English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

An Coiste Comhairleach um Othair Ailse

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 30 Deireadh Fómhair 2024
  • An t-eolas is déanaí: 2 Nollaig 2024

Bhunaigh an tAire Sláinte Coiste Comhairleach Othar Ailse, de réir Mholadh 39 den Straitéis Náisiúnta Ailse 2017-2026 ina bhfuil sé luaite:

“Cuirfidh an Roinn Sláinte Coiste Comhairleach Othar Ailse i mbun chun bonn eolais a chur le forbairt clár d’othair a bhfuil ailse orthu. I mballraíocht an choiste seo, beidh éagsúlacht na n-othar a mhaireann leis an ailse, agus déanfar cinnte go ndéanfar ionadaíocht ar riachtanais na n-othar a chónaíonn i gceantair níos iargúlta."

Tá ionadaí ón Roinn Sláinte mar chathaoirleach ar an gCoiste agus tá 15 bhall ann a roghnaíodh tar éis ghlao na Roinne ar léirithe spéise sa bhallraíocht. Tá sé beartaithe go gcuirfidh an Coiste seo ionchur othar ar fáil maidir le maoirseacht ar chur i bhfeidhm na Straitéise agus i bhforbairt clár d’othair a bhfuil ailse orthu.

Cancer Patient Advisory Committee Terms of Reference
The Cancer Patient Advisory Committee will meet at least quarterly and committee meetings will be chaired by the Department of Health.
Amharc amharc
Members of the Cancer Patient Advisory Committee
Amharc amharc

Coiste Comhairleach Osthar Ailse - Glao ar Léirithe Spéise i gComhaltas

Tá léirithe spéise á lorg le haghaidh comhaltas de Choiste Comhairleach Othar Ailse, a chuireadh ar bun de réir Mholadh 39 den Straitéis Náisiúnta Ailse 2017-2026.

Moladh 39: Cuirfidh an Roinn Sláinte Coiste Comhairleach Othar Ailse ar bun chun ionchur a thabhairt nuair a bhíonn cláir á bhforbairt d’othair a bhfuil ailse orthu. Beidh an comhaltas den choiste sin ag teacht le cineál éagsúil na n-othar a bhfuil tionchar á imirt ag an ailse ar a saol agus cinnteoidh sé go ndéanfar ionadaíocht do na riachtanais atá ag othair a chónaíonn i gceantair iargúlta.

Den chuid is mó, beimid ar lorg daoine a bhfuil taithí dhíreach acu ar chóireáil ailse mar othar. Mar sin féin, d’fhéadfadh go ndéanfaí comhaltaí de dhaoine a thug tacaíocht do bhall teaghlaigh nó do dhlúthchara le linn cóireáil ailse roimhe seo nó de dhaoine a thugann tacaíocht d’othair ailse mar chuid dá bpost freisin.

Aon daoine atá ag iarraidh léiriú spéise a chur in iúl ina bheith ina gcomhalta den Choiste, iarrtar orthu an fhoirm ‘Léirithe Spéise’ faoi iamh a chomhlánú agus í a sheoladh ar ais chugainn le ríomhphost CPAC2024@health.gov.ie faoin 15 Eanáir 2024.

Léirithe Suime le haghaidh Comhaltai
Download link for Íoslódáil