024
- An t-eolas is déanaí: 6 Nollaig 2024
Consultation is closed
Dúnadh an comhairliúchán poiblí seo an 8 Samhain 2024
Gabhaimid buíochas le gach duine a ghlac páirt sa chomhairliúchán poiblí ar sheirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta agus tacaíochtaí do dhaoine scothaosta a rinne an Roinn Sláinte thar ceann an Choimisiúin um Chúram.
Fuarthas 2,815 freagra ar an gcomhairliúchán. Thar ceann na Roinne Sláinte, tá an Institiúid Sláinte Poiblí chun anailís a dhéanamh ar na freagraí uilig seo agus chun tuarascáil a ullmhú ar a gcuid torthaí.
Cuirfidh an tuarascáil ar chumas an Choimisiúin foghlaim faoi thuairimí an phobail maidir le seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta agus tacaíochtaí a sholáthar do dhaoine scothaosta in Éirinn. Beidh na tuairimí a chuirfear in iúl mar bhonn eolais do mholtaí an Choimisiúin maidir le forbairt na seirbhísí agus na dtacaíochtaí sin amach anseo.