Comhlachtaí atá faoi choimirce na Roinne Sláinte
- Foilsithe: 24 Bealtaine 2019
- An t-eolas is déanaí: 8 Márta 2021
- An Chomhairle Fiaclóireachta
- Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann
- An Chomhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (CORU)
- An tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte
- An tÚdarás Árachais Sláinte
- An tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte
- An Bord Taighde Sláinte
- Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
- Seirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann
- Comhairle na nDochtúirí Leighis
- An Coimisiún Meabhair-Shláinte
- Clárlann Náisiúnta Ailse na hÉireann
- Bord Forbartha an Ospidéil Náisiúnta Péidiatraicigh
- An Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála
- Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann
- Cumann Cógaiseoirí na hÉireann
- An Chomhairle um Chúram Éigeandála Réamh-Ospidéil
- Bia Sábháilte
- An Bord Árachais Sláinte Shaorálaigh
An Chomhairle Fiaclóireachta
Bunaíodh an Chomhairle Fiaclóireachta de réir fhorálacha [external-link http://www.irishstatutebook.ie/eli/1985/act/9/enacted/en/html | Achta na bhFiaclóirí
1985.] Tá sé mar aidhm ag an gcomhairle an t-oideachas gairmiúil ardchaighdeáin agus an t-iompar gairmiúil ardchaighdeáin a chur chun cinn i measc fiaclóirí.
Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann
Is í príomhfheidhm an Údaráis Sábháilteachta Bia gach céim réasúnach a ghlacadh chun a chinntiú go gcomhlíonann an bia a tháirgtear, a dháiltear nó a mhargaítear sa Stát na caighdeáin is airde sábháilteachta agus sláinteachais bia.
An Chomhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (CORU)
Ról an [nasc seachtrach http://www.coru.ie/ | Tá an Chomhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh,] ar a dtugtar CORU, chun an pobal a chosaint trí ardchaighdeáin iompair ghairmiúil, oideachais, oiliúna agus inniúlachta a chur chun cinn trí gairmithe sláinte agus cúraim shóisialta a rialáil agus a chlárú de réir an reachta An tAcht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh 2005.
An tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte
Údarás neamhspleách is é an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte atá freagrach as an ardchaighdeán, an tsábháilteacht agus an chuntasacht a chur chun cinn i seirbhísí cónaithe do leanaí, do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas in Éirinn.
Tá an t-údarás freagrach as an dul i bhfeabhas a chur chun cinn maidir leis an ardchaighdeán agus an sábháilteacht sa chúram sláinte thar ceann na n-othar. Áirítear leis sin caighdeáin a fhorbairt, monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh caighdeán agus imscrúdu a dhéanamh nuair atá forais réasúnacha ann gur cheart amhlaidh a dhéanamh.
An tÚdarás Árachais Sláinte
Rialaitheoir reachtúil ar an margadh árachais sláinte príobháideach in Éirinn is é an tÚdarás Árachais Sláinte. Cuireann an t-údarás faisnéis ar fáil do thomhaltóirí chomh maith, maidir lena gcearta agus maidir le pleananna agus sochair árachais sláinte atá ar fáil.
An tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte
Is é ról an Údaráis Rialála Táirgí Sláinte sláinte an phobail agus sláinte ainmhithe a chosaint agus a fheabhsú trí chógais, gairis leighis agus táirgí sláinte eile a rialáil. Déanann an t-údarás monatóireacht freisin ar shábháilteacht cosmaidí.
An Bord Taighde Sláinte
Is é an Bord Taighde Sláinte an phríomhghníomhaireacht in Éirinn a thacaíonn agus a mhaoiníonn taighde sláinte.
Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) freagrach as na seirbhísí sláinte poiblí a reáchtáil in Éirinn.
Is féidir liosta de na seirbhísí eile atá curtha ar fáil ag an FSS a aimsiú anseo.
Seirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann
Is í Seirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann an comhlacht reachtúil atá freagrach as an soláthar fola náisiúnta. Bunaíodh é le Ionstraim Reachtúil Uimh. 78 de 1965. Soláthraíonn an tseirbhís seo seirbhísí tástála agus fíocháin d’ospidéil agus tá sí freagrach as Clárlann Smior Neamhghaolmhar na hÉireann.
Comhairle na nDochtúirí Leighis
Déanann Comhairle na nDochtúirí Leighis na dochtúirí leighis in Éirinn a rialáil. Is é cuspóir na Comhairle ná an pobal a chosaint tríd an iompar gairmiúil agus an oideachas, oiliúint agus inniúlacht ghairmiúil d’ardchaighdeán a chur chun cinn i measc dochtúirí agus trí cinnte a dhéanamh de go nglacann dochtúirí leo uile.
An Coimisiún Meabhair-Shláinte
Cuireann an Coimisiún Sláinte Meabhrach ardchaighdeáin chun cinn i seachadadh seirbhísí meabhairshláinte agus cinntíonn sé go dtugtar cosaint do leasanna na ndaoine a ligtear isteach go neamhdheonach in Ionaid Cheadaithe.
Clárlann Náisiúnta Ailse na hÉireann
Tá an Chlárlann Náisiúnta Ailse ag bailiú faisnéise cuimsithí maidir leis an ailse le haghaidh mhuintir na hÉireann ó 1994 i leith. Úsáidtear an fhaisnéis a bhailítear i dtaighde faoi cad is cúis leis an ailse, i gcláir oideachais agus faisnéise, agus sa [external-linkhttps://health.gov.ie/wp-content/uploads/2017/07/National-Cancer- Straitéis-2017-2026.pdf | Straitéis Náisiúnta Ailse] chun an cúram ailse is fearr a chur ar fáil do phobal iomlán na tíre.
Bord Forbartha an Ospidéil Náisiúnta Péidiatraicigh
Tá an Bord Náisiúnta um Fhorbairt Ospidéal Péidiatraice freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fhoirgníocht [nasc seachtrach http://www.newchildrenshospital.ie/ | Ospidéal Náisiúnta na Leanaí. ] Is é an Cathaoirleach Eatramhach Tim Bouchier-Hayes an cathaoirleach agus is é David Gunning an Príomhoifigeach. Tá an taithí agus an saineolas ailtireachta, pleanála, innealtóireachta agus soláthair riachtanach ag baill an bhoird chun an tionscadal casta agus mór seo a thabhairt chun críche.
An Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála
Tá foireann an Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála, i gcomhar leis an Aonad Seachadta Speisialta, ag obair chun tacú leis an athchóiriú atá á dhéanamh ar an treochlár cúraim, sceidealta agus neamhsceidealtaaraon, a sholáthar i gcomhpháirtíocht leis na ceannairí cliniciúla agus bainistíochta go léir sna hospidéil éagsúla.
Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann
Is í príomhfheidhm an Bhoird Altranais agus Cnáimhseachais an pobal a chosaint trí oideachais agus oiliúna gairmiúla ar ardchaighdeán a dheimhniú.
Cumann Cógaiseoirí na hÉireann
Comhlacht reachtúil neamhspleách is ea Cumann Cógaiseoirí na hÉireann agus bunaíodh é faoin Acht Cógaisíochta, 2007. Tá sé freagrach as seirbhísí cógaisíochta in Éirinn a rialáil go héifeachtach, lena n-áirítear maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh an Achta.
An Chomhairle um Chúram Éigeandála Réamh-Ospidéil
Comhlacht reachtúil neamhspleách is í an Chomhairle um Chúram Éigeandála Réamh-Ospidéil a leagann síos na caighdeáin oideachais agus oiliúna don chúram éigeandála réamhospidéil in Éirinn. Foilsíonn an chomhairle treoirlínte cleachtais chliniciúil agus tugann sí deis d’institiúidí an oiliúint agus an t-oideachas cúraim éigeandála réamhospidéil a sholáthar.
Bia Sábháilte
Curtha ar bun faoi chomhaontú na Breataine-na hÉireann, is comhlacht forfheidhmithe uile-oileáin é Bia Sábháilte a bhfuil sainchúram ginearálta air chun an fheasacht agus an eolas ar shaincheisteanna maidir leis an tsábháilteacht bia agus cothaithe a chur chun cinn ar oileán na hÉireann.
I measc na ngníomhaíochtaí atá ag an gcomhlacht, áirítear:
- an tsabháilteacht bia a chur chun cinn
- taighde a dhéanamh ar an tsábháilteacht bia
- comhairle maidir leis an gcothú bia a chur in iúl
- an comhoibriú eolaíoch agus an idirnascacht saotharlainne a chur chun cinn
- an chomhairle eolaíoch neamhspleách a sholáthar
- athbhreithnithe dírithe ar thomhaltóirí a dhéanamh
An Bord Árachais Sláinte Shaorálaigh
Comhlacht reachtúil is é an Bord Árachais Sláinte Deonach, a dtugtar Vhi Healthcare air go coitianta, agus is é an tAire Sláinte a dhéanann na comhaltaí ann a cheapadh. Cabhraíonn sé le muintir na hÉireann chun rochtain a fháil ar an gcúram sláinte príobháideach agus ardchaighdeáin ar an luach is fearr is féidir agus leis an raon leathan táirgí agus seirbhísí cúram sláinte atá á tairiscint aige.
Is é an chuideachta árachais sláinte is mó in Éirinn.
Tá tuilleadh eolais le fáil faoi ceapacháin ar bhoird stáit atá faoi choimirce na roinne.