Faisnéis eagraíochta
An Rannán Reachtaíochta Corparáidí, Meabhairshláinte, Beartais Drugaí agus Sábháilteachta Bia
- Foilsithe: 26 Meán Fómhair 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá an Rannán Reachtaíochta Corparáidí, Meabhairshláinte, Beartas Drugaí agus Sábháilteacht Bia freagrach as:
- cur i bhfeidhm an bheartais mheabhairshláinte a fhorbairt agus a mhaoirsiú agus deimhin a dhéanamh de go bhfuil Creat Dlíthiúil Meabhairshláinte i bhfeidhm atá oiriúnach
- maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Fhís don Athrú i gcomhar leis an FSS agus ranna rialtais
- cur i bhfeidhm na Straitéise um an Nascadh don Saol - Cosc ar an Fhéinmharú 2015-2020
- maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta Frithdhrugaí - An Díobháil a Laghdú agus an Téarnamh a Thacú: cur chuige sláinte-bhunaithe i leith na úsáide drugaí agus alcóil in Éirinn, lena n-áirítear tascfhórsaí ar dhrugaí agus ar alcól
- bainistíocht agus maoirseacht a dhéanamh ar fhorbairt beartais sláinte uilechuimsitheachta, agus seirbhísí chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais sláinte grúpaí atá eisiata go sóisialta
- beartas agus reachtaíocht a fhorbairt lena dtabharfar aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna sábháilteachta bia agus sláinte comhshaoil i gcomhar le ranna agus gníomhaireachtaí rialtais eile, lena n-áirítear maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaireachtaí ábhartha agus reachtaíocht an AE a thrasuí
- maoirseacht a dhéanamh ar reachtaíocht chorparáideach leathan trasearnála áirithe don roinn