Comhairliúchán Poiblí: Plean Oiriúnaithe don Earnáil Sláinte um an Athrú Aeráide
- Foilsithe: 22 Lúnasa 2019
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 22 Iúil 2019
- Dúnadh na haighneachtaí: 25 Lúnasa 2019
- An t-eolas is déanaí: 26 Lúnasa 2020
Consultation is closed
Tá Simon Harris TD, an tAire Sláinte, ag lorg aighneachtaí ón bpobal ar an gceist thábhachtach maidir leis an oiriúnú don earnáil sláinte um an athrú aeráide.
Feiniméan atá ag tarlú gach uile áit ar domhan is é an t-athrú aeráide agus léiríonn sé bagairt shuntasach do shláinte an duine. Gan gníomh éifeachtach maolaithe agus oiriúnaithe a dhéanamh, beidh impleachtaí as cuimse ag an athrú aeráide do shláinte agus d’fholláine mhuintir na hÉireann, don soláthar seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta go héifeachtach ann, agus dár mbonneagar criticiúil. Fiú agus muid ag bogadh i dtreo a bheith mar thír ísealcharbóin agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi 2050, leanfaidh an t-athrú aeráide ar aghaidh mar gheall ar thionchar na n-astaíochtaí atá á scaoileadh anois agus na gcinn ar scaoileadh roimhe seo.
Beidh gníomh oiriúnaithe éifeachtach riachtanach chun sláinte agus folláine mhuintir na hÉireann a chosaint. Chuige sin, tá plean cúig bliana don oiriúnú um an athrú aeráide san earnáil sláinte in Éirinn á fhorbairt faoi láthair.
Is é cuspóir an chomhairliúcháin phoiblí seo deis a thabhairt do gach páirtí leasmhar a dtuairimí a thabhairt. Tá fáilte romhat do chuid thuairimí a chur isteach, breithneofar go cúramach iad, agus is gné riachtanach iad chun deimhniú go mbeidh an Plean críochnaitheach, láidir agus críochnúil.
Chun aighneacht a chur isteach mar chuid den chomhairliúchán poiblí seo, cuir do chuid aighneachtaí isteach i r-phost chuig CCAP@health.gov.ie faoin spriocdháta, an 25 Lúnasa 2019.
De mhalairt air sin, is féidir d’aighneachtaí a chur isteach sa phost chuig:
Mar chuid den obair atá déanta go dtí seo chun plean a fhorbairt, rinneadh sé chás aeráide bunúsacha a shainaithint ina mbeadh na himpleachtaí sláinte is doimhne ag baint leo. Tá breac-chuntas déanta go mion ar na cásanna seo sa cháipéis PDF ag seo, thíos.
Baineann dhá cheann de na cásanna leis an tionchar fadtéarmach, le himeacht ama - an radaíocht UV ón neamhchosaint roimh an ngrian, agus an truailliú aeir - agus baineann ceithre chás le teagmhais aimsire géara - stoirmeacha gaoithe; an teas foircneach agus tonnta teasa; an trombháisteach agus tuilte; agus tréimhsí uafásach fuar.
Go háirithe, táimid ag lorg bhur gcuid tuairimí ar na ceisteanna seo a leanas:
- an ionann na sé chás aeráide arna sainaithint agus na hábhair imní agus na rioscaí tosaíochta is airde don earnáil sláinte?
- an bhfuil rioscaí nó leochaileachtaí a bhaineann leis an athrú aeráide ann nach bhfuil áirithe, agus gur cheart dóibh a bheith ann, agus an fáth gur cheart
- an bhfuil moltaí breise agat maidir le gníomhartha oiriúnaithe nithiúla agus costéifeachtacha don earnáil sláinte?
Níor cheart faisnéis phearsanta, rúnda nó íogair ó thaobh na tráchtála de a chur isteach san aighneacht. Tagann gach uile aighneacht faoi réir na reachtaíochta maidir leis an tSaoráil Fhaisnéise agus an gCosaint Sonraí. Féadfar aighneachtaí a bheith curtha ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne.