Ceapacháin ar Bhoird Stáit faoi choimirce na Roinne Sláinte
- Foilsithe: 5 Meitheamh 2019
- An t-eolas is déanaí: 31 Bealtaine 2024
Ceapacháin ar Bhoird Stáit
Mar chuid den dea-rialachas agus den dea-chuntasacht, ceapann an chuid is mó de na comhlachtaí comhaltaí an bhoird chun maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an chomhlachta sin. Is mar sin atá sé i gcás comhlachtaí stáit chomh maith.
Tá roinnt comhlachtaí stáit ann a thagann faoi choimirce na Roinne Sláinte. Is é an tAire Sláinte a dhéanann na comhaltaí ar go leor de na bhoird sna comhlachtaí stáit sin a cheapadh agus a ainmniú. Boird stáit a thugtar orthu.
Má tá suim agat a bheith i do chomhalta de chuid bhord stáit, lena n-áirítear cheann atá faoi choimirce na roinne seo, is féidir leat an spéis atá agat ann a chlárú ar shuíomh gréasáin na mBord Stáit.
Ní mór don tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí gach uile fholúntas ar bhord stáit a bhfuil cearta ainmniúcháin ag an Aire ina leith a fhógairt ar an suíomh gréasáin Boird Stáit.
Féadfar roinnt folúntas a bheith ann nach mór iad a líonadh trí phróiseas ar leith, sa chás go bhfuil saineolas ag teastáil i réimse ar leith, mar shampla, nó sa chás go bhfuil ball á athcheapadh ar an mbonn gur léirigh siad a gcumas feidhmiú go héifeachtach agus chun an leanúnachas ar an bhord a chinntiú.
Nuair a fhógraítear folúntais, breithneofar gach aon iarratas a fhaightear faoi réir an méid atá leagtha amach thuas.
Agus aon cheapacháin bhoird á ndéanamh aige, ní gá go mbeidh an tAire teoranta dóibh siúd a dhéanann léirithe spéise den sórt sin ach cinnteoidh sé go mbeidh na cáilíochtaí ábhartha do na poist ag gach duine a cheapfar. Maidir leis sin, tabharfaidh an tAire aird ar an gcomhlacht nó ar an ngníomhaireacht atá i gceist agus ar an réimse freagrachta ar leith atá i gceist, agus déanfaidh sé cinnte de chomh maith go mbeidh an meascán iomchuí scileanna agus taithí ag na comhaltaí ar an mbord i gceist i réimsí dála an rialachais chorparáidigh, an tsaineolais dlí agus airgeadais (go háirithe i dtaca leis an gcumas iniúchta agus measúnaithe tionscadail araon).
Is féidir leis an tAire cinneadh a dhéanamh ó am go ham freisin gan na folúntais go léir atá ann a líonadh.
Féadfar do chomhaltaí bhoird stáit a bheith i dteideal luach saothair agus aisíocaíocht araon a fháil as costais a thabhaítear agus iad ag comhlíonadh a gcuid dualgas. Leis an bPrionsabal Aon Duine Amháin, Aon Tuarastal Amháin, tá cosc curtha ar gach uile sheirbhíseach poiblí gan a bheith in ann táillí a fháil
Tá na fógraí reatha maidir le folúntais ar fáil ar líne.
Cliceáil ar aon cheann de na boird stáit ag an nasc ag seo thíos chun faisnéis a fháil fúthu, lena n-áirítear a gcomhaltaí, an tráth ar ceapadh iad agus an tráth a rachaidh a gceapacháin in éag, chomh maith leis an gcomhlacht ainmniúcháin.
Boird Stáit atá faoi choimirce na Roinne Sláinte
Tá tuilleadh eolais le fáil faoi ceapacháin ar bhoird stáit atá faoi choimirce na roinne.