English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Tionscadal Scéalta Othar agus Foirne faoi ionfhabhtuithe ospidéil - Inis do scéal!

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 20 Bealtaine 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá an Roinn Sláinte ag obair leis an FSS ar Thionscadal Taighde ar Scéalta na nOthar agus na Foirne chun foghlaim ó thaithí na foirne agus na n-othar agus chun cabhrú leis na cleachtais um chosc agus rialú an ionfhabhtaithe a fheabhsú.

Cabhróidh éisteacht le do scéal linn an chomhairle is fearr is féidir a churf ar fáil d’othair, dá gcuid teaghlaigh agus don phobal.

Cláraigh anseo chun páirt a ghlacadh. Is féidir le taighdeoir ó M-CO, an comhlacht atá ag obair ar son na Roinne ar an tionscadal seo, dul i dteagmháil leat chun a fháil amach an mbeadh tú sásta do scéal a insint dúinn.

Tógfaidh an comhrá suas le 40 nóiméad, ar líne nó ar an bhfón.

Is príomhghníomh é an tionscadal taighde seo faoin dara Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um an bhFrithsheasmhacht Fhrithmhiocróbach de chuid na hÉireann, ar a dtugtar iNAP2.

Tuilleadh Eolais ar Thionscadal Ionfhabhtuithe Ospidéil d’Othair

Tuilleadh Eolais ar Thionscadal Ionfhabhtuithe Ospidéil do Chomhaltaí Foirne

Cad atá mar chuspóir ag an tionscadal?

Séard atá mar chuspóir le Tionscadal Scéalta na n-Othar agus na bhFoirne ná féachaint le hiniúchadh a dhéanamh ar eolas, cleachtais, taithí agus dearcthaí na n-othar agus na foirne a úsáideann agus a oibríonn i seirbhís na sláinte poiblí maidir leis an bhFrithsheasmhacht Frithmhiocróbach (AMR) agus Cosc agus Rialú an Ionfhabhtaithe (CRI). Aithnítear go bhfuil na hothair agus na baill foirne atá ar eolas maith maidir le AMR agus CRI ríthábhachtach d'fonn na frithsheasmhachta in aghaidh na ndrugaí frithmhiocróbacha a chomhrac agus chun galair agus an t-ionfhabhtú a laghdú. Bainfear úsáid as scéalta na rannpháirtithe chun an t-eolas a chur ar fáil, chun an beartas a phleanáil agus chun cur le stór an eolais maidir le AMR agus CRI. Cabhróidh na sonraí a bhaileofar trí chleachtadh rannpháirtíocht an poibail seo leis an bhfeabhsá a chur chun cinn agus leis an bhfoghlaim i tseirbhís na sláinte a chothú.

Cad is an an Fhrithsheasmhacht Fhrithmhiocróbach ann?

Séard atá sa Fhrithsheasmhacht Fhrithmhiocróbach (AMR) ná frithsheasmhacht an ghalair in aghaidh na ndrugaí a bhí éifeachtach ar dtús d'fhomn an ionfhabhtaithe a chóireáil. Tá na miocrorgánaigh fhrithsheasmhacha in ann teacht slán as ionsaí ó dhrugaí frithmhiocróbacha, mar dhrugaí frith-bhaictéaracha (ar a dtugtar antaibheathaigh freisin), frith-fhungasacha, frith-viréasacha agus frith-mhaláireacha, ionas go n-éiríonn na gnáth-chóireálacha neamhéifeachtach agus go leanann an ionfhabhtú, rud a mhéadaíonn an baol go scaipfear chuig daoine eile é. Aithnítear an t-ardú ar AMR ar leibhéil domhanda, Eorpach agus náisiúnta mar cheann de na bagairtí is baolaí do shláinte an duine agus do shláinte na n-ainmhithe le héifeachtaí tromchúiseacha féideartha ar an sláinte phoiblí, ar leas na n-ainmhithe agus ar earnálacha na talmhaíochta agus an bhia. Tá tuilleadh eolais a bhaineann le AMR le fáil anseo.

Cad is Cosc agus Rialú an Ionfhabhtaithe ann?

Is sraith cleachtas agus saineolais iad Cosc agus Rialú an Ionfhabhtaithe (CRI) a chabhraíonn le chéile le scaipeadh an ionfhabhtaithe a chosc agus le tionchar an ionfhabhtaithe a laghdú nuair a tharlaíonn sé. Baineann gach éinne úsáid as cleachtais an CRI sa ghnáthshaol, cosúil le níocháin na láimhe, le haghaidh an ionfhabhtú a chosc. Tá cleachtais an CRI ríthábhachtach i gcúram na sláinte agus sna hospidéil maidir le hothair agus oibrithe cúram na sláinte a chosaint ón ionfhabhtú. Tá tuilleadh eolais a bhaineann le CIR le fáil anseo.

Cad is Ionfhabhtú a Bhaineann le Cúram na Sláinte ann?

Séard is ionfhabhtú a bhaineann le cúram na sláinte ann ná ionfhabhtú a fhaigheann othar le linn dó a bheith san ospidéal nó i suíomh eile cúram na sláinte. Tá tuilleadh eolais a bhaineann le hIonfhabhtú a Bhaineann le Cúram na Sláinte le fáil anseo.