An Rannán Náisiúnta Acmhainní Daonna
- Foilsithe: 4 Meitheamh 2019
- An t-eolas is déanaí: 9 Meán Fómhair 2020
Tá an Rannán Náisiúnta Acmhainní Daonna freagrach as:
- an beartas bainistíochta AD éifeachtach a fhorbairt d’fhonn a chinntiú go bhforbrófar fórsa saothair gníomhach, ardfheidhmíochta a theastaíonn chun cuspóirí gnó na Roinne Sláinte a bhaint amach, le fócas ar leith ar fhorbairt eagraíochtúil, rannpháirtíocht fostaithe, foghlaim agus forbairt foirne
- tacú le seachadadh oibleagáidí na Roinne Sláinte faoi Phlean Athnuachana na Státseirbhíse
- feidhm seirbhísí corparáideacha agus cóiríochta na Roinne Sláinte a bhainistiú, ina measc athlonnú ceanncheathrúna na roinne
- seirbhísí TFC inmheánacha a chomhordú agus a fhorbairt
- cur chuige foriomlán i leith acmhainní straitéiseacha daonna agus pleanáil agus forbairt fórsa saothair a fhoirmiú agus a chinntiú ar fud na seirbhíse sláinte poiblí trí chlár comhleanúnach anailíse, pleanála agus meastóireachta a chuireann táirgiúlacht chun cinn agus a thacaíonn le samhlacha nua cúraim níos éifeachtaí a sholáthar.
- cur i bhfeidhm Chomhaontuithe na Seirbhíse Poiblí a chur ar aghaidh maidir le hábhair a bhaineann leis an earnáil sláinte; an córas rialála gairmiúla don chóras sláinte iomlán a neartú