English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán poiblí maidir leis an gcéad bheartas eile de chuid na hÉireann maidir le féinmharú a laghdú

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 5 Márta 2025
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 5 Márta 2025
  • Dúnadh na haighneachtaí: 18 Aibreán 2025
  • An t-eolas is déanaí: 6 Márta 2025

Consultation is open

Cúlra

Tá cur chuige Rialtas na hÉireann maidir le féinmharú a laghdú, idirghabháil agus postvention (tacaíocht tar éis tragóid a tharla) leagtha amach sa bheartas Item was unpublished or removed. Soláthraíonn sé plean cuimsitheach, bunaithe ar an bhfianaise idirnáisiúnta is fearr, maidir le conas is féidir linn leibhéil féinmharaithe inár dtír a laghdú. Seoladh Ceangail ar Feadh an tSaoil in 2015 agus tháinig deireadh leis in 2024. Mar chuid dá fhorbairt bhí próiseas comhairliúcháin phoiblí fairsing le haighneachtaí ó 272 ball den phobal, eagraíochtaí ionadaíocha, úsáideoirí na seirbhíse meabhairshláinte agus eagraíochtaí pobail.

Tá Ceangail ar Feadh an tSaoil á mheas faoi láthair chun measúnú a dhéanamh ar cé chomh maith agus a d'oibrigh na codanna éagsúla den phlean. Tá tuarascáil dheiridh dlite i mí an Mheithimh 2025. Ag an am céanna, tá Aonad Meabhairshláinte na Roinne Sláinte tosaithe ag obair ar pholasaí comharba, a chuireann leis an rath atá ar an gceann reatha agus a chuireann fianaise nua san áireamh. Tá an polasaí seo le bheith críochnaithe faoi dheireadh 2025. Leagfar amach sa pholasaí nua cur chuige an Rialtais maidir le féinmharú a laghdú ó 2026 ar aghaidh.

Cuspóir

Mar chuid d'fhorbairt an chéad bheartais eile in Éirinn maidir le féinmharú a laghdú, tugann an Roinn Sláinte cuireadh don phobal, do ghrúpaí agus d'eagraíochtaí a n-aiseolas/taithí/fianaise maidir le laghdú féinmharaithe in Éirinn agus an méid ba mhaith leo a fheiceáil i mbeartas nua a roinnt. Ba mhaith linn go háirithe cloisteáil ó dhaoine a bhfuil taithí saoil acu ar fhéinmharú. Aithnímid an rannchuidiú thar a bheith tábhachtach a dhéanann daoine a bhfuil taithí saoil acu ar fhéinmharú chun féinmharú a chosc. Aithnímid freisin gach saol a chaill muid de thoradh féinmharaithe in Éirinn agus iad siúd inár bpobail a bhfuil tionchar mór ag féinmharú orthu.

Tá an Roinn Sláinte ag obair leis an bhFondúireacht Náisiúnta um Thaighde ar Fhéinmharú atá ag cur sainchomhairle ar fáil maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí agus a thacóidh le forbairt na tuarascála deiridh ar an bpróiseas.

Beidh suirbhé ar líne agus imeachtaí comhairliúcháin duine le duine agus ar líne i gceist leis an bpróiseas comhairliúcháin.

Conas páirt a ghlacadh

Is féidir le baill den phobal/eagraíochtaí páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin trí shuirbhé gairid a chomhlánú anseo. Cuirfidh an suirbhé roinnt ceisteanna fút féin nó faoi d'eagraíocht. Iarrfar ort do thuairim faoi fhéinmharú a laghdú, agus beidh deis agat freisin do thaithí/aiseolas a roinnt leis an Roinn Sláinte.

Is é an dáta deiridh don suirbhé a chomhlánú ná 5pm Aoine 18 Aibreán 2025. Ní bheidh sé indéanta teacht ar an suirbhé ar líne tar éis an ama seo.

Ag deireadh an tsuirbhé iarrfar ort do shonraí teagmhála a fhágáil más mian leat cuireadh a fháil chuig ceann de na cruinnithe comhairliúcháin pearsanta nó ar líne a bheidh á reáchtáil ag an Roinn Sláinte i mí an Mhárta, i mí Aibreáin agus i mí na Bealtaine.

Cad a dhéanfaimid le do fhreagra

Úsáidfear na sonraí a bhaileofar tríd an gcomhairliúchán seo chun na críche áirithe sin, de réir dea-chleachtais na Roinne agus RGCS. Tá an comhairliúchán anaithnid agus ní gá d'aon duine sonraí pearsanta a chur ar fáil. Táimid ag baint úsáide as uirlis ar a dtugtar EUSurvey, nach sábhálfaidh aon sonraí pearsanta ar nós seoltaí IP. Ná cuir aon fhaisnéis inaitheanta phearsanta san áireamh i do chuid freagraí ar cheisteanna an chomhairliúcháin.

Tugann an cheist dheireanach an rogha duit sonraí teagmhála a chur ar fáil má tá suim agat go ndéanfaimis teagmháil leat chun obair leantach a dhéanamh ina dhiaidh sin. Tá sé i gceist ag an Roinn Sláinte, ar mhaithe le trédhearcacht, achoimre ar na haighneachtaí a fuarthas mar fhreagra ar an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí seo a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin. Déanfar sonraí a bhaineann le ríomhphost, má chuirtear ar fáil go roghnach é, a bhaint, de réir mar is gnáth.

Teagmháil

Má tá aon cheist agat faoin bpróiseas den Chomhairliúchán Poiblí, seol ríomhphost chuig suicidereductionconsultation@health.gov.ie

Tacaíocht

Meabhraíonn an Roinn Sláinte do dhaoine gur ábhar an-íogair é féinmharú. D'fhéadfadh go ngoillfidh an t-ábhar seo go mór ar dhaoine. Iarraimid ar dhaoine a bheith aireach faoi seo sula ndéanann siad an suirbhé, nó le linn dóibh ceisteanna a fhreagairt.

Má tá imní ort faoi do mheabhairshláinte nó faoi mheabhairshláinte duine a bhfuil aithne agat air, téigh chuig suíomh gréasáin FSS www.yourmentalhealth.ie. Is tairseach 'ionad ilfhreastail' é an suíomh gréasáin seo do dhaoine atá ag lorg eolais faoi thacaíochtaí agus seirbhísí meabhairshláinte iontaofa, lena n-áirítear faisnéis maidir le rochtain a fháil ar chabhair phráinneach.

Comhairliúchán seachtrach

To view the consultation click the button below.