An Rannán Airgeadais agus Meastóireachta
- Foilsithe: 4 Meitheamh 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá an Rannán Airgeadais agus Meastóireachta freagrach as:
- nósanna imeachta caiteachais agus bainistíochta airgid iomchuí a chur i bhfeidhm chun staid airgeadais na Roinne a bhainistiú
- na Cuntais Leithreasa do Vóta 38 (Roinn Sláinte) a ullmhú agus feidhm na gcuntas a sholáthar agus cuidiú le hullmhú na gCuntas Leithreasa do Vóta 40 (RLGÓ)
- feidhmíocht Vóta 38 (sláinte) a bhainistiú, ó chaibidlíocht na Meastachán go dtí a chinntiú go gcaitear maoiniú ar bhealach iomchuí, lena n-áirítear monatóireacht, meastóireacht agus tuairisciú ar fheidhmíocht airgeadais FSS
- bainistíocht straitéiseach ar an gClár Caipitil (gan an TFC a áireamh)
- breithniú a dhéanamh ar riachtanais mhaoinithe sláinte níos fadtéarmaí, le tacaíocht ó mhodhanna feabhsaithe chun feidhmíocht a bhainistiú agus a anailísiú lena n-áirítear a chinntiú go ndéantar Maoiniú Bunaithe ar Ghníomhaíocht a rolladh amach mar is cuí in ospidéil ghéarmhíochaine